Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Comhchoiste um Fhiontair, Trádáil agus Fostaíocht chun comhaontú trádála AE-Cheanada a phlé leis an Tánaiste Leo Varadkar

21 MFómh 2021, 16:10

Beidh cruinniú ag an gComhchoiste um Fhiontair, Trádáil agus Fostaíocht amárach, an 22 Meán Fómhair leis an Tánaiste, Leo Varadkar TD chun Comhaontú Cuimsitheach Eacnamaíoch agus Trádála AE-Cheanada (CETA) a phlé.

Craolfar an cruinniú cianda leis an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta ar 9.30 a.m. ó Sheomra Coiste 1 de Theach Laighean.

Roimh an gcruinniú, dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Muiris Ó Caoindealbháin: “Gan amhras, do gheilleagar oscailte ar nós Éireann, d’fhéadfadh le comhaontuithe trádála amhail an Comhaontú Cuimsitheach Eacnamaíoch agus Trádála idir AE agus Ceanada sochair mhóra eacnamaíocha a bheith i gceist.

Tá gnéithe den chomhaontú trádála seo áfach a ndéanann daoine mór-imní fúthu agus a bhfuil malairt tuairimí ina leith i dTithe an Oireachtais agus sa tsochaí trí chéile. Tabharfar le hidirghabháil dhíreach an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta do Chomhaltaí an Choiste seo an chéad deis grinnscrúdú a dhéanamh ar na míreanna rí-thábhachtacha seo den Chomhaontú agus a dtábhacht a mheas.”

14 Chomhaltaí atá ar an gComchoiste Coiste um Fhiontair, Trádáil agus Fostaíocht, naonúr ón Dáil agus cúigear ón Seanad.

Is féidir breathnú ar an gcruinniú i Seomra Coiste 1 beo ar Oireachtas.ie

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil freisin ar Fheidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais a bhíonn ar fáil ar fheistí Apple agus Android.

Fiosrúcháin ó na meáin

Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn