Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Aithníonn Comhchoiste na Gaeilge an cúnamh agus tacaíocht atá ag teastáil go géar ó phobal Gaeltachta Acla

17 Aib 2024, 14:15

Inniu, tá tuarascáil á foilsiú ag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge ar Ghaeltacht Acla a dhíríonn ar na dúshláin agus féidearthachtaí atá ag an gceantar Gaeltachta sin.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh: “Thaistil toscaireacht de chuid an Chomhchoiste go hAcaill le gairid, áit ar bhuail sé leis an bpobal agus le heagraíochtaí éagsúla atá ag obair ar an talamh ann chun féiniúlacht agus inmharthanacht an cheantair Gaeltachta seo a chaomhnú agus a threisiú. Le linn na toscaireachta seo, bhí plé ag Comhaltaí an Chomhchoiste le muintir Acla – daoine de bhunadh na háite, gníomhairí pobail, oibrithe deonacha, tuismitheoir, múinteoirí, cúntóirí ranga agus daoine eile nach iad. Is chuige sin a chuir an Comhchoiste an tuarascáil seo i dtoll a chéile ar a bhfuil 18 moltaí bunaithe.”

“Mar sin féin, aithníonn an Comhchoiste an géarghá atá le tacaíocht agus cúnamh an Rialtais agus an údaráis áitiúil a thabhairt do phobal Acla. Chun na moltaí sin a bhaint amach, iarrann an Comhchoiste ar an Rialtas agus ar na páirtithe leasmhara cuí aird ar leith a dhíriú ar an ocht gcinn déag de mholtaí sa tuarascáil seo agus iad a chur i gcrích chomh luath agus is féidir. Iarraimid ar na hAirí cuí a gcuid tuairimí ar na moltaí seo a chur in iúl don Chomhchoiste, agus a rá linn cé acu a bhfuil nó nach bhfuil siad toilteanach iad a chur i bhfeidhm. Ní hé leagan na tuarascála seo faoi bhráid Thithe an Oireachtais agus na nAirí Rialtais ach tús an phróisis seo, áfach: iarraim anois ar phobal Acla í a léamh agus tacaíocht réamhghníomhach a thabhairt di agus dá cuid moltaí”.

Is féidir an tuarascáil ar thoscaireacht an Chomhchoiste go Gaeltacht Acla a léamh anseo.

Tá 14 Chomhalta, naonúr ó Dháil Éireann agus cúigear ó Sheanad Éireann, mar Chomhaltaí de chuid Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge.

Fiosrúcháin ó na meáin

Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn