7 DFómh 2016, 10:28
Chomhaontaigh an Coiste preasráiteas a eisiúint á chur in iúl go n-aontaíonn sé le tuairimí an Choimisinéara Teanga maidir leis na ciorruithe atá curtha i bhfeidhm agus maidir leis an ngá atá ann Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 a leasú tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
(1) Foráil a chur isteach a chinnteodh go gcaithfeadh Gaeilge a bheith ar a dtoil ag oifigigh stáit a oibríonn nó atá lonnaithe sa Ghaeltacht. Luíonn sé le réasún go mbeadh dualgas ar an Státchóras a chuid seirbhísí a chur ar fáil i gceachtar teanga oifigiúil sa Ghaeltacht de réir rogha an tsaoránaigh. Tá sé seo níos tábhachtaí anois ná riamh agus na pobail chéanna ag tabhairt faoi phleanáil teanga chun stádas Gaeltachta a choinneáil.
(2) Malairt córais a thabhairt isteach in áit chóras na scéimeanna teanga ina mbeadh níos mó seirbhísí, go háirithe iad sin nach bhfuil ag brath ar acmhainní daonna, sonraithe le rialacháin seachas scéimeanna teanga éagsúla a bheith á n-aontú go malltriallach le comhlachtaí poiblí ina gceann agus ina gceann. Níl an córas seo ag oibriú ná ag baint amach na spriocanna atá i gceist leis.
(3) Rangú a dhéanamh ar chomhlachtaí poiblí i gcomhréir leis an gcumarsáid agus leis an idirghníomhaíocht a bhíonn acu leis an bpobal agus na dualgais is troime teanga a chur orthu siúd is mó a bhíonn ag soláthar seirbhísí don phobal.
(4) A chinntiú go sonrófar cearta sa reachtaíocht maidir leis an teanga oifigiúil is rogha leis an saoránach a bheith in úsáid i gcás ainm agus sheoladh an tsaoránaigh sin.
(5) A chinntiú go dtiocfaidh comhlachtaí poiblí go huathoibríoch faoi réim na reachtaíochta seachas iad a bheith ainmnithe i sceideal de chuid an Achta is gá a choinneáil cothrom le dáta. Is gníomh é sin nach ndearnadh le 10 mbliana anuas.
(6) A chinntiú go rachfar i ngleic ar bhealach níos cuimsithí le seirbhísí stáit a bhíonn á gcur ar fáil go hindíreach ag tríú páirtithe.
CRÍOCH/
Fiosrúcháin ó na Meáin:
Ciaran Brennan,
Tithe an Oireachtais,
An tAonad Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2
Fón: +3531 618 3903
Fón póca: 086-0496518
Facs: +3531 618 4551
Buan-Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán - Comhaltaí
Cathaoirleach: Caitríona Ní Chonghaile TD
Teachtaí:
aitríona Ní Chonghaile Neamhspleách
Pat the Cope Ó Gallachóir Fianna Fáil
Breandán Ó Grifín Fine Gael
Aindrias Ó Muimhneacháin Fianna Fáil
Fergus Ó Dubhda Fine Gael
Bríd Smith Pobal roimh Bhrabús
Peadar Tóibín Sinn Féin
Seanadóirí:
Pádraig Ó Céidigh Neamhspleách
Trevor Ó Clochartaigh Sinn Féin
Brian Ó Domhnaill Fianna Fáil
Seosamh Ó Raghallaigh Fine Gael