Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Ionadaithe ó Gaillimh le Gaeilge agus ó Cearta Oideachais le teacht os comhair Choiste na Gaeilge

16 Ean 2017, 10:23

Buailfidh Coiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán le hionadaithe ó Gaillimh le Gaeilge agus ó Cearta Oideachais amárach, Dé Máirt, an 17 Eanáir 2017.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Caitríona Ní Chonghaile TD: “Tabharfaidh Gaillimh le Gaeilge aitheasc don Choiste ar an ábhar Gaillimh - an chéad chathair in Éirinn a bhfuil stádas mar chathair dhátheangach bainte amach aici. Cuireann Gaillimh le Gaeilge úsáid na Gaeilge chun cinn agus cuireann siad béim ar a luachmhaire atá an Ghaeilge mar acmhainn eacnamaíoch do chathair na Gaillimhe. Féachann siad leis an acmhainn seo a fhorbairt i gcomhar le Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Cumann Tráchtála na Gaillimhe agus grúpaí eile sa chathair.

“De réir staidéar neamhspleách a choimisiúnaigh Gaillimh le Gaeilge, is fiú breis is €136 mhilliún in aghaidh na bliana úsáid na Gaeilge i nGaillimh agus tacaíonn sí le níos mó ná 5,000 post. Féachann Gaillimh le Gaeilge le feabhsuithe a dhéanamh ó thaobh an Ghaeilge scríofa a bheith níos feiceálaí i gcathair na Gaillimhe agus tacaíonn siad leis an aidhm seo trí sheirbhísí aistriúcháin agus trí thacaíochtaí ginearálta a sholáthar chun a chumasú don lucht gnó comharthaíocht, suímh ghréasáin, ceannchlónna agus biachláir a chur ar fáil go dátheangach. Oibríonn siad freisin chun labhairt na Gaeilge a chur chun cinn trí imeachtaí éagsúla gnó a eagrú, amhail an Lón Gnó a bhíonn ar siúl uair sa mhí. Tá súil ag an gCoiste, toisc a fheabhas atá ag éirí le Gaillimh le Gaeilge, gur féidir scéimeanna eile den saghas sin a chur chun cinn in áiteanna eile in Éirinn.

“Tabharfaidh Cearta Oideachais aitheasc don Choiste ar an tionchar a bheidh ag an mBille Oideachais (Ligean isteach i Scoileanna), 2017 ar scoileanna i gceantair Ghaeltachta agus ar scoileanna a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge. Is é bunchuspóir an Bhille creat nua a bhunú i gcomhair rollú i scoileanna a chinnteoidh go gcaithfear go cothrom le gach leanbh agus go mbeidh córas struchtúrtha, cothrom agus trédhearcach ann chun iarratais ar ligean isteach a chinneadh.

“Cé go dtagann an Coiste leis an gcur chuige seo, aithníonn sé chomh maith gurb ann d’imthosca speisialta i ndáil le leanaí arb í an Ghaeilge a labhraíonn siad lena muintir sa bhaile. Tá sé de cheart ag na leanaí sin oideachas a fháil trí mheán na Gaeilge agus ní ceart gan iad a ligean isteach i ngaelscoil ar bhonn tíreolaíochta nó ar bhonn eile riaracháin. I bhfianaise a laghad gaelscoileanna atá ann i gcomparáid leis an líon scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla, tá sé ríthábhachtach na cosaintí is gá a chur i bhfeidhm chun é seo a chinntiú.”

Beidh an cruinniú seo ar siúl i Seomra Coiste 4 ar 2.45 p.m. amárach, Dé Máirt, an 17 Eanáir 2017.

Is féidir féachaint ar imeachtaí beo an Choiste anseo.

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil le linn duit a bheith ag taisteal chomh maith trí Fheidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais atá ar fáil ar ghairis Apple agus Android.

Críoch

Fiosrúcháin ó na Meáin:

Ciarán Brennan,
Tithe an Oireachtais,
An tAonad Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2

Guthán: +3531 618 3903
Fón Póca: 086-0496518
Facs: +3531 618 4551

Comhaltas an Choiste

Teachtaí

Caitríona Ní Chonghaile (Cathaoirleach)        Neamhspleách
Pat The Cope Ó Gallachóir            Fianna Fáil
Breandán Ó Grifín                    Fine Gael
Aindrias Ó Muimhneacháin            Fianna Fáil
Fearghus Ó Dubhda                Fine Gael
Bríd Nic Gabhann                    Pobal roimh Bhrabús
Peadar Tóibín                    Sinn Féin

Seanadóirí

Pádraig Ó Céidigh        Neamhspleách
Trevor Ó Clochartaigh    Sinn Féin
Brian Ó Domhnaill        Fianna Fáil
Seosamh Ó Raghallaigh    Fine Gael

Barr
Roinn