Tá mé cinnte go bhfuil an Teachta chomh sásta is atá mé go bhfuil dul chun cinn maith á dhéanamh ar na hoibreacha ar an gCé Domhainmhara i Ros an Mhíl. Tá an tionscadal seo mar chuid de leithdháileadh infheistíochta caipitil €17.36 milliún ó Chlár Forbartha Iascaigh Cuain agus Bonneagar Cósta 2023 agus leanfar leis go dtí 2024.
Is é an chomhairle phleanála atá faighte ag an Roinn ná go leanfaidh an cead pleanála reatha go dtí an 11 Iúil 2023. Is féidir síneadh pleanála a cheadú má tá ‘oibreacha substaintiúla’ seachadta nó má dhéantar iad a sheachadadh faoi dheireadh an cheada reatha. Mar a chuir mé in iúl don Teachta roimhe seo, tá sé ar intinn ag mo Roinn iarratas a chur isteach chun síneadh a lorg ar an gcead pleanála don fhorbairt sula rachaidh an cead reatha in éag.