Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Ár ról

Roghchoiste an tSeanaid um Ghrinnscrúdú ar Dhréacht-Ionstraimí Reachtúla a Bhaineann le AE

Is é feidhm Roghchoiste an tSeanaid um Ghrinnscrúdú ar Ionstraimí Reachtúla a Bhaineann le AE scrúdú a dhéanamh ar thograí maidir le hionstraimí reachtúla, arna ndéanamh faoi alt 3 d’Acht na gComhphobal Eorpach 1972, lena dtrasuífear Treoracha AE i ndlí na hÉireann. Féadtar a chuid orduithe tagartha a fháil anseo.

Tar éis dó scrúdú a dhéanamh ar dhréacht-ionstraim reachtúil, féadfaidh an Coiste a chinneadh í a chur faoi bhráid an chomhchoiste earnála ábhartha lena grinnscrúdú ar shlí níos mionsonraithe.

Cuireadh Roghchoiste an tSeanaid um Ghrinnscrúdú ar Dhréacht-Ionstraimí Reachtúla a Bhaineann le AE ar bun an 7 Nollaig 2022.

Barr
Roinn