Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Comhchoiste na Gaeilge ag dul i mbun plé le hIntéirnigh TG4

16 Aib 2024, 16:06

Ag a chruinniú amárach, Dé Céadaoin, an 17 Aibreán 2024, pléifidh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta, agus Phobal Labhartha na Gaeilge na féidearthachtaí agus deiseanna atá ar fáil do chéimnithe tríú leibhéal nuair a dhéanann siad taithí oibre agus intéirneachtaí le TG4.

Beidh an cruinniú ar siúl i Seomra Coiste 1 ag 13:30, nuair a thiocfaidh ionadaithe thar ceann TG4 os comhair an Chomhchoiste.

Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: “Is léir don Chomhchoiste a thábhachtaí atá an fhís fhadradharcach agus fhadtréimhseach a bhí ag TG4 i gcás na meán craolta i nGaeilge nuair a tháinig an craoltóir ar an bhfód breis is 25 bliain ó shin. Sna sála air sin, táim féin agus Comhaltaí an Chomhchoiste ag súil go mór le tuairimí, taithí agus moltaí a chloisteáil ón gcéad ghlúin eile dóibh siúd atá i mbun taithí oibre le TG4.”

“Tá súil ag Comhaltaí an Chomhchoiste dul i mbun cainte leis na daoine céanna a bheidh i mbun oibre ag cur an Ghaeilge chun cinn ar na meáin chraolta ar fud na tíre agus na cruinne, agus cúnamh an Chomhchoiste a thabhairt dóibh tabhairt faoi sin ar aon bhealach ar féidir leis é sin a dhéanamh”.

Tá 14 Chomhalta, naonúr ó Dháil Éireann agus cúigear ó Sheanad Éireann, mar Chomhaltaí de chuid Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge.

Is féidir féachaint ar an gcruinniú seo beo ó Seomra Coiste 1 beo ar Teilifís an Oireachtais.

Chomh maith leis sin, is féidir imeachtaí an Chomhchoiste a fheiceáil ar aip fhónchliste Thithe an Oireachtais, a bhfuil ar fáil ó ghléasanna Apple agus Android.

Fiosrúcháin ó na meáin

Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn