Ar an gcéad dul síos, ba mhaith liom a rá, tá. Thiocfainn leat go bhfuil tábhacht nach beag ag baint le gníomhaíochtaí taobh amuigh den scoil ó thaobh na gaelscolaíochta de. Tá an chonstaic ann, mar a deir an Comhalta, go labharfar Gaeilge sa scoil ach nach labharfar taobh amuigh í. Is minic a chasaimse féin le daoine a fuair oideachas trí mheán na Gaeilge anseo ach nar chleachtaigh an Ghaeilge ina dhiaidh sin. Ar an dtaobh eile den scéal, caithfidh mé a admháil, mar atá ráite agam cheana, gur tháinig mise chuige ar threo eile ar fad, is é sin le rá go bhfuair mé chuid oideachais féin trí Bhéarla, ach bhí mé ag labhairt Gaeilge tar éis dom an scoil a fhágáil. Mar sin, tá mé an-tacúil ar fad do iarrachtaí atá ar bun, bíodh siad ar bun ag Foras na Gaeilge nó ag mo Roinn féin, leis na gréasáin seo atá ag fás taobh amuigh den scoil a láidriú.
Ar ndóigh, tá an t-airgead is mó ariamh anois ag Foras na Gaeilge, agus an chuid is mó de sin maoinithe ag mo Roinn-se. B'fhearr liom gan bheith ag plé le ceist na hollscolaíochta, is é sin, ollscoil Gaeilge. Caithfidh mé cuimhniú, mar shampla, nach raibh ollscoil i nGaillimh go dtí le gairid. Bhí coláiste ollscoile ann. Go deimhin féin, ní ollscoil a bhí in UCG go dtí le gairid ach coláiste ollscoile. Tá ciall leis an gcur chuige sin. Tá mé gníomhach le tamall i gcur chun cinn soláthair cursaí tríú leibhéil trí mheán na Gaeilge, agus cuireann mo Roinn cúnamh ar fáil chuige sin as an mbuiséad Gaeltachta atá againn. Go mór, cuirtear airgead ar fáil go hÁras Mháirtín Uí Chadhain nó Áras Shorcha Uí Ghuairm agus iarrachtaí eile. Tá méadú air sin, agus tá comhráite ar bun leis an Roinn Oideachais.
Caithfidh mé a rá i dtaobh na hollscolaíochta tríú leibhéil go bhfuil mé féin go pearsanta den tuairim go mba cheart go mbeadh sé sin dírithe go mór ar éileamh an mhargaidh. Mar shampla, tá a fhios agam go bhfuil margadh ann anois le haghaidh múinteoirí bunleibhéil a bheas in ann múineadh trí mheán na Gaeilge. Tuigim go bhfuil margadh ann ag na meáin chumarsáide do dhaoine atá oilte i gcúrsaí cumarsáide. Tosnaíonn siad le TG4 nó Raidió na Gaeltachta, agus bogann siad ar aghaidh ar mhaithe le comhlachtaí eile, agus is iontach an rud é, mar shampla, an oiread sin ainmneacha Gaeilge a fheiceáil in TV3 agus RTE agus mar sin de – daoine a tháinig ní amháin trí oideachas tríú leibhéil ach trí ollscoil Raidió na Gaeltachta, TG4 agus a lán comhlachtaí eile, más féidir liom é sin a rá. Is rud maith é sin, agus tá mé ag tacú le hiarrachtaí atá ar bun cúrsaí tríú leibhéil a chur ar fáil le cinntiú go mbeadh soláthar á dhéanamh go maith mar atá molta do dhaoine le Gaeilge. Ar ndóigh, fásfaidh sin le Bille na dTeangacha Oifigiúla (Comhionannas) 2002. Ar an dtaobh eile den scéal, tarraingeoidh sé scoláirí isteach dá bharr, mar feicfidh na mic léinn ag dul isteach go bhfuil toradh cinnte ag an deireadh. Níl aon mhaith i gcúrsa Gaeilge mar mhaith le cúrsa Gaeilge. Is iontach an rud é mar sin go bhfuil sé ag tarlú mar a cuireadh an Béarla ar aghaidh sa tír seo. Má tá toradh cinnte ar a gcuid oibre mar sin, feiceann na mic léinn ag cur isteach ar an gcúrsa go bhfuil seans breise post a fháil ag an deireadh.