Bhí mé ag caint an lá deireannach faoi thábhacht na Gaeilge le féin-mheas a chothú sa tír i measc muintir na tíre. Ba mhaith liom sula dté mé ar aghaidh, comhgháirdeas a dhéanamh le Bord na Gaeilge as ucht an phlean ghníomhaíochta seo atá curtha romhainn. Is plean réadúil agus praicticiúil é, plean gur féidir é a mheasúnú agus leoga tá sé curtha romhainn ag an mbord gur cóir é a mheasúnú. Tá na costais aimsithe go cruinn agus tá spriocanna leagtha amach. Is plean é gur féidir é a ghníomhú agus ní plean, mar adéarfá, ar bharr na gaoithe é.
Ba mhaith liom focal a rá faoi chostas. Tá géarchéim airgid sa tír ins an am atá i láthair, deirtear linn, agus tá eagla orm ó thaobh costais de go mbeidh an chontúirt ann go ndéarfadh daoine nach bhfuil an Ghaeilge — cé go bhfuil sí tábhachtach — nach bhfuil sí tábhachtach go leor agus b'fhéidir go dtiocfaidh linn an plean seo a chur ar an mhéar fhada. Tá an dainséar sin ann. Ach tá sé tuigthe san am atá i láthair, fiú amháin san Eoraip, chomh tábhachtach agus atá na mionteangacha agus caomhnú na mion-teangacha agus tá sé tábhachtach go dtuigfimís nach dtig linn an rud seo a chur ar an mhéar fhada. Tá sé ráite sa chaipéis, ar leathanach 7 — agus béarfaidh mé an píosa díbh atá mé ag caint faoi —"Ní chuirfear an athbheochaint i gcrích ach de thoradh mór-ghníomhaíocht diongbhálta. Ar an luas a bhfuil an teanga ag meath sa Ghaeltacht seans go mbeidh uain na pleanála caillte laistigh de 10 mbliana eile. Is léir go mba tuar báis don athbheochaint ar fad an Ghaeltacht a bheith imithe i léig níos mó ná mar atá." Is é sin le rá muna ndéantar gníomh anois beidh sé ro-mhall faoi cheann cúig nó 10 mbliana agus ní dóigh liom go dtabharfaidh na glúnta atá le teacht maithiúnas dúinn má ligimid don seód atá againn bás a fháil. Tá sé sa nádúr ag daoine nach dtuigeann siad chomh tábhachtach a bhíos rud go dtí go mbíonn sé caillte agus ó thaobh na Gaeilge de bhéadh sé rómhall an tábhacht a aithint dá mbéadh sé caillte againn.
Ag caint arís ar chostas agus caitheamh airgid de, ba chóir a chinntiú go bhfuil an t-airgead atá á chaitheamh le caomhnú na Gaeilge á chaitheamh go héifeachtúil agus tá rud amháin ba mhaith liom a rá anseo ó thaobh na gcoláistí samhraidh de. Is maith an rud ar fad na coláistí samhraidh agus ní dóigh liom go bhfuil dóigh níos fearr leis an Ghaeilge a fhoghlaim ach a bheith sa Ghaeltacht ag na coláistí samhraidh agus an Ghaeilge thar timpeall ar na daoine agus sna títhe. Molaim go mór an obair atá déanta ag coláistí samhraidh ach ba mhaith liom a rá gur chóir measúnú a dhéanamh ar na coláistí sin. B'fhéidir go bhfuil cuid acu ag cur níos mó béime ar Mhammon ná mar atá ar mheas na teangan. Chím i gcáipéis Ghael-Linn polasaí a chuir siad amach faoi oideachas i nGaeilge i 1981 go bhfuil sé molta fosta go ndéanfaí measúnú ar choláistí na Gaeilge: is é sin le rá a chinntiú gurab í an teanga agus caomhnú na teangan an rud is tábhachtaí agus nach é Mammon mar atá ráite agam.
Anois tá roinnt gnéithe tábhachtacha ba mhaith liom a lua agus ní féidir liom achan rud atá sa cháipéis seo a lua. Tá trí rud déarfainn is tábhachtaí má tá an teanga le caomhnú, agus an chéad rud an Ghaeltacht. Mar adeir an cháipéis, tá staid na Gaeilge sa Ghaeltacht ag dul i léig. Níl dabht ar bith faoi sin. Is ón Ghaeltacht mé féin. Caithim cuid mhór ama i nGaeltacht Thír Chonaill i nGaoth Dobhair agus cluinim anois na páistí féin le roinnt blianta ag caint Béarla i gclós na scoile. Tá an Béarla ag teacht isteach i ngach gné de shaol na ndaoine sa Ghaeltach. Cad chuige sin. Tá roinnt réasún. Tá mé ag déanamh gurab é an chéad rud ná an forbairt tionsclaíoch atá déanta sa Ghaeltacht le blianta anuas, agus is maith an rud an forbairt tionsclaíochta. Ar ndóigh, thug sé daoine ar ais go dtí an Ghaeltacht agus choinnigh sé daoine sa Ghaeltacht a chaithfeadh imeacht thar sáile gan na monarchana a bheith ann, ach tá eagla orm go raibh, mar atá i gcuid mhór rudaí sa tír, easpa pleanála ag dul i bhfeidhm anseo. Is é an rud a thárla nuair a tugadh na monarchana isteach sa Ghaeltacht nach raibh pleanáil fadtéarmach déanta agus, mar shampla, ní raibh oibrithe ar bith sa Ghaeltacht a raibh an Ghaeilge acu agus a raibh na scileanna acu le dul ag obair sna monarachana sin. Ní raibh bainisteoirí ar bith ón Ghaeltacht; ní raibh ceardaithe ar bith ón Ghaeltacht. Is é sin ní raibh plean fadtéarmach leagtha amach agus nuair a cuireadh na monarchana ar bun b'eigean daoine a thabhairt isteach nach raibh Gaeilge acu agus bhí droch thioncur ag sin sin ar an Ghaeltacht mar a thuigfidh daoine go furasta.
Nuair a bhí Béarla agus Gaeilge ag muintir na Gaeltachta ba é an rud is fusa i bhfad ná go dtosnódh muintir na Gaeltachta ag caint Béarla sa dóigh go dtuigfeadh na daoine a tháinig isteach iad, agus mar sin d'éirigh an nós imeasc muintir na Gaeltachta a bheith ag caint Béarla. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, go mbeadh monarchana sa Ghaeltacht ach tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh oiliúint ar siúl do bhunú na Gaeltachta sa dóigh go mbeadh siad ábalta jobanna a ghlacadh ag gach leibhéal sna monarchana, is é sin sa bhainistíocht agus in obair go bhfuil scileanna ar leith de dhíth faoin a choinne. Mar adeir an cháipéis, má théann an Ghaeltacht i léig níos mó nó an Ghaeilge sa Ghaeltacht i léig níos mó níl seans ar bith ag athbheochaint na Gaeilge. An dara rud tábhachtach ná an media. Tá tionchar, is dócha, níos mó ag an media ar shaol na daoine anois ná rud ar bith eile go mórmhór an teilifís agus an raidio. Ba mhaith liom ar dtús cúpla focal a rá faoi Radio na Gaeltachta. Tá sárobair déanta ag Raidio na Gaeltachta i gcaomhnú na teangan. Ar an gcéad dul síos, tá caidreamh curtha ar siúl acu idir na Gaeltachtaí agus idir muintir na Gaeltachta ar fud na tíre agus is rud maith é sin. Mothaíonn muintir na Gaeltachta i Tír Chonaill anois nach bhfuil siad leo féin, go bhfuil Gaeltachtaí eile, agus an caidreamh sin ar siúl eatarthu. Chothaigh sé fosta agus tá sé ag cothú meas agus bród as an Ghaeilge i measc muintir na Gaeltachta. Rud eile ba mhaith liom a lua faoi Raidio na Gaeltachta tá se ag freastal ar phobal Gaelach Thuaisceart na hÉireann agus sin rud an-tábhachtach. Tá a fhios agaibh nach bhfuil na háiseanna céanna i dTuaisceart na hÉireann agus atá sa taobh seo tíre ó thaobh na Gaeilge de agus is mór an rud Raidio na Gaeltachta a bheith ar fáil do Ghaeilgeoirí an Tuaiscirt agus tá a fhios agam féin go n-éisteann cuid mhór leis agus da bhrí sin ba mhaith an rud é a leathnú amach agus b'fhéidir é bheith ar siúl i rith an lae. Rud eile tá mé ag déanamh gu féidir a dhéanamh le cuidiú le Gaeilgeoirí an Tuaiscirt ó thaobh Raidio na Gaeltachta de ná iriseoir lánaimseartha a chur ar fáil sa Tuaisceart sóisialta, cúrsaí polaitíochta an Tuaiscirt fá choinne Raidio na Gaeltachta. Chuideodh sé sin leis an Ghaeilge a chothú imeasc muintir an Tuaiscirt.
Rud eile faoin media ba mhaith liom a rá: bíonn cuid mhór béime ó am go h-am ar theilifís agus nach bhfuil go leor Gaeilge ar siúl ar an teilifís agus gídh gur mhaith an rud é níos mó cláracha Gaeilge a chur ar fáil, im thuairimse tá sé níos tábhachtaí cláracha fiúntacha agus cláracha suimiúla a chur ar siúl is é sin na h-áiseanna a bheith ann in RTÉ agus béim a chur ar fhiúntas; ní hé amháin an líon cláracha a bheadh ar siúl ach caighdeán na gclár sin. Tá a fhios againn uilig dá mbeadh 10 gclár ar siúl agus iad uilig neamh-shuimiúil ní dhéanfadh sé sin rud ar bith ar son na Gaeilge ach dá mbeadh cláracha suimiúla, caighdéan árd acu agus na háiseanna acu le cláracha fiúntacha a chur amach, is mó go mór lucht éisteachta a bheadh ar fáil chun a leithéid sin cláracha. An tríú rud ba mhaith liom a lua ná an t-aos óg agus is dóigh gur seo b'fheídir an rud is tábhachtaí uilig, is é sin meas na Gaeilge agus seans foghlaim na Gaeilge a thabhairt do aos óg na tíre seo. Is dócha an chuid is mó againn den ghlúin seo anois go bhfuil roinnt mhaith Gaeilge againn. Tá sin ins an cháipéis atá léite againn, agus tá sé tábhachtach ó thaobh an aosa óig ní hé amháin go mbeadh áiseanna acu le Gaeilge a fhoghlaim ach go mbeadh oideachas ar siúl fá na gcoinne, go dtuigfeadh siad tábhach na Ghaeilge a fhoghlaim agus gur rud é mar sin nach raibh dúil acu ann ach tá sé tábhachtach a mhíniú do pháistí trí oideachas, trí chláracha teilifíse, trí gach dóigh is féidir an tábhacht atá ag baint lena dteanga féin. Is dóigh ó mo thaobh féin go bhfuil an t-ádh orm go raibh an Ghaeilge liom ón gcliabhán agus ó thaobh oideachais de go raibh mé ar scoil i gClochar Louis, Mhuineacháin áit gur cothaíodh meas na Gaeilge ionainn agus gur thuigeamar tábhacht na Gaeilge ach tá eagle orm go bhfuil cuid mhór pháistí agus iad óg sa tír seo anois agus gur sort nuisance, má thiocfaidh liom an focal Béarla a rá — an Ghaeilge agus nach maith leo éigin dóibh — a fhoghlaim agus tá sé tábhachtach go dtuigfidh siad agus go gcuirfí sin rompu sna scoileanna an tábhacht atá le caomhnú na Gaeilge sa dóigh gur mhaith leo í a fhoghlaim. Má thuigeann siad tábhacht na Gaeilge beidh fonn orthu í a fhoghlaim agus tá sé ráite fosta ag an Coirnéal Ó Néill sa mheamram a chuir sé roimh Forum Nua Éireann faoi thábhact na Gaeilge ó thaobh seasmhacht na tíre, agus ba mhaith liom díreach an abairt seo a léamh amach agus seo rud eile gur chóir dúinn uilig meabhrú air:
Where a community is ignorant of its culture, under-values it or where its culture is denied or treated with disdain, this promotes the situation where the community is denied its foundations, its basis and its stability. The culture of a community however can only be an effective force for stability in a community when the community is aware of its distinctive culture, knows it and values it.
Is dóigh liom gur rud an-tábhachtach é sin. Ó thaobh Thuaisceart na hÉireann, ba mhaith liom cúpla focal a rá. Is dóigh liom go bhfuil sampla i dTuaisceart na hÉireann den méid is féidir a dhéanamh i gcothu na teanga má tá meas againn air agus má thuigimid a thábhacht. Tá a fhios agaibh ar ndóigh nach bhfuil sé de iachall ar scoíleanna an Tuaiscirt an Ghaeilge a theagasc. San am chéanna feicimid cothú agus caomhnú na Gaeilge i mBéal Feirste, i lár Uladh agus in áiteacha eile sa Tuaisceart ag daoine a thuigeann tábhacht na Gaeilge. Tá bunscoileanna Gaeilge i mBéal Feirste chomh maith agus i nDoire.
Caithfidh mé rá gur chuir sé pléisiúr mór orm féin roinnt blianta ó shin in mo bhaile féin i Lurgan éisteacht le díospóireacht i nGaeilge ó pháistí an Tuaiscirt agus gasúr amháin a thuig mé a tháinig as Béal Feirste agus gan é ach 12 no 13 de bhlianta d'aois agus an Ghaeilge chomh líofa aige agus dá dtógfaí i nGaoth Dobhair é. Sin gasúr b'fhéidir nach raibh taobh amuigh de Bhóthar ar bhFál ón lá ar rugadh é agus bhí an Ghaeilge ar a thoil aige.
Tá mé ag déanamh gur chóir don Rialtas anseo an méid is féidir a dhéanamh le cuidiú le Gaeilgeoirí an Tuaiscirt. Mar dúirt mé cheana féin ba mhór an rud é dá mbeadh iriseoir faoi leith ó Raidio na Gaeltachta lonnaithe sa Tuaisceart ag freastal ar Ghaeilgeoirí an Tuaiscirt. Ba mhaith an rud é dá mbeadh RTE le fáil againn sa Tuaisceart. Tá áiteacha sa Tuaisceart nach féidir RTE a fháil agus tá mé ag smaoineamh ar chláracha go bhfuil rinncí Gaelacha ann agus cláracha cosúil le "Féach" agus "Trom agus Eadrom", áit a bhfuil meascán Gaeilge agus Béarla, gur féidir le daoine nach bhfuil mórán Gaeilge acu iad a leanúint. Cláracha mar sin ba mhaith an rud iad a bheith le feiceáil ag muintir an Tuaiscirt, ní hé amháin na Caitlicigh ach na Protastúnaigh fosta. Mar sin, dá mbeadh beam níos fearr de RTE againn sa Tuaisceart chuideodh sé sin. Fosta, thiocfadh linn, dá mbeadh RTE ag dul isteach sa Tuaisceart, oideachais a thabhairt do dhaoine nach le Caitlicigh na hÉireann an Ghaeilge ach gur le Caitlicigh agus Protastúnaigh na hÉireann an Ghaeilge. Síleann cuid mhór daoine gur le Poblachtánaigh agus gur le Caitlicigh í ach smaoinimís i ndeireadh na 18ú aois gurab iad na Protastúnaigh i dTuaisceart na hÉireann is mó a thosaigh athbeochan na Gaeilge agus go bhfuil cuid mhór le foghlaim againn uathu agus gur olc an rud an dearcadh cúng seo den Ghaeilge gur le dream amháin é. Ba chóir di cuidiú linn muintir na hÉireann Protastúnaigh agus Caitlicigh a thabhairt le chéile. Ba chóir don Ghaeilge i n-áit a bheith ina dheighilt eadrainn go mbéimis ábalta úsáid a bhaint aisti le muid a thabhairt le chéile. Mar adúirt mé cheana féin, is linn uilig é. Ní le dream amháin ar bith sa tír é.
