Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Coiste Comhairliúcháin Phoiblí an tSeanaid chun an tríú éisteacht phoiblí ar Thodhchaí an Daonlathais Áitiúil a thionól

24 Aib 2024, 16:45

Déardaoin an 25 Aibreán 2024, tionólfaidh Coiste Comhairliúcháin Phoiblí an tSeanaid a thríú éisteacht phoiblí ar Thodhchaí an Daonlathais Áitiúil.

Is é a bheidh sna héisteachtaí, a bheidh ar siúl i Seomra an tSeanaid, seisiún maidine (10:30am go 12:30pm) agus seisiún tráthnóna (1:30pm to 4:30pm).

I seisiún na maidine, déanfaidh an Coiste idirghabháil le Méaraí agus Cathaoirligh ar údaráis áitiúla, agus comhairleoirí aonair a rinne aighneachtaí chuig an gCoiste, ag díriú ar na ceithre údarás áitiúil i mBaile Átha Cliath.

I seisiún an tráthnóna, déanfaidh an Coiste idirghabháil le heagraíochtaí agus grúpaí ionadaitheacha ar thug an Coiste cuireadh dóibh freastal ar éisteachtaí poiblí, lena n-áirítear Fórsa, Rúnaíocht an Líonra Rannpháirtíochta Pobail (PPN), Toscaireacht na hÉireann chuig Coiste na Réigiún de chuid AE agus Comhlachas Réigiúin na hÉireann. Déanfaidh an Coiste idirghabháil freisin le líon comhairleoirí agus daoine den phobal.

Roimh an gcruinniú, dúirt Leas-Chathaoirleach an tSeanaid, an Seanadóir Marcas Ó Dálaigh, ina cháil mar Chathaoirleach ar an gCoiste: “Thar ceann an Choiste, gabhaim buíochas arís le gach duine a rinne aighneacht ar an ábhar ríthábhachtach seo agus leis na daoine a rinne idirghabháil linn go dtí seo sa chuid sin den chomhairliúchán seo arb éard í éisteachtaí poiblí. Is mór againn an t-ionchur seo, mar Choiste, ó thaobh na saincheisteanna is mó is cás linn a léiriú, agus moltaí a aithint maidir le conas is féidir aghaidh a thabhairt orthu, ar rud é is tábhachtaí fós.” 

Dúirt an Rapporteur don chomhairliúchán, an Seanadóir Seán Ó Caisealáin: “Tá an Coiste tar éis roinnt dúshlán ríthábhachtacha a aithint atá roimh an daonlathais áitiúil, lena n-áirítear na hathruithe a eascraíonn as athchóiriú ar údarás áitiúil le blianta beaga anuas, chomh maith leis an timpeallacht is dúshlánaí fós agus a gcaithfidh iad siúd atá bainteach le húdarás áitiúil plé léi. Ba mhaith liom aithris a dhéanamh ar an mbuíochas a ghabh an Cathaoirleach leis na daoine ar fad a bhí rannpháirteach san idirghabháil, agus táim ag tnúth go mór lenar gcuid pléití le comhairleoirí, eagraíochtaí, agus daoine den phobal le linn éisteacht na seachtaine seo.”

Tá an Coiste ag súil le leanúint de na héisteachtaí poiblí agus an samhradh ag teannadh linn, agus é d’aidhm acu dréacht-tuarascáil agus moltaí a thiomsú, a fhoilseoidh sé i gceann na haimsire.

Is éard é na héisteachtaí seo céim láithreach phróiseas an Choiste, de bhun an fhógra phoiblí a d’iarr aighneachtaí agus a foilsíodh i mí Iúil 2023.

Fiosrúcháin ó na meáin

Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn