Is é cuspóir Scéim Labhairt na Gaeilge ná muintir na Gaeltachta a spreagadh chun labhairt na Gaeilge a chur chun cinn sa teaghlach agus sa phobal i gcoitinne.
Tá sé mar choinníoll den scéim nach n-íocfar an t-uasdheontas ach amháin i leith teaghlaigh ina bhfuil an Ghaeilge in úsáid mar ghnáth-theanga labhartha agus go bhfuil líofacht nádúrtha dá réir acu. Mura bhfuil an t-ardchaighdeán atá riachtanach don scéim ag teaghlach is féidir leis an Roinn deontas laghdaithe a íoc ach a bheith sásta go bhfuil ar a gcumas an t-ardchaighdeán cuí a bhaint amach.
Íocadh deontas laghdaithe (£100) leis an teaghlach seo don scoilbhliain reatha (1996-97). Tá socraithe agam, áfach, go ndéanfar athbhreithniú ar an gcás agus cuirfear an toradh in iúl don Teachta agus don iarratasóir.