I should like briefly in English to mention a few important points. I regret that Senator Robb has left because he asked me specifically to do this for him but perhaps he is listening in some other part of the House. I have a fear that because of the financial stringencies at the moment Irish may well be regarded as something which can be put on the long finger. We were discussing the Dentists (Amendment) Bill a minute ago and it struck me that there is an analogy because having a toothache cured is something that you cannot put off either because if you do you will lose the tooth and that is the end of it whereas it you look after it now you may save the tooth. Irish is very much like that. It is not something that we can say is too expensive to spend the money on now and we will wait until times are better. If we wait until times are better, as the Bord na Gaeilge plan says, it will be too late. We will have lost something that is very precious and it is only when we lose something that we appreciate it. Therefore, I do not accept the argument that when money is scarce Irish is something which is no longer a priority.
The efforts which have been made to save the Gaeltacht and to enlarge it have in some manner succeeded but on the other hand have had a bad effect on the Gaeltacht and on Irish. The reason for this is the sort of ad hoc approach that has been adopted — a response to pressure to do something without a proper long-term planned approach or thinking through of what is being done, with the result that the industrialisation of the Gaeltacht has led to a situation where the Gaeltacht is becoming anglicised. Should that situation continue, it will sound the death knell of Irish. I suggest that attention be paid to providing the facilities for educating the people of the Gaeltacht to be able to take up jobs in management and skilled jobs in factories so as to obviate the need to bring in people who have no Irish and therefore to defeat the original purpose of industrialising the Gaeltacht.
The other important aspect with regard to the language is the media. Those of us who have young families, particularly, know that young people are very much influenced by television. There should be more Irish on RTE television, not just more and more Irish but more in terms of quality rather than quantity. The same applies to local radio. I am not suggesting that the quality is not there at the moment. The programmes we have are excellent but I expect that the Authority would welcome more facilities so that they could enlarge their programmes and deal with subjects which at the moment they may not be able to deal with. It is not good enough for Irish language programmes to deal simply with the Gaeltacht. There are other aspects of Irish life which are of interest to people and which could be dealt with. There should be an attempt to improve the quality of output in Irish on our radio and television networks, particularly with reference to Radio na Gaeltachta which I have already mentioned in Irish. That service should be enlarged. In order to facilitate the Irish-speaking population in the North, which is substantial. A full-time person from Radio na Gaeltachta should be in Northern Ireland reporting and discussing Northern issues — social issues and all the various issues which are of importance to the people of the North — because Radio na Gaeltachta has quite an audience in Northern Ireland. I know that from people who come and tell me about it. Even, believe it or not, a person from the Northern Ireland office told me recently that he listens regularly to Radio na Gaeltachta. I do not know how much of it he understands but he says he listens to it.
I should like to make the point before finishing that Irish has come to be seen as a divisive force. We seem to have a capacity for finding divisiveness in issues which really should unite us. Irish is one of those issues. I would remind the House that Irish is not the property of Catholic Ireland or indeed of Nationalist Ireland or of Republican Ireland. Irish is the property of all Irish people, Unionists as well, and there are Unionists who do appreciate that, but it is for us who really love the language to get across in all the ways that we can to those people that Irish is something which enriches them as well as us. Let us also remind ourselves that if it had not been for a number of Protestants, and I am not referring only to Douglas Hyde and people like that of more recent times, Irish might have been lost. In the late eighteenth century when the policy of the British Government was to try to finish Irish in Ireland, the Protestants were the ones who recognised the danger signals and who began the Gaelic revival. It is a pity that it has now come to a stage, certainly in Northern Ireland, where Irish is equated with Republicanism, even, might I say, with Provo-ism. That is a terrible pity. The organisations who have done so much for the Irish language on a voluntary basis ought to bear that in mind and ought to be very careful to separate the Irish language and its restoration from party political points of view because, for goodness sake, when we do find something which is common to both our traditions let us please work on that and use it as a unifying force rather than as a divisive force.