Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

PREASRÁITEAS: Tuarascáil an Tascfhórsa ar Rannpháirtíocht sa Saol Polaitiúil agus Tuarascáil an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, ar fhionnachtana an tSuirbhé ar Dhrochíde agus Ciapadh ar Chomhaltaí Thithe an Oireachtas agus ar an bhFoireann Pholaitiúil.

15 Beal 2024, 15:00

Tá an Ceann Comhairle, an Teachta Séan Ó Fearghaíl, agus Cathaoirleach an tSeanaid, an Seanadóir Diarmuid Ó Buitiméir tar éis Tuarascáil an Tascfhórsa ar Rannpháirtíocht sa Saol Polaitiúil agus Tuarascáil an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, ar fhionnachtana an tSuirbhé ar Dhrochíde agus Ciapadh a Dhéanamh ar Chomhaltaí Thithe an Oireachtas agus ar an bhFoireann Pholaitiúil a fhoilsiú.

Léigh an tuarascáil ina hiomláine anseo

 

Bunaíodh an Tascfhórsa ar Rannpháirtíocht sa Saol Polaitiúil mar fhreagairt do thuaracálacha go raibh leibhéal méadaithe drochíde agus ciaptha, lena n-áirítear drochíde, ciapadh agus imeaglú ar line, á n-imirt orthu seo atá rannpháirteach sa saol polaitiúil.

Tá tionchar fadtéarmach ar dhrochíde, mar a léirítear i staidéir náisiúnta agus idirnáisiúnta, ar na pearsana aonair a n-imrítear orthu í, agus d’fhéadfadh sé a bheith ina bac ionchasach ar rannpháirtíocht sa saol polaitiúil agus an bonn a bhaint den phróiseas daonlathach.

Bhí cruinniú ag an Tascfhórsa le raon fairsing leas-sealbhóirí agus rinne sé breithniú ar aighneachtaí scríofa chun a gcuid oibre a fhaisnéisiú, teachta ar chonclúidí agus teacht ar na moltaí inbhraite atá sa Tuarascáil seo.

Baineann an Tascfhórsa de thátal as an bhfaisnéis go bhfuil drochíde fhorleathan sa saol polaitiúil agus go bhfuil sí dírithe den chuid is mó ar mhná agus ar ghrúpaí mionlaigh. Tá drochíde ar line ag dul in olcas agus á normalú, agus í gríosaithe ag fuath in aghaidh ban, gnéasachas, ciníochas agus éadulaingt.

Baineann an Tascfhórsa de thátal as an bhfaisnéis, i bhfianaise an tionchair thromchúisigh ionchasaigh ar an daonlathas, agus ar an iondaíocht éagsúil agus uilechuimsitheach, go bhfuil gá le cur chuige comhordaithe chun aghaidh ar thabhairt ar an tsaincheist seo.

Tá 16 mholadh inghníomhaithe i dTuarascáil an Tascfhórsa atá dírithe ar leas-sealbhóirí éagsúla, idir Thithe an Oireachtais, Cheannairí na bpáirtithe polaitíochta, an Gharda Síochána, Ranna Rialtais agus ghníomhaireachtaí agus go háirithe na meáin shóisialta.

Cuimsíonn na moltaí seo ceanglais maidir le taighde, slándáil agus sábháilteacht, straitéis agus comhordú chun aghaidh a thabhairt ar chúiseanna na drochíde, ról na bpáirtithe polaitíochta agus na meán sóisialta.

Ag labhairt le linn sheoladh Thuarascáil an Tascfhórsa, dúirt an Ceann Comhairle, Seán Ó Fearghaíl “Bunaíodh an Tascfhórsa mar fhreagairt do thuaracálacha go raibh leibhéal méadaithe drochíde, lena n-áirítear drochíde ar líne, á n-imirt orthu seo atá rannpháirteach sa saol polaitiúil agus gur mó an imní i dtaobh na saincheisteanna seo le déanaí.

 

 

Is fadréimseach na moltaí i dTuarascáil an Tascfhórsa agus tugann siad aghaidh ar bheartas an Rialtais, saincheisteanna slándála, ar na meáin shóisialta agus eile. Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun a chur i gcuimhne do Chomhaltaí na dTithe agus do cheannairí na bpáirtithe go bhfuil freagracht ar leith orainn mar pharlaiminteoirí, inár n-aonar agus i gcomhpháirt lena chéile, eiseamláir a thabhairt sa réimse seo trí mheas a chur chun cinn sa pholaitíocht. Ní mór díospóireacht, easaontas agus tuairimí éagsúla a bheith ann faoin daonlathas, ach nuair a bhaineann drochíde agus imeaglú leis an easaontas, múchtar díospóireacht shláintiúil agus ní mó a ndúshlán a thabhairt.

Trí pháirt a ghlacadh i bplé sibhialta múinte socraímid blas na díospóireachta polaitiúla is leithne sa tsochaí agus léirímid nach nglacfaimid le haon drochíde ná imeaglú.

Tá ról ag na páirtithe polaitíochta seasamh le luachanna an chomhionannais agus an mheasa i measc a gcomhaltais, maidir le caighdeáin iompair a shocrú agus maidir le tacaíocht a thabhairt do na daoine atá thíos le drochíde. Le linn na bhfeachtas toghchán Áitiúil agus Eorpach a bheidh ar siúl ar ball beag, ba chóir go mbeadh na páirtithe polaitíochta aireach ar an ngá atá le tacaíocht a thabhairt do na hiarrthóirí uile déileáil leis na dúshláin atá rompu agus aon ócáidí drochíde a thuairisciú. Bunófar conair tuairiscithe a bhunú d’iarrthóirí agus d’ionadaithe tofa mar chuid ríthábhachtach den tacaíocht seo.

Ag labhairt di le linn sheoladh na tuarascála, dúirt Cathaoirleach an Tascfhórsa, Noirín O’Sullivan: “Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an gCeann Comhairle agus leis an gCathaoirleach as an gceannaireacht agus an bhforléirgeas uathu maidir leis an Tascfhórsa a bhunú agus an tacaíocht uathu le linn an phróisis.”

Is mór an toradh agus sásamh atá i gceist leis an saol polaitiúil agus ní mór rannpháirtíocht ann a chosaint agus tacaíocht a thabhairt don chéanna. Is faoi threoir a Théarmaí Tagartha comhaontaithe a d’oibrigh an Tascfhórsa, agus le linn an phróisis seo, bhí cruinnithe againn le raon éagsúil daoine agus eagraíochtaí, lena n-áirítear acadúlaigh, eagraíochtaí neamhrialtasacha, Ranna Rialtais agus gníomhaireachtaí, chun an tsaincheist seo a bhreithniú. D’iarramar ionchur idirnáisiúnta freisin chun breithniú a dhéanamh ar conas a phléann dlínsí eile leis an tsaincheist seo.”

Is ábhar spéise Tuarascáil an Tascfhórsa do pharlaimintí eile a chaithfidh aghaidh a thabhairt ar na dúshláin chéanna agus d’fhéadfadh sí a bheith ina cúis le plé is leithne faoi conas teacht ar réitigh ar shaincheisteanna a bhaineann le hiliomad tíortha.”

Molann an tascfhórsa go mbeidh Tithe an Oireachtas i gceannas ó thaobh freagairt chuimsitheach leanúnach a chomhordú, i gcomhpháirt le Ranna Rialtais agus leas-sealbhóirí iomchuí eile, trí Ghrúpa Ard-Oifigeach um Fhormhaoirsiú agus Feidhmiúcháin a bhunú agus a mhaoiniú d’fhonn na moltaí sa Tuarascáil seo a chur i ngníomh.

Chun Comhaltaí, an pobal parlaiminteach agus timpeallacht Theach Laighean a chosaint, moltar go ndéanfaidh Tithe an Oireachtas socruithe slándála a bhreithniú agus a neartú agus go ndéanfaidh siad a chinntiú go mbunófar sásraí le haghaidh comhoibriú feabhsaithe agus comhroinnt faisnéise leis an nGarda Síochána (AGS).

Faoi threoir dea-chleachtas idirnáisiúnta, molann an Tascfhórsa go ndéanfaidh Tithe an Oireachtas seirbhís monatóireachta liostála roghnaí a bhunú agus a mhaoiniú do Chomhaltaí chun monatóireacht agus tuairisciú a dhéanamh.

Molann an Tascfhórsa go ndéanfar na Cóid Chleachtais faoin Acht um Chaighdeáin in Oifig Phoiblí, 2001 do TDanna agus Seanadóirí a athbhreithniú agus a uasdátú chun go n-áireofar forálacha maidir le haghaidh a thabhairt ar dhrochíde, lena n-áirítear drochíde ar líne, agus iompair idirdhealaitheacha.

Tá ról ríthábhachtach ag an nGarda Síochána (AGS) maidir le riail an dlí, cearta saoránach agus daoine atá rannpháirteach sa saol polaitiúil, a chosaint. Déanann an Tascfhórsa moltaí maidir leis an ngá atá le cur chuige fianaise-bhunaithe atá struchtúrtha agus comhordaithe ag AGS maidir lena fhreagrachtaí a chomhall, comhairle comhraic coireachta a sholáthar agus freagairt go hiomchuí do theagmhais thuairiscithe. Ba chóir gur gnách an rud é an tuairisciú agus go mbunófaí sásraí soiléire chuige sin agus go mbeadh cur chuige neamhfhulaingthe i bhfeidhm ar fud an chórais ceartais choiriúil, an tsaoil pholaitiúil agus na sochaí sibhialta.

Baineann an Tascfhórsa de thátal as an méid seo go bhfuil páirt ríthábhachtach ag na hardáin meán sóisialta, ag rialálaí Choimisiún na Meán maidir le haghaidh a thabhairt go gníomhach ar dhrochíde ar líne in aghaidh polaiteoirí agus iarrthóirí polaitiúla. Tá freagracht ar gach ardán meán sóisialta maidir le bearta gníomhacha a dhéanamh chun gach úsáideoir a chosaint, lena n-áirítear daoine atá rannpháirteach sa saol polaitiúil, agus chun spás sábháilte a áirithiú don phlé sibhialta polaitiúil. I dteannta an mhéid sin, ba chóir do Choimisiún na Meán úsáid iomlán a bhaint as a chuid cumhachtaí chun ardáin meán sóisialta a rialú agus chun aghaidh a thabhairt ar neamhghníomhaíocht ag ardáin meán sóisialta ó thaobh freagairt d’fhadhb na drochíde ar líne.

Chun cur le hobair an Tascfhórsa, rinne an tOllamh Eugenia Siape, Stiúrthóir an Ionaid um Beartas Digiteach, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, suirbhé ar Chomhaltaí Thithe an Oireachtais agus a bhfoireann chun teacht ar thuiscint níos soiléire ar mhéid agus tionchar na saincheiste seo. Is mór ag an Tascfhórsa obair an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus luach na hoibre seo maidir le tacú lenár moltaí.

Tá cóip den tuarascáil taighde ina hiomláine ar fáil ar leathanach gréasáin an Tascfhórsa: 

Scaip an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, suirbhé ar 220 comhalta de Dháil Éireann agus Sheanad Éireann go léir agus ar 580 duine den fhoireann pholaitiúil i mí Feabhra 2024.

San iomlán, chomhlánaigh 61 Comhalta agus 200 duine den fhoireann polaitiúil an suirbhé, arb ionann é agus ráta comhlánaithe isteach is amach le 28% agus 34% faoi seach.

Mar seo a leanas cuid de na fionnachtana ríthábhachtacha:

  • imríodh drochíde ar 94% de na Comhaltaí agus ar 72% den fhoireann polaitiúil a thug freagraí
  • Is mó an drochíde ghnéasach agus gnéasachais a imríodh ar Bhanchomhaltaí
  • Bhí drochthionchar ag an drochíde ar íospartaigh, ar a dteaghlaigh agus ó thaobh rannpháirtíocht pholaitiúil
  • Is iad saincheisteanna na hinimirce agus ceart ban is mó a tharraing drochíde.

Fiosrúcháin ó na meáin

Áine McMahon

Tithe an Oireachtais

Oifigeach Cumarsáide

Teach Laighean

Baile Átha Cliath 2

+353 1 618 4149

+353 85 8707436

aine.mcmahon@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie

Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn