12 Noll 2016, 16:10
Beidh cruinniú ag Coiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán amárach, an 13 Nollaig 2016, le hoifigigh ón Roinn Oideachais agus Scileanna chun forálacha an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta, 2017-2022, a foilsíodh le déanaí, a phlé.
Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Caitríona Ní Chonghaile, TD: “Beidh cruinniú ag an gCoiste amárach le hoifigigh ón Roinn Oideachais agus Scileanna chun forálacha an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta, 2017-2022, a foilsíodh le déanaí, a chíoradh i dteannta a chéile. Tá sé ar intinn ag an gCoiste breithniú a dhéanamh ní hamháin ar an bpolasaí féin ach ar an straitéis a chuirfidh an Roinn ar bun chun a chinntiú go gcuirfear an polasaí i ngníomh go huile is go hiomlán. Cuirimid fáilte roimh an bpolasaí agus admhaímid gur forbairt dhearfach a bheidh ann ar theagasc na Gaeilge sna scoileanna Gaeltachta, agus táimid ag súil go mór leis an idirphlé leis an Roinn.”
Beidh an cruinniú ar siúl i Seomra Coiste 4 ar a 5 pm amárach, Dé Máirt, an 13 Nollaig 2016.
Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil beo anseo.
Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil freisin le linn duit a bheith ag taisteal trí Fheidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais a bhíonn ar fáil ar fheistí Apple agus Android.
ENDS/
Fiosrúcháin ó na Meáin:
Ciaran Brennan,
Tithe an Oireachtais,
An tAonad Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2
Guthán: +3531 618 3903
Fón Póca: 086-0496518
Facs: +3531 618 4551
Comhaltaí an Choiste
Teachtaí Dála
Caitríona Ní Chonghaile (Cathaoirleach) Neamhspleách
Pat The Cope Ó Gallachóir Fianna Fáil
Breandán Ó Grifín Fine Gael
Aindrias Ó Muimhneacháin Fianna Fáil
Fergus Ó Dubhda Fine Gael
Bríd Nic Gabhann Pobal roimh Bhrabús
Peadar Tóibín Sinn Féin
Seanadóirí
Pádraig Ó Céidigh Neamhspleách
Trevor Ó Clochartaigh Sinn Féin
Brian Ó Domhnaill Fianna Fáil
Seosamh Ó Raghallaigh Fine Gael