Bíonn meas ag Seirbhís Thithe an Oireachtais ar chearta an uile dhuine a úsáideann ár gcuid seirbhísí agus tá do phríobháideachas an-tábhachtach dúinn.
Cibé acu atá tú ag tabhairt cuairt ar ár suíomh gréasáin nó ar champas Theach Laighean, is tosaíocht i gcónaí dúinn do chearta um chosaint sonraí. Léirítear seo inár mbeartas um chosaint sonraí, ina bhfuil leagtha amach go soiléir conas a chloímid lenár ndualgais um chosaint sonraí.
Léargas ginearálta
- Iarratas rochtana a dhéanamh
-
Le hiarratas rochtana a dhéanamh nó le haon cheann de do chearta a fheidhmiú faoin RGCS nó faoin Acht um Chosaint Sonraí, 2018 is féidir teagmháil a dhéanamh le hoifigeach cosanta sonraí na Seirbhíse ar na slite seo a leanas:
Fón: +353 (1) 618 4712
ríomhphost: dataprotection@oireachtas.ie
Seoladh poist: Seirbhís Thithe an Oireachtais, Teach Laighean, Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2, D02 XR20
- Sáruithe ar shonraí
-
Cuimsíonn sárú ar shonraí pearsanta aon sárú ar shlándáil as a n-eascródh aon chineál de nochtadh neamhúdaraithe, d’athrú ar nó de chaillteanas sonraí pearsanta nó de scriosadh sonraí pearsanta. Is féidir iomlán nósanna imeachta bainistithe na Seirbhíse um sháruithe ar shonraí a fháil anseo.
- Mar is féidir do chearta cosanta sonraí a fheidhmiú
-
Cearta Cosanta Sonraí
Seo a leanas liosta de chearta cosanta sonraí.
Ceart chun rochtana agus faisnéise Ceart go ndéanfaí ceartúchán Ceart go ndéanfaí léirscriosadh (“an ceart go ligfí i ndearmad thú”) Ceart go ndéanfaí srianadh Ceart chun Iniomparthacht Sonraí Ceart diúltú Ceart gearán a dhéanamh
Beartas um chosaint sonraí
- 1. Réamhrá
-
Is comhlacht corparáideach é Coimisiún Thithe an Oireachtais a bunaíodh faoin Acht um Choimisiún Thithe an Oireachtais, 2003, arna leasú. Is é bord rialaithe Sheirbhís Thithe an Oireachtais é. Is í Seirbhís Thithe an Oireachtais (an tSeirbhís) an comhlacht seirbhíse poiblí a riarann Parlaimint Náisiúnta na hÉireann (Tithe an Oireachtais) thar ceann Choimisiún Thithe an Oireachtais. Sa Bheartas seo, tagraítear go ginearálta don dá cheann acu mar "an tSeirbhís".
Tá breac-chuntas sa Bheartas seo ar an gcaoi a bhféachann Seirbhís Thithe an Oireachtais lena chinntiú go gcomhlíonann sí a cuid dualgas cosanta sonraí, go háirithe faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (AE) 2016/679 (an RGCS) agus faoin Acht um Chosaint Sonraí, 2018. Is é misean na Seirbhíse ná Seirbhís Pharlaiminteach ardfheidhmíochta a sholáthar a chuirfeadh ar chumas Thithe an Oireachtais a gcuid feidhmeanna a chomhlíonadh; a thacódh le comhaltaí mar ionadaithe de chuid na ndaoine agus lena gcuirfí chun cinn Parlaimint oscailte inrochtana.
Is iad príomhfheidhmeanna na Seirbhíse, ná comhairle agus seirbhísí tacaíochta a chur ar fáil do –
- Coimisiún Thithe an Oireachtais
- Tithe an Oireachtais agus a gcuid Coistí
- Comhaltaí Thithe an Oireachtais
Ba cheart an beartas seo a léamh in éineacht le Beartas Bainistithe Taifead na Seirbhíse, leis na Nósanna Imeachta um Bainistiú Sáruithe ar Shonraí Pearsanta, na Nósanna Imeachta um Dhiúscairt Taifead, an Beartas Slándála Faisnéise agus an Beartas CCTV/TCI, agus in éineacht leis na Fógraí Príobháideachais de chuid na Seirbhíse a bhaineann le gníomhaíochtaí faoi leith, mar shampla, an Fógra Príobháideachais Suíomh Gréasáin aici.
Tá gluais de na príomhthéarmaí a bheadh buntábhachtach chun prionsabail na cosanta sonraí a thuiscint leagtha amach in Aguisín an Bheartais seo.
- 2. Mar a chomhlíonann an tSeirbhís a cuid dualgas cosanta sonraí
-
Tá an tSeirbhís freagrach as:
1) Rialachas cosanta sonraí.
Bíonn an tSeirbhís ar a teanndícheall maidir lena dualgas an RGCS agus an tAcht um Chosaint Sonraí, 2018, a chomhlíonadh. Tá nósanna imeachta rialachais i bhfeidhm aici chun comhlíontacht na reachtaíochta cosanta sonraí a mhaoirsiú, a mhonatóiriú agus a chinntiú. Titeann an chosaint sonraí faoi chreat rialachais foriomlán na Seirbhíse agus tá na prionsabail rialachais iomchuí leagtha amach i bhFógra Oifige X
, 2019.2) Cosaint sonraí d’aon turas, mar réamhshocrú. Bearta teicniúla agus eagrúcháin.
Is éard is brí le cosaint sonraí d’aon turas, mar réamhshocrú, a chur i bhfeidhm go ndéanfar prionsabail na cosanta sonraí (féach rannán 5 thíos) a neadú sna córais TFC nó in aon phróiseas ábhartha eile chomh luath agus is féidir. Cinnteoidh an tSeirbhís go gcuimseofar an chosaint sonraí d’aon turas, mar réamhshocrú, sna treoirlínte bainistithe tionscadal TFC reatha. Baineann sé seo le ceisteanna amhail córas a shocrú le nach mbeadh úsáideoirí in ann rochtain uathoibríoch a fháil i rith an ama ar shonraí pearsanta i mbunachar sonraí. Tá an tSeirbhís tar éis bearta teicniúla agus bearta eagrúcháin a chur i bhfeidhm chun sonraí a chosaint ar rochtain neamhúdaraithe, idir inmheánach agus sheachtrach. Orthu seo, bheadh, mar shampla, Beartas Úsáide Inghlactha agus beartais slándála. Déantar athbhreithniú ar bhonn leanúnach ar na beartais seo agus, nuair is iomchuí, iad a nuashonrú.
3) Próiseáil taifead.
Mar atá sonraithe faoin gCuntasacht i rannán 5, “Prionsabail na Cosanta Sonraí”, thíos, coinníonn an tSeirbhís taifead de ghníomhaíochtaí próiseála de réir na mionsonraí atá leagtha amach sa RGCS. Déanfar athbhreithniú cuimsitheach air seo ar a laghad uair sa bhliain.
4) Caidrimh le tríú páirtithe – comhrialaitheoir/comhroinnt sonraí.
Má chinneann an tSeirbhís ar bhonn comhpháirteach i gcomhar le rialaitheoir sonraí eile (lena n-áirítear Roinn Rialtais nó comhlacht poiblí eile) ar shonraí pearsanta a phróiseáil, déanfaidh an tSeirbhís agus an rialaitheoir/na rialaitheoirí sonraí eile a gcuid socruithe chun na freagrachtaí agus dualgais cosanta sonraí seo acu a leagan amach go foirmeálta, ach amháin sa mhéid a bheadh an t-ábhar á rialú ag reachtaíocht. Beidh na socruithe seo trédhearcach. D’fhéadfadh sé gur i riocht conarthaí nó meamraim tuisceana a thiocfadh na socruithe seo nó gur comhaontú déthaobhach leis na tríú páirtithe bainteacha lena gcomhroinnfí na sonraí pearsanta, a bheadh ann. Sonrófar sna socruithe seo an fáth a bhfuil na sonraí á gcomhroinnt agus na riachtanais slándála agus beidh foráil ann le gur féidir an socrú a thabhairt chun críche agus maidir lena dtarlódh do na sonraí ansin (iad a chur ar ais nó a scriosadh, go hiondúil). Beidh cur síos i bhfógraí príobháideachais na Seirbhíse ar éifeacht na socruithe seo. Nuair is gá, cuirfear éirim na socruithe comhroinnte sonraí ar fáil do na daoine iomchuí is ábhar do na sonraí. Ní bhainfidh na socruithe seo de chearta an duine is ábhar do na sonraí in éadan na Seirbhíse agus an rialaitheora/na rialaitheoirí eile.
