Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Plé leis an Aire ar an Straitéis 20 Bliain le dul ar aghaidh i gCoiste na Gaeilge

16 Beal 2017, 10:01

Beidh cruinniú ag Coiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán leis an Aire Stáit um Ghnóthaí Gaeltachta agus Acmhainní Nádúrtha, Seán Ó Cadhain TD, inniu, Dé Máirt, an 16 Bealtaine 2017, chun plé a dhéanamh arís ar an bplean infheistíochta a chomhaontaigh 80 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta mar thacaíocht leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.

úirt Cathaoirleach an Choiste, Caitríona Ní Chonghaile TD: “Beimid ag leanúint inniu dár bplé leis an Aire Stáit um Ghnóthaí Gaeltachta agus Acmhainní Nádúrtha, Seán Ó Cadhain.  Tá seacht mbliana den Straitéis 20 Bliain caite anois, agus is laghdú, seachas méadú, atá tagtha ar líon na ndaoine a labhraíonn Gaeilge.  Is mór an chúis imní don Choiste nach bhfuil aon dul chun cinn déanta maidir le haidhmeanna na Straitéise 20 Bliain a bhaint amach, agus creidimid gur gá gníomhú láithreach, trí infheistiú a dhéanamh i measc rudaí eile, chun an Ghaeltacht a chosaint, chun fostaíocht a chothú sa Ghaeltacht agus chun a chinntiú go mbeidh an Ghaeilge fós beo beathach sa Ghaeltacht agus lasmuigh den Ghaeltacht.  Leanfaidh an Coiste freisin dá phlé ar an tuarascáil dar teideal ‘Tráchtaireacht ar Chóras na Scéimeanna Teanga’ a d’fhoilsigh an Coimisinéir Teanga i mí Aibreáin, 2017.”

Tosóidh an cruinniú ar 5 p.m. inniu, Dé Máirt, an 16 Bealtaine 2017, i Seomra Coiste 4.

Is féidir féachaint ar imeachtaí beo an Choiste anseo.

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil le linn duit a bheith ag taisteal chomh maith trí fheidhmchlár fóin chliste Thithe an Oireachtais atá ar fáil ar ghairis Apple agus Android.

Críoch/

Barr
Roinn