Tairgim:
Go ndeonófar suim fhorlíontach nach mó ná £10 chun íoctha an mhuirir a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1973, le haghaidh tuarastail agus costais Roinn na Gaeltachta, maille le deontais le haghaidh tithe agus ildeontais-i-gcabhair.
Is é an phríomhaidhm atá leis an Meastachán Forlíontach seo ná £350,000 breise a chur leis an deontas-i-gcabhair atá á thabhairt i mbliana do Ghaeltarra Éireann chun caiteachas reatha a ghlanadh. Tá caiteachas de dhá shaghas i gceist:
—na costais reatha a ghabhann le forbairt na tionsclaíochta sa Ghaeltacht, agus
—caillteanas a tharlaíonn ar thionscail atá á reachtáil ag Gaeltarra.
£700,000 san iomlán a bheidh ar fáil do na cúrsaí áirithe sin tar éis don Dáil glacadh leis an Meastachán seo agus tá formhór an airgid sin caite ag Gaeltarra cheana féin. Is amhlaidh a bhíonn ar Ghaeltarra dul faoi chostais reatha chun tionscail a thionscnamh agus a chur chun cinn. Is ag dul i méid a bheidh na costais sin go ceann tamaill; tá súil agam, áfach, gur ag dul i laghad a bheidh na cailteanais ar na tionscail atá á reachtáil ag Gaeltarra féin.
Ar ndóigh, bíonn caiteachas mór caipitil chomh maith ar fhorbairt na tionsclaíochta sa Ghaeltacht ach níl sé sin i gceist sa Mheastachán seo.
Molaim an Meastachán Forlíontach don Teach.