d'Aire na Gaeltachta cad iad na deontais speisialta atá ar fáil óna Roinn le haghaidh iascairí a chuirfidh síos éarlaisí chun báid iascaigh a cheannach.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Deontais Speisialta D'Iascairí.
59. D'fhiafraigh
D'fhonn a cabhrú le hiascairí áirithe Gaeltachta chun éarlaisí a íoc ar bháid iascaigh a cheannaítear ón mBord Iascaigh Mhara, féadfaidh Roinn na Gaeltachta deontas, de cibé méid is oiriúnach léi ach nach rachaidh thar 80 faoin gcéad den éarlais íosta i gcás ar bith, a chur ar fáil d'iarratasóirí cáilithe. Sula gceadófar deontas faoin scéim seo, ní mór—
(a) an t-iarratasóir a bheith ag lorg bád iascaigh de shaghas áirithe ón mBord Iascaigh Mhara.
(b) an Bord a bheith sásta an bád a thabhairt dó ar théarmaí fruilcheannaigh an Bhoird, agus
(c) Roinn na Gaeltachta a bheith sásta gurb í Ghaeilge gnáththeanga an iarratasóra agus nach acmhainn dó iomlán na héarlaise íosta a íoc.