17 Aib 2024, 11:51
Tiocfaidh an Comhchoiste um Iompar agus Cumarsáid le chéile inniu, Dé Céadaoin an 17Aibreán 2024 ar 1:30pm le hionadaithe ón gCeardchumann Seirbhísí, Tionsclaíoch, Gairmiúil agus Teicniúil (SIPTU) chun plé a dhéanamh ar an suirbhé a rinne siad le déanaí a bhaineann le hiompar frithshóisialta ar iompar poiblí a phlé ar 1:30pm i Seomra Coiste 2 de Theach Laighean.
Ag labhairt dó roimh an gcruinniú, dúirt Leas-Chathaoirleach an Choiste, an Seanadóir Gearóid Ó Horcáin: “Táimid ag tnúth le plé a dhéanamh tráthnóna le SIPTU faoina fheachtas dar teideal “Bíodh meas ar Oibrithe Iompair Phoiblí”. Is é an cuspóir atá leis aird a tharraingt ar chineálacha éagsúla iompair fhrithshóisialta atá ag tarlú ar fud gach modha Iompair Phoiblí.
Tapóimid an deis chun plé a dhéanamh le SIPTU faoin bhfaisnéis a bailíodh ó suirbhé tábhachtach seo agus faoi cad iad na pleananna agus straitéisí a mholfaidís dár gCoiste chun gur féidir linn a bheith In ann na peirspeictíochtaí seo atá bunaithe ar thaithí pearsanta maidir leis na dúshláin atá roimh fhoireann agus paisinéirí iompair phoiblí
Is féidir breathnú ar an gcruinniú i Seomra Coiste 2 beo ar Oireachtas TV.
14 Chomhaltaí atá ar an gComhchoiste um Iompar agus Cumarsáid, naonúr ón Dáil agus cúigear ón Seanad.
Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil freisin ar Fheidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais a bhíonn ar fáil ar fheistí Apple agus Android.
Fiosrúcháin ó na meáin
Stephen Higgins
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2
+353 (0) 1 618 4743
+353 (0) 85 801 3096
Twitter: @OireachtasNews