Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Tiocfaidh an Coiste um Fhormhaoirsiú Buiséid le chéile le haghaidh plé a dhéanamh ar Uasdátú i dtaobh an Chláir Cobhsaíochta

26 Aib 2023, 10:44

Tiocfaidh an Coiste um Fhormhaoirsiú Buiséid le chéile amárach, Dé Céadaoin, an 26 Aibreán le haghaidh plé ar Uasdátú i dtaobh an Chláir Cobhsaíochta a foilsíodh an tseachtain seo caite ar 5:30pm i Seomra Coiste 2 de Theach Laighean.

Le linn an chruinnithe, cloisfear uathu seo a leanas:

 

  • An tAire Airgeadais, an tUasal Micheál Mac Craith, TD
  • An tAire Caiteachais Phoiblí, Seachadta ar an bPlean Forbartha Náisiúnta, agus Athchóirithe, Pascal Ó Donnchú, TD.

 

 

Is féidir breathnú ar an gcruinniú i Seomra Coiste 2 beo ar Oireachtas TV.

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil freisin ar Fheidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais a bhíonn ar fáil ar fheistí Apple agus Android.

Fiosrúcháin ó na meáin

Stephen Higgins

Tithe an Oireachtais,

Oifigeach Cumarsáide,

Teach Laighean, 

Baile Átha Cliath 2

+353 (0) 1 618 4743

+353 (0) 85 801 3096

stephen.higgins@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie

Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn