Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Calafoirt agus Céanna.

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 2 November 2005

Wednesday, 2 November 2005

Ceisteanna (343)

Dinny McGinley

Ceist:

432 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil iarratas ina Roinn le haghaidh obair feabhsúcháin a dhéanamh ar an ché ar Inis Meáin, Dún na nGall; cad é an obair atá le déanamh; cad é costas measta na hoibre agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [32008/05]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá iarratas á mheas ag mo Roinnse i láthair na huaire ar fhorbairt na céibhe seo faoi scéim na gcéibheanna beaga sa Ghaeltacht. Tá costas measta de €180,000 curtha ag Comhairle Chontae Dhún na nGall ar na hoibreacha atá i gceist, ina measc síneadh ar an gcéibh mar aon le fáinní tarrthála agus trealamh sábháilteachta a chur ar fáil. Sé an gnáth uasmhéid a chaithfear ar chéibheanna faoi scéim na gcéibheanna beaga ná€100,000.

Barr
Roinn