Go raibh míle maith agat as an fháilte sin. Is mian liom mo bhuíochas a ghabháil leis an Aire Oideachais agus Scileanna, an Teachta McHugh, as mé a ainmniú arís mar chathaoirleach ar an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, COGG, agus is mian liom buíochas a ghabháil leis an gcoiste as ucht a bheith anseo inniu le cinneadh a dhéanamh faoi fhaomhadh mo cheapacháin. Tá ceithre bliana caite agam mar chathaoirleach agus tá súil agam go n-aontóidh na baill liom go bhfuil a lán bainte amach ag COGG le linn na tréimhse sin.
Tá a lán athruithe tarlaithe sa tír agus i gcúrsaí polaitíochta ó cheap an Teachta Jan O'Sullivan mé nuair a bhí sí ina hAire Oideachais agus Scileanna, agus tá forbairtí móra tarlaithe agus ag tarlú go leanúnach sa chóras oideachais ó shin. Bunaíodh COGG in 2002 le comhairle a chur ar an Aire Oideachais agus Scileanna agus ar an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, NCCA, maidir le teagasc trí mheán na Gaeilge agus teagasc na Gaeilge i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna na tíre. Chomh maith leis sin, tá feidhmeanna reachtúla ag COGG maidir le comhordú an tsoláthair áiseanna teagaisc don teagasc trí Ghaeilge agus do theagasc na Gaeilge, maidir le taighde a sheoladh ar ábhair bainteach leis na feidhmeanna sin, agus maidir le seirbhísí taca a chur ar fáil.
Tacaíonn COGG leis na trí chuspóir a bhaineann leis an oideachas i ráiteas an Rialtais i leith na Gaeilge 2006, is iad sin, sa chéad áit, go ndéanfar an Ghaeilge a theagasc mar ábhar riachtanach ó leibhéal na bunscoile go leibhéal na hardteistiméireachta, agus sa dara háit, go gcuirfear oideachas lán-Ghaeilge ar ardchaighdeán ar fáil do dhaltaí scoile arb é mian a dtuismitheoirí é. Leanfar leis an tacaíocht do Ghaelscoileanna ag leibhéal na bunscoile agus déanfar forbairt ar sholáthar lán-Ghaeilge ag leibhéal na hiar-bhunscoile chun freastal ar éileamh de réir mar is gá. Sa tríú háit, is ea go leanfar leis an tacaíocht a thugtar don réamhscolaíocht Ghaeilge agus go ndéanfar breis forbartha ar an gcóras oideachais tríú leibhéal trí mheán na Gaeilge.
Tacaíonn COGG chomh maith leis an bplean gníomhaíochta don oideachas atá forbartha ag an Roinn Oideachais agus Scileanna, ach go háirithe an polasaí don oideachas Gaeltachta 2017-2022. Tá plean oibre á fheidhmiú ag COGG le ceithre bliana anuas agus i measc na spriocanna atá ann tá soláthar téacsleabhair do chreat na sraithe sóisearaigh. Cuireadh leabhair ar fáil don eolaíocht agus don ghnó, agus ní fada go mbeidh téacsleabhair ar fáil don stair, don tíreolaíocht, don eacnamaíocht bhaile agus don cheol, chomh maith le sonraíocht nó siollabas nua Gaeilge do na hiar-bhunscoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge. Leanfar leis an obair seo sna blianta romhainn le soláthar a dhéanamh do gach ábhar sa tsraith shóisearach agus do na hábhair nua a bheidh san ardteistiméireacht.
Tá an obair ag dul ar aghaidh go leanúnach, ar ndóigh, ar an soláthar áiseanna teagaisc bunscoile. Tá réimse leathan taighde foilsithe ag COGG ar ábhair a bhaineann lena feidhmeanna reachtúla, agus táthar ag cur leis an taighde sin go leanúnach. Nuair a bhí mé anseo cheana ceithre bliana ó shin, bhí COGG tagtha slán ó mholadh go ndéanfaí í a chónascadh leis an NCCA, ach bhíomar comhlonnaithe lenár gcairde san NCCA ag an am. Tá an-áthas orm a rá, de bharr fás na heagraíochta, go bhfuil a n-oifigí féin ag COGG, ní hamháin i mBaile Átha Cliath, ach i gConamara chomh maith. Ó thaobh an pholasaí don oideachas Gaeltachta a luaigh mé ó chianaibh, tá beirt oifigeach le COGG ag cur forbairt ghairmiúil leanúnach ar fáil do na scoileanna Gaeltachta agus ag tacú leis na scoileanna a bpleananna gníomhaíochta le haitheantas a bhaint amach mar scoileanna Gaeltachta a chur i bhfeidhm.
Tá COGG ag obair i bpáirt leis an Roinn Oideachais agus Scileanna le clár comhtháite do theagasc na Gaeilge i scoileanna Béarla a fhorbairt mar fhreagra ar na dúshláin aitheanta le teagasc na Gaeilge sna scoileanna sin. Tá tús á chur anois le scéim phíolótach páirt-tumadh nó content language integrated learning, CLIL, i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna, áit a ndéanfar ábhair eile, an corpoideachas mar shampla, a theagasc trí Ghaeilge. Tacóidh COGG le forbairt na n-áiseanna teagaisc agus le comhordú na hoiliúna do mhúinteoirí.
Tá an-dul chun cinn déanta ag COGG le blianta beaga anuas maidir le rialachas corparáideach agus comhlíonadh an chóid cleachtais, ainneoin ganntanas foirne. Tá ardleibhéal géilliúlachta bainte amach anois le córas rialaithe inmheánaigh agus bainistiú riosca forbartha ag COGG, mar aon le réimse leathan polasaithe. Leanfar leis an obair thábhachtach seo go mbeidh na míreanna uile comhlíonta.
Tá neart dúshláin roimh COGG freisin sna blianta romhainn agus iarraim tacaíocht an choiste seo ina leith. Sa chéad áit, tá sé práinneach go ndéanfar an tAcht Oideachais 1998 a leasú mar a bhaineann sé le fostaíocht i COGG. Faoi mar a sheasann cúrsaí, ní ceadmhach do COGG aon duine a fhostú, rud a fhágann go mbíonn orainn socruithe a dhéanamh le ranna agus áisíneachtaí eile. Cuireann sé seo an-mhoill ar an bpróiseas earcaíochta agus tá an scéal an-chasta maidir le bainistíocht agus cearta na bhfostaithe. Tá sé ráite sa pholasaí don oideachas Gaeltachta go gcuirfear seo ina cheart agus tá súil agam go ndéanfar é seo go luath i rith an téarma seo.
Is dúshlán an-mhór iad na héilimh a bhaineann le comhlánú gach gné den rialachas corparáideach, mar a thuigeann na baill. Tuigim go maith an tábhacht a bhaineann leis an rialachas, ach is trua nach féidir maolú a thabhairt d'eagraíochtaí beaga ar nós COGG nach bhfuil ach ochtar fostaithe inti. Tá an-imní curtha in iúl ag COGG faoin obair atá tosaithe ar shonraíochtaí nó siollabais nua do Ghaeilge na hardteistiméireachta, áit a mbeidh cúrsa éagsúil ann do na scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge nó na scoileanna T1 mar a thugtar orthu. Beidh an tsonraíocht T1 níos dúshlánaí, ach ní léir dúinn go bhfuil aon phlean ann buntáiste breise ar bith a bheith ann dóibh siúd a thugann faoi, mar atá ann faoi láthair don mhata ardleibhéil.
Is mian liom aontú le moltaí an Choimisinéara Teanga maidir le hearcaíocht sa Státseirbhís. Déanann COGG gach iarracht feidhmiú trí Ghaeilge agus is mian linn ár ngnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge, ach nuair nach mbíonn daoine ar fáil sna Ranna Stáit éagsúla, bíonn brú ann dul leis an mBéarla de bharr nach mian liomsa ná linne aon duine a mhaslú ná a chur faoi bhrú. D'fháilteoimis go láidir roimh pholasaí a chinnteodh go mbeadh daoine le Gaeilge sna poist sin ina mbíonn éileamh ar chumarsáid trí mheán na Gaeilge sa chóras.