Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Ár ról

An Coiste um Achainíocha ón bPobal agus um na hOmbudsman

Tugtar deis do shaoránaigh leis an gcóras achainíocha idirghníomhú leis an gcóras parlaiminteach maidir le hábhair imní nó spéise ginearálta don phobal. Féadfaidh baill den phobal achainíocha a chur faoi bhráid an Chomhchoiste um Achainíocha ón bPobal agus um na hOmbudsman. Níl ach síniú amháin ag teastáil chun achainí a chur isteach.

Buaileann an Coiste le chéile gach coicís de ghnáth chun achainíocha a chuir daoine isteach a bhreithniú. Má tá achainí in ord, is féidir go n-iarrfaidh an Coiste fianaise ó bhéal nó i scríbhinn ó Ranna Rialtais ábhartha agus ó chomhlachtaí agus gníomhaireachtaí eile. Tá de chumhacht ag an gCoiste iarraidh ar Airí freastal ar chruinnithe agus ceisteanna faoin achainí a fhreagairt, agus féadfaidh sé freisin iarraidh ar an achainíoch labhairt faoin ábhar.

Leis an gcóras achainíocha parlaiminteach seo, tugtar ardán tábhachtach do dhaoine aonair chun páirt a ghlacadh sa phróiseas daonlathach, tríd an bpróiseas achainíocha. Tá baill den phobal in ann a n-ábhair imní i dtaobh beartais a thabhairt go díreach chuig croí na Parlaiminte agus dul i bhfeidhm ar an gclár oibre parlaiminteach.

Foráiltear bunú an Chomhchoiste um Achainíocha ón bPobal agus um na hOmbudsman i mBuan-Orduithe Dháil Éireann agus i mBuan-Orduithe Sheanad Éireann.

Barr
Roinn