Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Comhchoiste um Thithíocht, Rialtas Áitiúil agus Oidhreacht chun Scéim na nDeontas Feabhsaithe le haghaidh Bloic Coincréite Lochtacha a phlé

13 Beal 2024, 17:05

Tiocfaidh an Comhchoiste um Thithíocht, Rialtas Áitiúil agus Oidhreacht le chéile amárach, Dé Máirt, an 14 Bealtaine, chun Scéim na nDeontas Feabhsaithe le haghaidh Bloic Coincréite Lochtacha a phlé le leas-sealbhóirí.

Le linn an chruinnithe ar 3 p.m. i Seomra Coiste 3 de Theach Laighean, cloisfear ó oifigigh ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, agus ó ionadaithe ón nGníomhaireacht Tithíochta, ón Údarás um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann, ó Innealtóirí Éireann agus ón gCumann Bainistíochta Contae agus Cathrach.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Stiofán Mac Mathúna: “Déantar, leis Scéim na nDeontas Feabhsaithe le haghaidh Bloic Coincréite Lochtacha, deontais a sholáthar d’iarrthóirí incháilithe a raibh tionchar ag bloic lochtacha ar a dtithe chun a dtithe a leigheas, suas go huasmhéid €420,000.

Tá limistéir údaráis áitiúla i nDún na nGall, Maigh Eo agus sa Chlár sainainmnithe faoi láthair faoin scéim, cé go bhféadfaidh údaráis áitiúla breise a iarraidh go n-áireofaí iad sa scéim agus tá roinnt acu ag gabháil don phróiseas sainainmniúcháin faoi láthair.

Tá úinéirí tithe sna contaetha seo a ndearnadh difear dóibh tar éis imní a chur in iúl maidir leis an scéim a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear moill ar rochtain a fháil ar cistí agus deontais atá faoi bhun sásamh 100 faoin gcéad. Rinne an Coiste plé ar na saincheisteanna seo agus ar shaincheisteanna eile maidir leis an scéim le linn cruinniú a bhí acu le húinéirí tithe a ndearnadh difear dóibh ón gClár, ó Dhún na nGall agus ó Mhaigh Eo.

“The Committee now looks forward to hearing from Department officials, statutory agencies and stakeholder groups about the operation of the scheme, the concerns raised by homeowners in affected counties, and related matters.”

Tá an Coiste ag tnúth anois le scéala ó oifigigh don Roinn, ó ghníomhaireachtaí reachtúla agus ó ghrúpaí leas-sealbhóirí maidir le hoibriú na scéime, leis an imní a chuir úinéirí tithe i gcontaetha dá ndearnadh difear in iúl agus le nithe gaolmhara.”

14 Chomhaltaí atá ar an gComhchoiste um Thithíocht, Rialtas Áitiúil agus Oidhreacht, naonúr ón Dáil agus cúigear ón Seanad.

Is féidir breathnú ar an gcruinniú beo ar Oireachtas TV.

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil freisin ar Fheidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais a bhíonn ar fáil ar fheistí Apple agus Android.

Fiosrúcháin ó na meáin

Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn