A Chinn Chomhairle agus a lucht na Dála, is eól dúinn go bhfuil congnamh ag teacht chughainn le fada ó gach áird;tá congnamh fé leith ag teacht chughainn le fada ó Mheirioca agus anois tá an congnamh san níos mó agus níos tréine ná mar bhí sé riamh.
Tá Coimisiún anso i láthair indiu ó n-ár gcáirde i Merioca; chun cabhair do thabhairt dár gcúis a thángadar, agus cuirim os bhúr gcóir go gcuirfear gnáth-riaghalacha na Dála so i leithtaoibh go fóil, i dtreó go dtiocfadh an Coimisiún os comhair na Dála agus go dtabharfadh siad cúntas dúinn ar an obair atá ar siubhal ag ár ndaoine thar lear.