Tairgim go dtabharfar cead an Bille Sláinte, 1969, a thabhairt isteach— Bille dá ngairtear Acht do leasú agus do leathnú na nAchtanna Sláinte, 1947 go 1966, agus achtachán áirithe eile, do dhéanamh socrú le haghaidh comhlachtaí a bhunú chun na seirbhísí sláinte a riaradh, agus do dhéanamh socrú i dtaobh nithe eile a bhaineann leis na nithe réamhráite.
Teachtaireachtaí Ó Thíortha Eile. - An Bille Sláinte, 1969: An Chéad Chéim.
Cén uair a thógfar an chéad Chéim eile?
Dé Máirt, 18 Feabhra, 1969.
Ordaíodh go dtógfaí an Dara Céim Dé Máirt, 18 Feabhra, 1969.
Athchromadh ar shuí an tSeanaid sa Seomra Cruinn tar éis dó teacht le chéile roimhe sin sa Seomra Darach.