Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Coiste na Gaeilge chun bualadh le Conradh na Gaeilge

21 MFómh 2016, 15:19

Beidh cruinniú ag Buan-Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán de chuid an Oireachtais le Conradh na Gaeilge ar 2.15pm, an 22 Meán Fómhair 2016, chun breithniú a dhéanamh ar ról Chonradh na Gaeilge i dtaca leis an nGaeilge a chur chun cinn mar theanga choiteann phobail.

Arsa Cathaoirleach an Choiste, Caitríona Ní Chonghaile TD: “Is ceart agus is cuí go gcuirfidh an Coiste tús lena chuid oibre trí chomhchomhairliúchán a dhéanamh le Conradh na Gaeilge, arb é ceann de na príomhchomhlachtaí a dhéanann an teanga a chur chun cinn é, agus a bhfuil neart déanta aige chun í a scaipeadh i measc daoine óga. Is féidir le Conradh na Gaeilge cur go mór lenár gcuid oibre agus tá an Coiste ag súil le comhoibriú go dlúth leis agus le heagraíochtaí teanga eile sna blianta atá amach romhainn.”

Beidh an cruinniú sin ar siúl i Seomra Coiste 4, Teach Laighean ó 2.15pm, Déardaoin, an 22 Meán Fómhair 2016.

Is féidir féachaint ar imeachtaí an Choiste beo anseo.

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil le linn duit a bheith ag taisteal chomh maith trí leas a bhaint as Aip Fóin Chliste Thithe an Oireachtais, atá ar fáil do ghairis Apple agus Android.

CRÍOCH/

Fiosrúcháin ó na Meáin:
Ciaran Brennan,
Tithe an Oireachtais,
An tAonad Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2

Fón: +3531 618 3903
Fón póca: 086-0496518
Facs: +3531 618 4551

Barr
Roinn