Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Déanann an Coiste um Ghnóthaí Eachtracha cáineadh ar thascradh eitilt Ryanair ag údaráis na Bealarúise

26 Beal 2021, 11:51

Chomhaontaigh an Comhchoiste um Ghnóthaí Eachtracha d’aon ghuth rún ag cáineadh thascradh eitilt Ryanair ag údaráis na Bealarúise.

Agus é ag labhairt thar cheann an Choiste, dúirt an Cathaoirleach, Charlie Flanagan, TD: “Chomhaontaigh Comhaltaí d’aon ghuth an rún maidir le Comhchoiste um Ghnóthaí Eachtracha agus Cosaint:  

  • Cáineann sé go soiléir an gníomh neamhdhleathach a rinne údaráis na Bealarúise ag tascradh eitilt Ryanair idir an Ghréig agus an Liotuáin Dé Domhnaigh, an 23 Bealtaine
  • Aithníonn sé an tsraith smachtbhannaí a mhol Comhairle an Aontais Eorpaigh mar fhreagairt ar an ngníomh neamhdhlíthiúil sin
  • Molann sé do Chomhairle na hEorpa agus don Choimisiún Eorpach leanúint ar aghaidh agus faireachán a dhéanamh ar staid chúrsaí sa Bhealarúis
  • Iarrann sé go scaoilfear Raman Pratasevich agus Sofia Sapega gan choinníoll agus go soláthrófar dearbhuithe maidir lena saorghluaiseacht
  • Iarrann sé ar an Aire Gnóthaí Eachtracha le cinntiú go n-ardaítear an cheist a luaithe agus is féidir ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus ag Comhairle Gnóthaí Eachtracha an Aontais Eorpaigh” 

Chomhaontaigh comhaltaí an Choiste an rún ag cruinniú, inné, an 25 Bealtaine, 2021.   

Barr
Roinn