Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Tuarascáil ar Ghaeltacht Mhaigh Eo á seoladh ag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán

13 Noll 2019, 14:19

Inniu, sheol Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán tuarascáil ar Ghaeltacht Mhaigh Eo, ar tuarascáil í a agraíonn ar an Rialtas gníomhú go práinneach chun Gaeltacht Mhaigh Eo a shlánchoimeád.

Caithfidh an Rialtas gníomhú go práinneach chun aghaidh a thabhairt ar an meath ar an daonra, ar líon na gcainteoirí agus ar theitheadh Gaeilgeoirí óga ó Ghaeltacht Mhaigh Eo go dtí ceantair uirbeacha, dar le tuarascáil nua arna foilsiú ag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán.

Tá an tuarascáil bunaithe ar chuairt ag toscaireacht ó Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán go Maigh Eo idir an 30 Meán Fómhair agus an 2 Deireadh Fómhair 2018. Tá 18 mholadh sa tuarascáil a bhaineann le Maigh Eo agus freisin le ceantair Ghaeltacha eile ar fud na tíre.

Creideann an Comhchoiste go gcaithfidh an Rialtas gníomhú go práinneach agus acmhainní a sholáthar do na pobail atá suite i nGaeltacht Mhaigh Eo.

Iarrtar na nithe seo a leanas sa tuarascáil:

Soláthar iomlán seirbhísí Stáit agus seirbhísí poiblí áitiúla sa Ghaeilge agus sa Bhéarla araon do chónaitheoirí Gaeltachta

Tacaíocht éifeachtach don chóras oideachais agus chun an Polasaí don Oideachas Gaeltachta, 2017-2022 a chur i bhfeidhm go hiomlán sa Ghaeltacht

Poist fhadtéarma, lain-aimseartha, inphinsin a bheidh bunaithe ar fhaisnéis, cultúr agus teanga, mar aon le raon fairsing post eile, a sholáthar

Seirbhís iompair chun Gaeltacht Mhaigh Eo a nascadh leis na bailte móra i gContae Mhaigh Eo.

Maidir leis an tuarascáil, is í an tuarascáil dheiridh í i sraith tuarascálacha ón gComhchoiste ina ndírítear ar na dúshláin atá roimh phobail Ghaeltachta. Léiríodh i dtuarascálacha roimhe seo na dúshláin i nGaeltacht Ghaoth Dobhair i nDún na nGall, i nGaeltacht na Mí, ar Oileáin Árann agus i nGaeltacht Mhúscraí i gCorcaigh.

Luaigh na pobail Ghaeltachta ar fad na bacanna ceanna ar bhonn rialta le linn a bplé leis an gComhchoiste. Tá an Comhchoiste den tuairim go bhfuil cúrsaí go dona sa Ghaeltacht agus go bhfuil freagra an Rialtais easnamhach agus neamh-leordhóthanach.

Maidir le soláthar seirbhísí sa Stát, níor caitheadh go cothrom le pobail Ghaeltachta agus ní féidir a rá nach bhfuil inmharthanacht na bpobal seo gan phriacal, agus áirítear air sin na mórdhúshláin atá roimh Ghaeltacht Mhaigh Eo.

Má tá an pobal seo chun bheith ina phobal inmharthana amach anseo, áit a labhraítear an Ghaeilge ar bhonn laethúil, tá na cónaitheoirí ann, mhar cháiníocóirí agus mar shaoránaigh, i dteideal tacaíocht ón Rialtas. Is é seo an chúis a ndearna an Coiste an tuarascáil seo a ullmhú agus a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais agus táthar ag súil go léifidh Airí Rialtais an tuarascáil seo agus go dtabharfaidh said aird ar na moltaí atá inti. Tá an Coiste ag súil le freagra an Rialtais ar mholtaí na tuarascála.

Le linn a phlé i Maigh Eo, bhí cruinnithe ag an gComhchoiste le grúpaí áitiúla comhair agus cumainn áitiúla mar aon le comhlachtaí Stáit a bhíonn ag obair sa réigiún, lena n-áirítear, Coláiste Chomáin, Coláiste UISECE, Mayo County Council, Comharchumann Forbartha Ionad Deirbhile Eachléim Teoranta, Comhar Dhún Chaocháin Teoranta, Comhar Naíonraí na Gaeltachta, the Mayo branch of Conradh na Gaeilge, Cuman Lúthchleas Gael Cill tSéadhna, Scoil Náisiúnta Croí Mhuire Gan Smál, Scoil Náisiúnta Ros Dumhach, Seirbhísí Cúram Chill Chomáin Teoranta and Údarás na Gaeltachta.        

Nóta

Tá Gaeltacht Mhaigh Eo suite sa leath thiar den chontae agus cuimsítear inti thrí cheantar ar leithligh, arb éard iad Tuar Mhic Éadaigh, codanna d’Oileán Acla agus Iorras. Tá daonra 9,340 (Daonáireamh 2016) i nGaeltacht Mhaigh Eo, arb ionann é agus 9.4% de dhaonra iomlán na Gaeltachta.

Faigh amach faoi na tuarascálacha agus na ráitis is déanaí ón gCoiste agus faoina chomhaltas

Barr
Roinn