Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Éisteachtaí faoi na dúshláin atá roimh ionaid cúraim leanaí i gceantair Ghaeltachta ag dul ar aghaidh i gCoiste na Gaeilge

3 Iúil 2018, 14:16

Beidh cruinniú ag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán le hionadaithe ó Chomhar na Naíonraí Gaeltachta; Ionad Cúram Leanaí Ráth Chairn, Co. na Mí; agus Ionad Tacaíochta Teaghlaigh Iarthar Dhuibhneach – Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne, Co. Chiarraí Dé Céadaoin, an 4 Iúil 2018 chun plé a dhéanamh ar na dúshláin atá roimh ionaid cúraim leanaí a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge agus atá lonnaithe i gceantair Ghaeltachta.

Is é seo an dara huair i mbliana a bheidh an t-ábhar seo á phlé ag an gCoiste; bhí cruinniú ann cheana le hionadaithe ó Chrann Taca/Comharchumann Shailearna Teo., Co. na Gaillimhe an 6 Feabhra 2018.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Caitríona Ní Chonghaile TD: “Is mian leis an gCoiste plé a dhéanamh ar na deiseanna agus ar na dúshláin atá ann d’eagraíochtaí agus d’oibrithe san earnáil seo, agus ar an gcaoi is fearr ar féidir cuidiú le tuismitheoirí a chuireann a leanaí chuig ionaid cúraim leanaí lán-Ghaeilge, sa Ghaeltacht agus lasmuigh den Ghaeltacht.  Aithníonn an Coiste na dúshláin bhreise atá roimh thuismitheoirí maidir leis sin, agus tá sé ag iarraidh a chinntiú go rachfar i ngleic go héifeachtach leis na dúshláin bhreise sin.  Aithníonn an Coiste freisin nár chóir go gcuirfí costais bhreise ar thuismitheoirí as cúram leanaí agus oideachas trí Ghaeilge, agus gur chóir aon chostais bhreise a mhaolú a mhéid ab fhéidir.  Déanfaimid cíoradh is doimhne ar an ábhar amárach.

Tosóidh an cruinniú ar 4.15pm Dé Céadaoin, an 4 Iúil 2018, i Seomra Coiste 4, Teach Laighean.  Is féidir féachaint ar imeachtaí beo an Choiste anseo.

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil le linn duit a bheith ag taisteal chomh maith trí fheidhmchlár fóin chliste Thithe an Oireachtais atá ar fáil ar ghairis Apple agus Android.

Barr
Roinn