Deir na cigirí i gcoitchinne nach bhfuil aon amhras ná gur tugadh céim mhaith chun tosaigh i múineadh na Gaedhilge san nGalltacht, agus gurab iad na "Nótaí do Mhúinteoirí" agus éadtromú an chláir fá deara sin, agus molann siad dúthracht agus deagh-thoil no n-oidí i gcoitchinne. Ach má tá feabhas ar an nGaedhilg, an chaoi a múintear í agus an chaoi a labhartar í i gcuid mhaith de na scoltacha, níl sí, ámhthach, ach ina h-adhbhar léighinn san gcuid is mó de na scoltacha go fóill i n-áit a bheith á labhairt ag aos óg taobh amuigh den scoil, ar an mbóthar chuig an scoil agus ar an bhfaithche imeartha; agus an fhaid is amhlaidh tá sí, ní féidir a rádh go bhfuil sí ag breith treise ar an mBéarla. Agus ins na scoltacha a mbíonn furmhór na n-ádhbhar á múineadh tré Ghaedhilg is minic nach í an Ghaedhilg a bhíos le cloisint agus na páistí ag súgradh leo féin.
Tá tuilleadh oidí ag baint feidhme as drámaí mar mhódh múinte na teangan. Cuireann na páistí suim san ngnó so agus bíonn toradh air dá réir.
Deir Roinn-Chigire san nGalltacht—"Tríd is tríd chítear do sna cigirí go bhfuil spiorad níos fearr agus a thuilleadh misnigh ag teacht ag oidí agus ag daltaí i dtaobh na Gaedhilge— go bhfuil sórt breacadh an lae ann i gceart fé dheire i saoghal na mbun-scol."
Tá cuid de na cigirí ámhthach gan bheith ró-shásta le múineadh na Gaedhilge i ranga na Naoidheanán.
An chomhairle oifigeamhail a bhaineas leis an nGaedhilg d'úsáid mar chóir mhúinte tá sí curtha síos go mion agus go cruinn san imlitir a cuireadh amach i Mí na Samhna, 1931. Moltar do'n oide gnáth-theanga an ranga a dhéanamh de'n Ghaedhilg i dtosach agus í d'úsáid taobh amuigh de'n teagasc san mion-chainnt a bhaineas le órduighthe, le teachtaireachta beaga, le comhairle, le smacht, &rl., sul a mbainfí feidhm aisi mar theanga an teagaisc.
Is fíor, ámhthach, go dtugann oidí amannta iarracht ar na h-ádhbhair a mhúineadh tré Ghaedhilg agus gan a ndóthain eolais ar an nGaedhilg ag na páistí. Cuireadh i leith na gcigirí go mbíonn siad ag gríosadh na n-oidí chun gabháil do'n mhúineadh tré Ghaedhilg áit nach ceart, ach ní dócha go bhfuil bun leis.
Sé baramhail na geigirí tré chéile go bhfuil an líon seol a múintear an chuid is mó de na h-ádhbhair léighinn tré Ghaedhilg ag dul i méid diaidh ar ndiaidh. "Maidir le múineadh tré Ghaedhilg," arsa cigire, "tríd is tríd bhí an oiread á dhéanamh i bhfurmhór na scol as do b'fhéidir agus bhí na h-oidí fonnmhar i gcoitchinne." Tá ceanntracha ann a múintear gach ádhbhar tré Ghaedhilg san gcúigeadh cuid nó mar sin de na scoltacha, ach tá ceanntracha eile ann nách mbítear ag múineadh na n-ádhbhar uile tré Ghaedhilg ach i bhfó-scoil go fóill. Ach tá roinnt mhaith scol i ngach ceanntar a bhfuil cuid de'n teagasc á thabhairt tré Ghaedhilg agus an méid sin á leathnú amach gach bliain. San mBreac-Ghaedhealtacht is mó a bhfuil an dul chun cinn ann. Tá na cigirí sásta go mbíonn toradh maith leis an teagasc tré Ghaedhilg i gcoitchinne, go mbíonn na páistí i ndon an teagasc do leanamhaint go réidh, agus go mbíonn for-fhás intleachta le mothú de thairbhe na h-oibre.
Ní mór bheith ag cuimhneamh nach féidir bheith ag súil le caighdeán chomh h-árd san mBéarla is a bhí roinnt blian ó shoin. Mar sin féin múintear an Béarla le h-éifeacht, cé nach múintear an aithriseoracht agus an ghramadach go tuigseanach ina lán scol, agus ní deantar cóimhcheangal idir gramadach na Gaedhilge agus gramadach an Bhéarla. I gcuid de na scoltacha claoidhtear an iomarca le léigheadh ós árd ins na hárd-ranga i n-ionad na páistí a chur ag tóruigheacht eolais agus smaointe dóibh féin as na leabhraibh.
Tá scríobhadh an Bhéarla go maith i gcoitchinne cé gur minic go mbíonn dearmhad litrighthe ro-fhairsing sna h-aistí. Amannta cuirtear na páistí ag scríobhadh ar ádhbhar leamh comónta, agus is annamh a músgailtear samhlaidheacht an pháiste mar ba chóir.
Mar gheall ar éadtromú an chláir ní múintear Ailgéabar nó Céimseata de ghnáth ach ins na scoltacha móra do bhuachaillí, agus bhíonn toradh réasúnta maith leis an teagasc i gcoitchinne.
Múintear an uimhridheacht go sásamhail nó go cuibheasach sásamhail i bhfurmhór na scol. Tá sé de locht ar an dteagasc i gcuid mhaith scoltacha fós go mbítear ag brath rómhór ar mhianach na dtéacs-leabhar agus go mbíonn an teagasc rótheibidhe agus ró-dheigilte amach ó shaoghal na scoláirí.
Is beag athrú a tháinig ar thoradh an tsaothair ins na h-ádhbair léighinn eile ó scríodhadh an tuarascabháil deiridh.
Ag tagairt do scéim an dá phúnt, do céad-chuireadh an Scéim seo ar bun sa scoil-bhliadhain 1933-34, agus bhí ar bun arís i gcóir na scoil-bhliadhna 1934-35.
Ar a shon nach bhfuil ach breis bheag ar dhá bhliadhain ó deineadh an Scéim do chur ós chomhair an phobhail, ní misde a rádh go bhfuil athrughadh tuisciona maidir le labhairt na teangain tagaithe dá barr chun an phobail ins na ceanntracha Gaedhealacha, agus go bhfuil toradh fighanta cheana féin le feidhm na Scéime sin (dá ghiorracht é ó tosnuigheadh lei) chun an Ghaedhilg do chur fé mheas agus í choimeád mar bheo-theangain ins na h-áiteanna Fíor-Ghaedhealacha agus í chur dá labhairt ath-uair i n-áiteanna 'na raibh an Béarla ag gabháil nó gabhtha lastuas di go dtí so. Tá áiteanna 'na raibh an Béarla le cloisint chomh coitchiannta leis an Ghaedhilg dá bhliadhain ó soin, go bhfuil an Béarla curtha ar ceal anois ionnta agus áiteanna eile gur fánach an uair go dtí le goirid a cloistí an teanga Ghaedhilge ach ó bhéalaibh na sean-daoine, agus anois tá an Ghaedhilg á h-úsáid go coitchiannta mar ghnáth-urlabhra 'na lán tighthe.
Tá de thoradh na Scéime seo i 12 Scoil-cheanntracha, a áirmhigheadh go dtí so mar Ghaedhealtacht, go bhfuil an Ghaedhilg dá labhairt coitchiannta anois i dtighthe na nadaoine agus go bhfuil sí ag an aos óg ag teacht ar scoil an chéad lá dhóibh. Áirmhightear anois na scoil-cheanntracha sin mar Ceanntracha Fíor-Ghaedhealacha fé Riaghail 121 de'n Chórus. Tá ceithre cinn des na scoil-cheanntracha san i dTír Chonaill; ceithre cinn díobh i gConndae na Gaillimhe, trí cinn díobh i gConndae Chiarraighe agus ceann amháin i gConndae Phortláirge.
D'fhonn comparáid do dhéanamh idir an scéal mar a bhí bliadhain ó shoin agus mar atá anois seo an méid páistí gur tuilleadh an deontas ortha i n-aghaidh na scoil-bhliadhna sin, 1933-34:
Fíor- Ghaedhealtacht.
|
Gaedhealtacht.
|
Breac- Ghaedhealtacht.
|
Iomlán.
|
7,279
|
1,385
|
270
|
8,934
|
agus san 1934-35:
Fior- Ghaedhealtacht.
|
Gaedhealtacht.
|
Breac- Ghaedhealtacht.
|
Iomlán.
|
8,098
|
1,599
|
485
|
10,182.
|
Chífear gur tuilleadh an deontas ar 1,248 páistí bhreise 1934-35 seachas mar ar tuilleadh i 1933-34, agus go bhfuil níos mó ná 10,000 páiste i gceist i mbliadhna.
Is cúis mhór imnidhe dúinn an oiread sin fear a bheith tréineálta mar oidí ins na bliadhanta deireannacha seo agus gan obair sheasmhach le fagháil aca go fóill ins na Scoltachaí Náisiúnta. Mar gheall ar sin, laigheaduigheadh líon na mac léighinn i gColáistí na bhFear sa bhliadhain 1935; agus déanfar laigheadú is mó ná sin má meastar é bheith riachtanach chun an scéal do léigheas.
Tá athrú tábhachtach amháin déanta ar an modh iontrála go dtí an Coláiste Oileamhna ó tugadh na meastacháin isteach anuiridh. 'Séard ba chúis leis seo go bhfuil líon na n-iarrthóirí a thagas isteach ar chomórtas oscailte ag dul i méid ó bhliain go bliain le roinnt bhlianta anuas agus go bhfuil na h-iarrthóirí féin ag dul i bhfeabhas freisin.
Tá de thoradh air seo anois gur leor ann féin an scrúdú oscailte seo i dteannta scéime na gColáistí Ullmhúcháin leis an méid iarrthóirí a bhéas ag teastáil in aghaidh na bliana chun na háiteacha nach mbeidh curtha in áirithe do Chéimidhthe Ollscoile, do Oidí Conganta Neamh-oilte, etc., a líonadh, agus an scéal mar sin ní bheidh gádh feasta le scéim na Scoláiroidí.
Maidir leis an Scrúdú Comórtais Oscailte le gabháil isteach ins na Coláistí Oileamhna agus leis an Scrúdú i gcóir cáilíochta mar Oide Conganta neamh-oilte agus mar fó-Mháighistreás Conganta, 'séard atá sa scrúdú ar a dtugtar "Scrúdú Iontrála na gColáistí Oileamhna," scrúdú um Cháisc agus scrúdú na hArd-Teistiméireachta i Mí Mheithimh.
Táthar sásta i mbliana freisin le méid agus le feabhas na n-iarrathóir a chuireas isteach ar an scrúdú seo. Is dócha gur toisc an deacracht a bhaineas le posta fháil le cúpla bliain anuas a tháinig laghdú ar an méid fear a chuir isteach ar an scrúdú sa mbliain 1935. Maidir leis an scéal seo tá fógra tugtha nach mbeidh ach uimhir bheag áit ins na Coláistí Oileamhna sa gcomórtas oscailte bheas ann i Meadhon Foghmhair na bliana 1936 do fheara.
Leantar i gCurriculum na gColáistí Oileamhna de'n chúrsa a leagadh amach sa gClár nua a tugadh isteach i dtús an tSéisiúin 1932-33. Is thríd an nGaedhilg a tugtar an teagasc, thríd is thríd, agus 'sí an Ghaedhilg an teanga a labhartar ins na Coláistí go léir, cé's moite de chúpla adhbhar i gColáiste amháin, áit a bhfuil cor neaghnáthach ar an scéal, agus tá súil againn gur cor sealadach é sin.
I gcás na mac léighinn ins na Coláistí Ullmhúcháin fritheadh caighdeán an-árd i scrúduighthe na h-Árd-Teistiméireachta agus na Meán-Teistiméireachta ó 1929 go 1934, agus fritheadh an t-árd-chaighheán céadna sa bhliadhain 1935. Is fiú tagairt a dhéanamh do'n nidh seo; as na 853 de mhic léighinn ó na Coláistí sin a chuaidh faoi Scrúdú Árd-Teistiméireachta na Meán-Scol i rith na sé mbliadhan seo caithte, d'éirigh le 99% díobh pas do ghnóthú, agus d'éirigh le ós cionn 95% díobh pas le h-onóracha do ghnóthú. Is breágh ion-mholta an toradh é sin.
Tugadh míniú cheana nuair a bhíodh na meastacháin seo dá bpléidhe ar na scéimeanna speisialta atá i bhfeidhm chun cabhruighthe le mic léighinn bhochta ó'n bhFíor-Ghaedhealtacht chun dul le múinteoireacht.
De thoradh na Scéimeanna seo tá méadú maith tagtha ar an líon iarrthóirí ó na ceanntair sin a chuireas isteach ar an scrúdú le cúpla blian anuas. Sa mbliain 1935 chuir 360 iarrthóir ón bhFíor-Ghaedhealtacht isteach ar an Scrúdú Iontrála, i gcomparáid le 100 duine chuir isteach ar Scrúdú na bliana 1931.
B'aoirde meán-chaighdeán na bhfreagraí a thug na hiarrathóirí ón bhFíor-Ghaedhealtacht ag an Scrúdú Iontrála sa mbliain 1935 ná i n-aon bhliain roimhe sin; d'éirigh le 55% an marc cáilíochta a bhaint amach i gcomparáid le 51% sa mbliain 1934 agus le 42% sa mbliain 1933.
Tá an meadhon-tinnreamh ag Scrúduighthe Teastais na mBun-Scol beagáinín fá bhun 11,000 fós, agus tá meadhon-uimhir na bpas beagáinín fá bhun 8,000. B'iad na neithe ba shásamhla dár bhain le scrúdú na bliadhna 1935 gur mhó de na mic léighinn gur éirigh leo ná sa mbliadhain 1934, cé gur lugha an méid scoláirí a bhí istigh air, agus nach bhféadfaí aon locht d'fhagháil ar an gcuma a ndearnadh an mharcáil, ach amháin i gcorr-chás. Ach tá an gnáth-thinnreamh gan bheith chómh sásamhail fós agus ba mhaith le duine. Coimeádann an Príomh-Chómhchoiste (de chigirí agus de mhúinteoirí) caighdeán na marcála fá riaghail, agus ní raibh an oiread céadna teachtaidhthe ar an gcoiste sin agus bhí bliadhanta roimhe seo.
Cé nach dtáinig aon mhéadú ar uimhir na gCómhairle a raibh scéimeanna scoláireachta á n-oibriú aca fá'n acht um Rialtas Aitiuil (Forálacha Sealadaca) 1923, sa mbliadhain 1935, (.i. 24 Cómhairleacha Conntae agus Cómhairleacha Conntae-Bhuirge), tá dul ar aghaidh seasmhach á dhéanamh i mbliadhna. Tá scéimeanna á gcur ar bun i gConntae Chill Dara agus i gConntae Chill Mhanntain, i dtreo go mbeidh scoláireachtaí á n-oibriú ag 26 Cómhairleacha den 31 Chómhairle atá ann ar fad. Is iad na cúig conntaethe seo leanas na conntaethe nach mbeidh scéimeanna scoláireachta á n-oibriú aca: Conntae Cheatharlach, Conntae an Chláir, Conntae Luimnigh, Conntae na Midhe agus Conntae Phortláirge.
Bhí 1,590 iomaidhtheoir fá scrúdú sa mbliadhain 1935, i gcomparáid le 1,371 sa mbliadhain 1934, ach thuit an méid ar éirigh leo marc cáilidheachta na scoláireachta do bhaint amach ó 597 go dtí 496.
Bhí cúig ath-chomhare seascad (65 ath-chomhare) i gcoinne tuarascbhála a rinneadh faoi chigireacht ghenearálta ar obair oidí fá leith. Bhí naoi gcinn de chruinnighthe ag an mBord Ath-Chomhairc le breith a thabhairt ar na cásanna seo.
Meán-oideachas.—Insan scoil-bhliadhain 1934-35 bhí 319 meadhon-scoil ag obair fá'n Roinn, agus 33,499 scoláire ar na rollaí aca. Is breis de 5 scoil agus de 1,115 scoláire é sin ar uimhreacha na bliadhna 1933-34, agus bhí 3 scoil agus 1,418 scoláire de bhreis ag an mbliadhain sin ar an mbliadhain a ghabh roimpi. Tá éifeacht sna huimhreacha sin, mar teasbáineann siad an dul ar aghaidh atá á dhéanamh i gcúrsaí Meadhon-Oideachais agus an forfhás atá air le roinnt bhliadhan anuas.
Is cúrsaí imnidhe don Roinn, ámhthach, go bhfuil scoltacha ann go bhfuil fonn ar lucht scoltacha an iomarca ainmneacha do chur ar na rollaí i gcuid de na ranga, go mór mór na bun-ranga, le tamall anuas. Do rinneadh iarracht ar é sin do leigheas le cigireacht agus le riarachán, agus cuireadh riaghail nua i Riaghlacha na bliadhna 1934-35 ina gcuirtear i dtuigsint nach measann an Roinn gur leor an fhoireann múinteoireachta chun obair na scoile do dhéanamh má bhíonn oiread san scoláirí in aon rang agus nach féidir an teagasc do dhéanamh go héifeachtamhail.
Foirgnithe.—Tá furmhór mór na dtighthe sgoile go breágh fairsing áirgeamhail. I ngeall ar líon na ndaltaí do bheith ag dul i méid tá roinnt mhaith sgol arbh éigin foirgnithe nuadha a thóigeáil ionnta le cúpla bliadhain anuas, agus is mór an chreideamhaint do lucht ceannais na sgol sin an chaoi a ndeárnadh an obair.
Gléas agus fearras.—Maidir le gléas agus fearras is mó cloistear clamhsán faoi na trí hádhbhair seo ná faoi ádhbhair ar bith eile—Stair, Tíreolaidheacht, Tráchtáil. Tá roinnt mhaith sgoltach gan na fearaistí riachtanacha ionnta leis na hádhbhair sin do theagasg sa cheart—iliomad léarsgáileann, cairteacha, trodáin, &rl.
Leabhra agus leabharlanna.—Do réir a chéile tá lucht stiúrtha na sgol ag glacadh leis an mbaramhail gur mór amach an chabhair don teagasg leabharlann mhaith de leabhraí creideamhnacha ughdarásacha bheith ar fagháil i ngach sgoil, agus is ar éigin má tá sgoil ar bith anois gan iarraidh éigin bheith déanta ar leabharlann a chur le chéile innte.
I gcuid de na sgoltacha ceaptar gurbh am amudha an t-am a chaithfeadh daltaí ar léightheóireacht ghinearálta, agus uime sin ní spreagtar iad chun feidhm cheart do bhaint as an leabharlainn, agus ní tugtar dóthain ama dóibh le sin a dheanamh, ach tá sgoltacha den chineál sin ag dul i dteirce i n-aghaidh na bliadhna.
An Ghaedhilg.—Tá an Ghaedhilg ag breith léi ó bhliadhain go bliadhain, ach tá dhá ní a mbudh deacair do mhúinteoirí agus do dhaltaí nár tóigeadh le Gaedhilge a dtabhairt leo sa cheart—an fhoghraidheacht agus dúthchas na teangadh. Tá an fhoghraidheacht ag feabhsú go mór ach tá puinntí áithride ina mbíonn sí lochtach ar uairibh go fóill. Is fíor go dtéigheann a lán de na múinteoirí'un na Gaedhealtachta gach bliadhain agus go mbíonn a bheag nó a mhór de chainnteoirí dúthchais i gcuid de na sgoltacha. Ach do réir chosamhlachta níor tugadh aghaidh i gceart ar dheacrachtaí na foghraidheachta go dtí seo. Is beag sgoil 'na mbíonn r chaol sa gceart aca, ná ng, ná ch ná na leithreacha dúbalta (ll, nn), agus is minic na múinteoirí féin gach uile phioc chomh faillightheach leis na daltaí. Daltaí a tóigeadh le Béarla ní thabharfaidh siad na fuaimeanna sin leo go deo gan an-chuid teagaisg agus taithighe. Bheirtear fá deara, freisin, go mbíonn an Ghaedhilg lag tanaidhe agus dul an Bhéarla uirthe ina lán de na sgoltacha.
Níor mhór a thuigsint go mbíonn dúthchas ar leith ag gabháil le gach teangaidh agus dá réir sin go bhfuil a bhealach nádúrtha féin ag an nGaedhilgeoir le oidheam nó smaoineadh a chur i dtuigsint.
Ní féidir teacht ar an mbealach nádúrtha sin gan tréimhse réasúnta fada a chaitheamh san nGaedhealtacht agus san am gcéadna staidéar doimhin a dhéanamh ar litridheacht na Gaedhilge, go háithrid ar na leabhraí atá sgríobhtha ag cainnteoirí dúthchais an lae indiú.
Tá nós ag teacht chun cinn i gcuid de na sgoltacha .i. socrú a dhéanamh chun sgata maith de na daltaí a chur 'un na Gaedhealtachta gach bliadhain. Ba bhreágh an sgéal dá leathnuigheadh an nós sin amach ar na sgoltacha uilig, nó dá bhféadfaí gluaiseacht mhór a bhunú a mbéadh ina chuspóir aice an t-aos óg a chur tamall chuig an nGaedhealtacht sul má fhágann siad na meadhon-sgoltacha. Chuirfeadh sé sin an chloch mhullaigh ar an obair ar fad.
Tá ag éirghe go maith leis na lánchúrsaí, agus ag na Sgrúduighthe i Mí
Mheithimh, 1935, do thóig 78% de na buachaillí agus 87% de na cailíní páipéar an lán-chúrsa san Árd-Teistiméireacht; san Meadhon-Teistiméireacht do thóig 54% de na buachaillí agus 74% de na cailíní páipéar an lán-chúrsa. San Árd-Teistiméireacht fuair 98.7% de na cailíní Pas agus fuair 78% aca Onóracha ar an lán-chúrsa; fuair 99% de na buachaillí Pas agus fuair 78% aca Onóracha. San Meadhon-Teistiméireacht, lán-chúrsa, fuair 83.7% de na buachaillí Pas agus 35.3% aca Onóracha; fuair 87.6% de na cailíní Pas agus 38.7% aca Onóracha.
1935-6:—
|
|
Iarrataisí ar Roinn A
|
78
|
Iarrataisí ar Roinn B1
|
45
|
Iarrataisí ar Roinn B2
|
70
|
Bhí méadú, freisin, ar an líon páipéar a freagruigheadh i nGaedhilge.
Le roinnt bhliadhain anuas tá sé de ghnás ag cuid mhaith de na scoltacha drámaí Gaedhilge do thabhairt do na mic léighinn chun staidéar do dhéanamh ortha agus iad do léiriú, agus bhí a leithéid sin de dheaghthoradh ar an obair sin gur cheap an Roinn cigire sealadach chun timthireacht do dhéanamh agus chun treoir do thabhairt do bhainisteoirí agus do mhúinteoirí. Thug sé congnamh dhóibh chun cluichí feileamhnacha do thoghadh agus chun na deacreachtaí a bhain leis an léiriú do réidhteach.
Ná hábhair léighinn. — Do réir chosamhlachta is beag dúthracht a caithtear le foghraidheacht na nuadhtheangthach, Frainncis agus Gearmáinis ins na sgoltacha, agus is beag de na teangthacha sin a léightear taobh amuigh de'n téacs a bhíos dá léigheamh san ranng.
Ghníthear obair mhaith san Matamaitic i sgoltacha na mbuachaillí agus tá ag méadú ar an líon daltaí as na sgoltacha sin a thóigeas an Cúrsa Onórach san Árd-Teistiméireacht. I sgoltacha sin na gcailíní is beag athrú a tháinig de bharr na ngearr-chúrsaú san méid a bhaineas le modha múinte ná leis an méid oibre a ghníthear. I gcuid mhaith de na sgoltacha sin séard a ghníthear ná leanamhaint den lán-chúrsa san rang agus annsin tóigeann na daltaí páipéar an ghearr-chúrsa san sgrúdú.
Múintear an Stair agus an Tíreolaidheacht go maith i bhfromhór mór na sgoltach. Is minic, ámhthach, a gheibhtear amach ins na sgrúduighthe go mbíonn freagraí de ghlainmheabhair ag na daltaí sa Stair, agus is minic a chuirid féin giotaí beaga isteach a theasbáineas nach dtuigeann siad ar chor ar bith an stuif a bhíos de ghlain-mheabhair aca. I gcás na Tíreolaidheachta sé an taobh Matamaiticeach de'n ádhbhar is lugha a ndéantar cúram de ins na sgoltacha.
Tá bail an-mhaith ar theagasg na Laidne agus na Gréigise i gcuid de na sgoltacha. Is beag sgoil, ámhthach in a gcaithtear dúthracht mar budh cheart le Stair na Gréige ná le Stair na Róimhe, agus is annamh baintear an fheidhm cheart as an Stair ná as an litridheacht le saoghal na ndaoine san am sin do léiriú do na daltaí. Tá roinnt sgoltach nár thoisigh ar an Laidin go dtí le goirid; táid sin ag dul ar aghaidh go maith, ach amháin go luightear ro-mhór ar Ghramadaigh agus ar Cheapadóireacht ionnta agus ní deintear dóthain den Laidin a léigheamh.
Do réir chéadchodáin is mó de na cailíní ná de na buachaillí a thóigeas Eolaidheacht mar ádhbhar ins na sgoltacha. Formhór mór na gcailíní a thóigeas Eolaidheacht sé an Fearachas Tighe a thógaid, agus dár ndóigh sin mar is ceart é. Tá sé le tabhairt fá deara ar an obair ins na sgoltacha agus ar an bhfreagairt ins na sgrúduighthe go bhfuil faillighe dá dhéanamh le goirid anuas san saothar praitieeamhail.
Cé go múintear ceol go maith ina lán de na sgoltacha, go háithrid ins na Clochair, is beag dalta a thóigeas an Ceol mar ádhbhar ins na sgrúduighthe sgríobhtha. An beagán a tóigeas e eirigheann go rí-mhaith leo.
Tá an Roinn ag cuimhneamh le tamall ar athchóiriú do dhéanamh ar Chlár Oibre na Meadhon-Scol i gcaoi agus gur mhóide an rogha ádhbhar a bheadh ag na scoltacha, agus chun na Riaghalacha i gcoitchinne do shimpliú. Dála an scéil sin, do mhol an Roinn, i Mí Nodlag, 1935, neithe áirithe chun an clár do leasú, do Chumainn éagsamhla bainisteoirí agus múinteoirí, agus do hiarradh ortha a dtuairimí ina dtaoibh sin do chur in iúl.
Ceárd Oideachas. —Tháinig a thuillcadh fáis agus éifeachta san Oideachas leanúnach agus sa Cheárd-Oideachas ins an tSeisiún seo caithte 1934-5. Foscladh scoltachaí nua i n-áiteacha, agus i n-áiteacha eile rinneadh méadú ar na scoltachaí a bhí ann cheana. Cuireadh a thuilleadh múinteóir i geionn teagaisc—rud a b'éigean a dhéanamh le riar do'n fhás a tháinig ar na ranganna. Ceannuigheadh a thuilleadh feistis agus oirnéise scoile le h-aghaidh na scoltach san do réir mar bhí riachtanach. D'aindeoin a bhfuiltear a chur 'á dtógáil de scoltachaí nua, tá ceanntair ann gan aon scoil de'n chineál fós, agus tá na daoine ag iarraidh ar na Coistí GairmOideachais scoltachaí do chur ar fagháil ionnta. Tá tuigsint ag an bpobal i gcoitchinne anois ar a thábhachtaighe atá sé scéim ceart CeárdOideachais agus Oideachais leanúnaigh a bheith ar fagháil agus tá tuigsint aca freisin ar an sochar a thig as dóibh siúd atá ar lorg oibre agus do na daoine atá ag obair cheana. Tá iarraidh níos mó ag teacht ar an oideachas seo ins na ceanntair tuaithe; agus is maith céillidhe an obair atá dhá déanamh ag furmhór na gCoiste tuaithe leis an riachtanas a fhreastal. Furmhór na gCoiste, tá siad díbhfeirgeach dlúthasamhail; cuireann siad an tsuim cheart ins an obair atá faoi n-a stiúir, agus ní mór leó airgead do caitheamh ar scéimeanna a chuirfeadh an t-oideachas chun cinn mar ba cheart.
De ghnáth, bheir na Coistí seo roinnt mhaith fhial de scoláireachtaí chun na Gaedhealtachta, agus bheir a lán aca scoláireachtaí uatha chun na Scoltacha Comhnuighthe le h-aghaidh Tioghbhais. I gConndae na Gaillimhe agus i gConndae Luimnigh, tá scéimeanna scoláireacht ann chun mic léighinn tuaithe a chur chuig Ceárd-scoltacha na gCathrach, an áit a mbíonn áiseanna agus gléasaí nach mbéadh sa bhaile aca. Obair an-tábhachtach í sin, agus ba chóir féachaint le n-a leitheid a dhéanamh i n-áiteacha eile. I gConndae Chille Dara agus ins an Trian Theas de Thiobrad Árann cuireadh mic léighinn as ceanntair chúil chuig scoltacha ina bhfaigheadh siad oideachas ní b'aoirde ná b'fhéidir a thabhairt sa bhaile dóibh. I gConndae Mhuigh Eó rinneadh a thairgsint le déidheanaighe go gcuirfidhe ceithre scoláireachtaí ar bun chun congnamh do thabhairt do na mic léighinn ins na scoltacha le dul le printíseacht i n-obair innealltóireacht gluaisteáin; agus i gConndaethe eile, freisin, bhíothas ag lorg eolais fá scéimeanna de'n tsaghas chéadna.
Ins na Conndae-bhuirgí agus ins na bailte móra tá eagar maith curtha ar na Cúrsaí leanúnacha. Na Scéimeanna Oideachais atá ceaptha ins na h-áiteacha san, fágann siad cuid mhór cúrsáí ag na mic léighinn le rogha a bhaint asta; agus bíonn na cúrsaí sin orreamhnach do'n Cheanntar, maidir le h-oideachas i gcoitchinne agus le h-oideachas Tionnscalach. Mar gheall ar Chúrsaí Leanúnacha atá oireamhnach a bheith curtha ar fagháil ins na cathracha, agus fós mar gheall ar na scoltacha nua a cuireadh ar bun, tá líon na mac léighinn ag méadú go mór mar is léir ó na figiúirí le h-aghaidh na bliadhna 1934-35.
Ta scoltacha i mórán áiteacha, agus mar gheall ar iad bheith ró-bheag agus mar gheall ar laighead na múinteóir, ní féidir go leór cúrsa oireamhnach bheith ionnta. Ins na ceanntair tuaithe go mór atá sin amhlaidh, ach tá furmhór na gCoiste Gairm-Oideachais ag brath féacháil leis an deacracht sin a réidhteach. Is maith an comhartha a lán tairgsint bheith déanta ag na Coistí chun scoltacha dhá sheomra nó scoltacha thrí seomra a chur ar fagháil i n-áiteacha tuaithe. Is deacair múinteóirí oilte foirbhthe d'fhagháil chun Tuaith-Eolaidheacht agus ádhbhair eile de'n chineál sin do mhúineadh. Ar an adhbhar sin tá cúrsaí curtha ar bun ag an Roinn chun múinteóirí d'oileamhaint ins na h-adhbhair léighinn sin.
Maidir le cúrsaí leanúnacha a bhíonn ar siubhal i rith an lae, tá ag éirghe go maith leo. Ins na scoltacha nua sa Chaisleán Nua agus i n-Ospidéal Ghleann Áine i gCo. Luimnighe, cuireadh ar bun cúrsaí a d'oirfeadh go speisialta do'n tuaith; agus cuireadh píosaí talaimh ar fagháil chun cleachtadh na h-oibre féin a thabhairt do na mic léighinn mar aon leis an gcleachtadh sa tsaotharlainn agus leis an teagase eile a bhí le fagháil ins na ranga ar chúrsaí Tuaith-eolaidheachta. An clár oibre atá i bhfeidhm sa scoil nua a foscladh i mBuidheachair, an seisiún seo caithte, tá sé curtha i n-oireamhaint go speisialta do'n tuaith, freisin. Bhain na mic léighinn úsáid mhaith as an bpíosa talaimh atá ag gabháil leis an scoil chun glasraí agus barraí gráin do chur ar fagháil. I nDún Seachlainn tugadh teagasc i gcoinneáil éanlaithe agus i gcoinneáil beach—rud a chuir go mór le h-éifeacht an chúrsa le h-aghaidh na tuaithe. Tá roinnt mhaith talaimh ag an scoil seo, agus tá cáil ag éirghe uirthi mar gheall ar an méid cineál barr a baintear de'n talamh san. An scoil atá i n-Ath Fhirdiadh i gCo. Lughmhaidh, tá sí ag obair go maith agus bíonn mic léighinn go leor le fagháil aici.
Roimhe seo níor bh'fhuras cailíní fhagháil le freastal a dhéanamh ar na ranganna lán-aimsire i rith an lae le h-aghaidh cúrsaí Tioghbhais; ach tá an deacracht sin ag imtheacht do réir a chéile.
Táthar ag tabhairt isteach modhanna nua chun cabhruighthe leis na mic léighinn ins na scoltacha is fearr eagar. I dtéarma na Cásca sa bhliadhain 1934-5, rinneadh a leithéid seo i gCeárd-Scoil Ráth Maonais. Na mic léighinn a raibh an t-árd-chúrsa leanúnach i dTráchtáil ar siubhal aca, thug na múinteóirí leo iad go bhfaca siad an obair a bhí ar siubhal i gcuid de na foirgnimh mhóra Tionnscail agus Tráchtála. Tugadh iad chuig na h-áiteacha so leanas:—Scéala Eireann, Messrs. Willwood, Messrs. Jacob and Co., an t-Irish Independent, Monarchain Tobac Mhessrs. Wills', agus Monarchain Gallúnaigh Mhessrs. Lever. Is mór a chuidigheas cuairteanna mar sin le tréineáil na scoláire; agus, aon áit ar féidir é, is ceart cuairteanna de'n chineál a chur ar bun—go h-áirighthe i n-ionaid i n-a bhfuil aon tionnscal tábhachtach ar bun.
De thoradh socruighthe a rinneadh leis an Príomh-Oide i Scoil na Tráchtála i gCathair Chorcaighe, tugadh buidheanta de na mic léighínn as an scoil sin ar cuairt chun na leabharlainne.
Ins na cathracha agus ins na bailte móra is fiú suim a chur i n-oibriú na mBureau Feadhmanais; óir, do réir na dtuarascabháil atá ar fagháil, tá méadú ag teacht gach bliadhain ar an méid postaí atá le fagháil ag scoláirí oilte thríid an meadhon san. Deir eigire amháin go bhfuil "obair antábhachtach dá déanamh sa tslighe seo i gConndae Choreaighe." I n-a lán áiteach i n-ar cuireadh gluaiseachtaí tionnscalacha ar bun, bhí na Príomh-Oifigigh Feidhmiúcháin agus na h-Ard-Mhaighistrí ar na daoine ba mhó a chuir suim sna gluaiseachtaí sin agus a ba mhó a thug congnamh uatha.
Is léir ó thuarascabhála na gcigirí gur hárduigheadh caighdeán an teagaisg i rith an tSeisiuin 1934-35, go háirithe sna Ranganna leanúna lae. Cuirtear ina leith seo múinteoirí níos fearr cáilíocht agus oileamhaint a bheith á gceapadh, an chóir scoile agus saoráidí na scoile go generálta a bheith níos fearr, na múinteoirí a bheith níos cúramaighe ag ullamhú na hoibre, agus na daltaí a bheith ag freastal níos féilteamhla. Tá tagairt déanta ag na cigirí go léir dó seo. Ní amháin sna bailte móra ach sna hionaid níos lugha ná sin mar atá le fáil i gContae Chorcaighe, i gContae Mhuigheó agus i gContae Shligigh níorbh annamh na daltaí go léir i láthair an lá bhí an cigire ar cuairt ann, agus is iomdha áit a raibh meán-tinnreamh de 90% agus os a chionn sin ann ar feadh an tSeisiuin. Gríosann an freastal riaghalta fiú an gnáth-mhúinteoir chun breis dúthrachta a chaitheamh leis an obair.
Tá tuarascabháil ghenarálta ann go bhfuil múinteoireacht mhaith éifeachtach dhá dhéanamh sna hábhair obair láimhe sna ranganna lae agus sna ranganna tráthnóna.
An teagase a tugadh i dTigheas bhí sé go maith éifeachtach arís.
Sna scoltacha fá'n dtuaith ní tugtar dóthain aire do chócaireacht ar theine mhóna. Ba cheart gach dícheall a dhéanamh chun a mholadh do na daltaí teine mhóna a úsáid le haghaidh cócaireachta, go háirithe sna ceanntracha ina ndeintear bunáite na cócaireachta sa mbaile ar theine mhóna.
Sa mbeagán scoltacha a bhfuil múinteoirí cáilighthe re tuaitheoluíocht ionnta, múineadh an t-ábhar sin go maith. Is léir ó'n difridheacht atá idir an obair a deintear in áiteacha seachas a chéile nach foláir giota maith talmhan a úsáid le haghaidh curadóireachta.
De thoradh na gCúrsaí Samhraidh a chuir an Roinn ar bun tá an ghleacaidheacht anois ar churriculum furmhór na scol leanúna lae.
Tá feabhas—cidh mall—ag teacht ar obair na Gaedhilge i scéimeanna Oideachais Ghairme Beatha. Bhí sé sin le tabhairt fá deara go minic i geaitheamh an tSeisiuin 1934-35.
Tá toradh cinnte le feiceál cheana ar an rialachán atá i bhfeidhm nach mór do mhúinteoirí Tráchtála, Eoluíochta, Tighis agus Ealadhna labhairt na Gaedhilge a bhieth go maith aca sara bhféadfar iad a bhuan-cheapadh ina bpostanna.
Deir na Cigirí ina dtuarascabhála gur léir go bhfuil labhairt na Gaedhilge lasmuigh den mhúinteoireacht ag dul ar aghaidh. I gcuid de na scoltacha lasmuigh den Ghaedhealtacht ní labhrann na daltaí ach an Ghaedhilg nuair a bhíd ag súgradh ag sos an mheadhoin lae. Dúthracht agus dul 'un cinn na múinteoirí a thug an deaghobair seo chun críche. Tá go leór múinteoirí eile ann a bhfuil a ndóthain Gaedhilge aca le bheith páirteach sa ngluaiseacht seo, ach nach bhfaca fós gur breágh an modh múinte é seo taobh amuigh d'obair na scoile agus gur féidir an-dul ar aghaidh a dhéanamh ar an dóigh seo.
Is beag Scéim Oideachais Ghairme Beatha anois ann nach bhfuil feidhm dá baint as an nGaedhilg innti maidir le saoghal agus caitheamh aimsire na ndaltaí.
Tugann furmhór na gCoistí Oideachais Ghairme Beatha roinnt mhaith scoláireachtaí Gaedhealtachta. De thoradh na scoláreacht seo chaith ós cionn 450 dalta mí sa nGaedhealtacht i rith an tSamhraidh 1935. Is mór an rath ar na Scéimeanna na Scoláireachtaí Gaedhealtachta, mar cuireann siad cainteoirí Gaedhilge ar fáil don aos óg agus is mór is fiú gach cainteoir aca sin ina cheanntar féin leis an nGaedhilg a chur ar aghaidh i gcúrsaí saoghail na ndaoine.
Nuair a bhí na Meastacháin dá gcur ós comhair an Tighe agam anuraidh dubhras gur cuireadh Buan-Choiste Scoile ar bun chun comhairle a thabhairt maidir le Scoil Ealadhna na hArd-Chathrach. Ina theanta sin rinne an Coiste infhiúcadh cúramach ar na curricula atá ag Scoltacha Ealadhna tíortha eile agus ar riachtanaisí na tíre seo i gcúrsaí Oideachais Ealadhna. Nuair a bhí na fiosrúcháin sin críochnuighthe ag an gCoiste chuireadar Tuarascabháil fá mo bhráid dhá mholadh ath-chóirin iomlán a dhéanamh ar Scoil Ealadhna na hArd-Chathrach.
Deirtear sa Tuarascabháil gurb é tuairim chinnte an Choiste go raibh sé thar am scoil don náisiún in ionad scoil don chathair a dhénamh den Scoil Ealadhna, agus nár mhór, chun go bhféadfaí an fheidhm cheart a bhaint as an Scoil, Coláiste Náisiúnta Ealadhna a dhéanamh de a bhéarfadh teastais amach i gceithre príomhscoltacha:—
(a) Gréasa i dTionnscal,
(b) Péintéireacht,
(c) Snoigheadóireacht,
(d) Rionnaidheacht agus Maisiú.
Mholadar na trí scoil tosaigh a ghléasadh amach láithreach ach gan an Scoil Rionnaidheachta agus Maisighte a ghléasadh go mbeadh eolas de bharr taithighe againn ó na trí cinn eile.
Mhol an Coiste freisin an Coláiste nua Ealadhna do chur fá stiúradh an Ard-mháistír atá anois ann, agus ollamh agus príomh-chongantóir a bheith ag gach ceann de na ceithre scoltacha. Moladh post lán-aimsire a dhéanamh de phost an Ollamhan le Gréasa agus dualgaisí leasárdmháistir a chur air ina theanta sin. Postanna páirt-aimsire a bheadh cead ag hollamhain eile agus bheadh ag na gach Ollamh aca leanamhaint dá shaothar tuistigheachta féin i gcaoi go mbeadh aige mar mhúinteoir úghdarás Ealadhna nach mbíodh ag na Máistirí Ealadhna a ceaptaí roimhe seo.
Ta glactha agam leis na molta seo agus tá obair an ath-chóirighthe ar siubhal dá réir. Táthar ag súil go mbeidh an chéad Scoil díobh seo ag obair i nDeire Foghmhair, 1936, agus go mbeidh prospectus an Choláiste nua le fáil fá Bhealtaine. Cúrsa trí mblian a bhéas ann le haghaidh an Teastais. Ní mór d'iarrthóirí na cúrsaí teagaise a fhreastal go féilteamhail agus na Scrúduighthe ceanntseisiúin riachtanacha a sheasamh sara bhfuighid an Teastas.
Tá an Coiste ag gabháil anois do scrúdú nithe eile bhaineas leis an gColáiste Náisiúnta Ealadhna a chomhghléasadh. Táthar le iarrachtaí a dhéanamh le ceangal a dhéanamh idir an teagase a tugtar ins na scoltacha eile Ealadhna sa tSaorstát, agus chun oileamhaint a sholáthar i geúrsaí Ealadhna a dhéanfas maitheas d'obair na Meadhon-Scol agus na gCeárd-Scol.
An Coiste Eadar-roinne a bhí ag gabháil do cheist Aois fágála na Scoile a árdú thugadar tuarascabháil d'aon aonta uatha. Toise go raibh achmaireacht den tuarascabhail seo ar na páipéirí nuachta cheana ní gádh dom an mion-eolas a thabhairt annseo.
'Se tuairim a bhí ag an gCoiste tar éis an scéil go léir a bhreithniú nach ceart acis fágála na scoile a árdú thar mar is gádh i láthair na huaire go fóill, ach amháin i gcúpla ceanntar a bheadh oireamhnach chun triail a bhaint asta ar dtús. Chuige sin táthar tar éis roimh-fhiosruighthe a dhéanamh agus nuair a bhéas gach ullamhú riachtanach déanta cuirfear na trialacha a mhol an Coiste i bhfeidhm.
Scoileanna Ceartughcháin agus Scoileanna Saothair.—Tá 54 de na scoltacha seo ann: 2 Scoil Cheartughcháin (ceann aca do bhuachaillí agus ceann eile do chailíní); 32 Scoil Saothair (11 cheann do bhuachaillí sinnsir agus 5 cinn do bhuachaillí sóisir deich mbliadhan nó fá n-a bhun); 35 scoil do chailíní, agus scoil measctha (do chailíní agus do bhuachaillí sóisir).
Bhí 81 duine ar coimeád sna Scoltacha Ceartughcháin i ndeire na scoilbhliadhna 1934, agus 96 sa mbliadhain 1935—sin 15 duine de bhreis. Do cuireadh níos mó daoine isteach ionnta sa mbliadhain 1935, freisin; cuireadh 28 isteach sa mbliadhain 1934 agus 45 sa mbliadhain 1935. A mhalairt sin de thuarascabháil atá ar na Scoltacha Saothair; do thuit an méid a cuireadh isteach ó 748 sa mbliadhain 1934 go 681 sa mbliadhain 1935; agus do thuit an méid a bhí ar coimeád ó 6,420 go 6,227 sna bliadhanta céadna. Sé an fáth is mó a gcuirtear daoine isteach sna scoltacha sin go mbíonn siad dealbh bocht agus nach mbíonn aoinne aca thabharfadh aire dhóibh; ach do réir deallraimh tá uimhir na ndaoine a cuirtear isteach toisc coir do bheith déanta aca ag dul i méid.
Múintear ádhbhair den Eolaidheacht Tighis i scoltacha na gcailíní; múintear feirméaracht agus gáirneoireacht agus ceárda éagsamhla do na buachaillí; agus déantar gach iarracht an obair oireamhnach do sholáthar do na daltaí chun a mbeatha do thuilleamh nuair bítear á scaoileadh as an scoil.
Tá an Coimisiún a cuireadh ar bun go luath sa mbliadhain 1934 chun Córas na Scol Ceartughcháin agus na Scol Saothair d'infhiúchadh, tá sé ag cóiriú a thuarascabhála fá láthair, agus táthar ag súil go mbeidh an tuarascabháil sin ar fagháil gan ró-mhoill.
An Músaeum Náisiúnta.—D'éirigh go maith agus go han-rathamhail le obair an Mhúsaeum Náisiúnta i rith na bliadhna atá fá léir-mheas againn. Ní hamháin go raibh rath ar obair an ghnáth-dhíoghlama, agus ar an athchóiriú a rinneadh ar an gcóras oibre, agus ar an iarracht atá á dhéanamh chun obair an Mhúsaeum do chongbháil ar chóimhchéim leis an obair a atá ar siubhal ag náisiuin eile, ach d'éirigh go rathmhar leis an obair a chuir an Músaeum ar bun ar fud na tuaithe.
Tá aidhmeanna móra beartuighthe ag Oifig na n-Oibreacha Puiblidhe chun Teach ionadaidhe an Rí do chur i gcóir chun cuid de na rudaí d'oirfeadh don teach sin d'aistriú ón Músaeum agus do chur i gcoimeád ann—rud a d'fhóirfeadh go mór ar an gcumhangracht slighe atá sa teach atá i Sráid Chill Dara.
Tiocfaidh de thoradh ar an aistriú sin gur féidir na teasbáintaisí do leagadh amach i seomraí do réir Ré, chun go bhféadfar an fhorbairt a tháinig ar an gcultúr ó ré go ré den stair d'fheicsint go soiléir, in ionad na rudaí do chur ar teasbáint do réir feidhme nó úsáide, mar do-ghnítí roimhe seo.
Do frítheadh a lán rudaí do Roinn na Sean-iarsmaí Eireannacha, agus do frítheadh rudaí, freisin, don Roinn Ealadhan agus Tionnscail agus do Roinn na Luibh agus na mBeothach go raibh fáilte rómpa. Tháinig an bhreis deontas-i-gcabhair do vótáil an tOireachtas an bhliain airgeadais seo caithte, tháinig sé díreach in am chun an Músaeum do chur ag feidhmiú ar an gcuma bhí ceaptha dhó.
Na tochaltáin mhóra do rinneadh go healadhanta agus go riaghalta in áiteanna éagsamhla ar fud na tíre fá'n Mion-Scéim Fóithne ar Dhíomhaointeas b'iad ba bhuan le furmhór na rudaí a fuarthas do Roinn na Seaniarsmaí Eireannacha. Tá cóir bhailiughcháin na sean-iarsmaí sin ag dul i bhfeabhas ó ló go ló, agus is é an díograis saothair agus an cúram atá á dhéanamh ag lucht stiúrtha an Mhúsaeum díobh is fáth leis an bhfeabhas sin, mar is ar éigin is féidir a rádh go bhfaghtar iarsma ar bith anois nach bhfaghann siad eolas ina thaoibh.
Agus admhuigheann siad go buidheach beannachtach gur mór ar fad an congnamh a gheibheann siad ó na Gárdaí Síothchána. Ní mór a admháil, freisin, go bhfaghthar cuid mhaith de na sean iarsmaí tré aireachas na n-innealltóirí atá ag obair do Bhórd Soláthair an leictreachais.
Do frítheadh a lán luibh-iarsmaí, freisin, do Roinn na Luibh agus na mBeothach.
Tar éis an cnuasach d'ath-chóiriú b'é an rud ba mhó spéis ar fad b'fhéidir, ná oscailt na rannóige seo ina bhfuil na hiarsmaí ó ghluaiseacht Saoirseachta na hEireann. Is féidir do dhuine tuairim na ndaoine ar an rannóig seo do mheas ón méid mhóir díobh a théigheas ann chun na hiarsmaí d'fheicsint. Tá an cnuasach so ag dul i méid ó ló go ló, agus ní foláir breis slighe do dhéanamh dho. Rinneadh slighe dho i Roinn na SeanIarsmaí Eireannacha, ach ó's cosamhail go leanfar de chur leis táthar ag súil go bhfaghfar áit do i dteach éigin níos oireamhnaighe i mball éigin eile den chathair.
Rud eile a rinneadh i rith na bliadhna a bhfuil mór-thábhacht ann is eadh an obair a rinne Coiste Taighdthe na Ré Ceathardha in Eirinn. Tá an coiste sin ag obair ar dhluth-chómhar leis an Músaeum Náisiúnta. Thárla go dtáinig portaigh áirithe i seilbh an Mhúsaeum le déidheannaighe, agus do rinneadh bun de na rudaí a frítheadh sna portaigh sin. Do rinneadh mionchuardach i ndachad éigin ionad seandálaidheachta agus i gcúig cinn fhichead ionaid tlachteolaidheachta agus seanluibheolaidheachta chun ádhbhar d'fhagháil le taithbheach do dhéanamh ar pháilín planndaí ionnus go bhféadfaí scéim mhuinighneach chroiniceach do cheapadh le n-a bhfaghfaí eolus ar na cora a tháinig ar aoráid, ar luibheanna, ar thlacht agus ar chúrsaí seandálaidheachta na tíre le linn gach ré dá dtáinig ó árd-ré an leac-oighridh anuas.
Notice taken that 20 Deputies were not present; House counted and 20 Deputies being present,