5) Caidrimh le tríú páirtithe – próiseálaí sonraí.
Ní dhéanfaidh an tSeirbhís próiseálaí sonraí tríú páirtí a fhostú chun sonraí a phróiseáil thar a ceann ach amháin nuair a thugann an próiseálaí dearbhú leorga go gcuirfidh sé i bhfeidhm na bearta teicniúla agus eagrúcháin lena chinntiú go gcloífear leis an RGCS agus go gcosnófar cearta na ndaoine is ábhar do na sonraí. Ní dhéanfaidh tríú páirtí sonraí a phróiseáil thar ceann na Seirbhíse ach amháin sa chás ina ndéanfadh sé amhlaidh de bhun conradh nó ionstraim chomhionann, a bheadh ceangailteach ó thaobh an dlí de, a bheith i bhfeidhm idir an tríú páirtí agus an tSeirbhís. Leagfar amach go soiléir sa chonradh dualgais agus dliteanais na Seirbhíse agus an phróiseálaí, faoi seach, agus tá na híostéarmaí a chuimseofar inti leagtha amach sa RGCS. Go sonrach, cuirfear srian leis an bpróiseáil trí thagairt do threoracha na Seirbhíse. Cuirfidh sí de cheangal ar an bpróiseálaí bearta teicniúla agus eagrúcháin a úsáid chun leibhéil slándála iomchuí a chur i bhfeidhm agus beidh foráil shonrach inti, faoi réir aon oibleagáid dhlíthiúil neamhspleách a mbeadh an próiseálaí faoina réir, le haghaidh aischur nó scriosadh na sonraí a bheadh á bpróiseáil tráth a thiocfadh deireadh lena héifeacht.
6) Measúnacht tionchair cosanta sonraí (MTCS)
Déanfaidh an tSeirbhís MTCSanna nuair is gá roimh di tabhairt faoi thionscadal próiseála sonraí, go háirithe nuair is dóchúil ardriosca maidir le príobháideachas agus cearta pearsanta eile a bheith ag baint leis an tionscadal. Déanfaidh an tSeirbhís comhairle an Oifigigh Cosanta Sonraí (“OCS”) a lorg maidir leis an MTCS a reáchtáil. Má léiríonn an MTCS nach féidir na rioscaí arda a mhaolú, déanfaidh an tSeirbhís teagmháil leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí sula gcuirfear tús le haon phróiseáil.
Moltar do bhaill foirne dul i dteagmháil leis an OCS má tá siad in amhras maidir le cé acu atá gá le MTCS nó nach bhfuil, cé nach bhfuil sé seo éigeantach, nó in aon chás eile ina gcreideann siad go mbeidh tionchar suntasach ag cineál faoi leith de phróiseáil sonraí pearsanta ar chearta agus saoirsí an duine ab ábhar do na sonraí.
7) Bréagainmniú agus anaithnidiú.
Sa chás nach mbeadh sonraí pearsanta de dhíth láithreach le haghaidh comhairliúcháin ná lena n-úsáid, is féidir faisnéis a bhaint as na sonraí sin agus a stóráil ar leithligh le nach bhféadfaí an méid a bheadh fágtha a chur síos níos mó d’aon duine faoi leith. Tugtar bréagainmniú air seo. Sin, nó d’fhéadfaí fáil réidh go hiomlán le haon mhodh chun an duine a shainaithint. Sa chás sin, déantar na sonraí a anaithnidiú. Breithneoidh an tSeirbhís ar an mbréagainmniú a úsáid nuair is iomchuí mar bhealach leis an gcosaint sonraí d’aon turas agus mar réamhshocrú a chinntiú, agus mar bheart ginearálta slándála. Déanfar sonraí a bhréagainmniú nó a anaithnidiú sa chás ina mbeadh sonraí á bpróiseáil le haghaidh cartlannú, taighde stairiúil nó chun críche staidrimh ach amháin nuair a d’fhágfadh sé seo go gcuirfí as don chuspóir ar a mbeifí ag díriú.
8) Aistriú amach as an LEE.
Más gá sonraí tríú páirtí a aistriú amach as an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (an tAE, an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua, i láthair na huaire), cinnteoidh an tSeirbhís go mbíonn gach cosaint agus cumhdach iomchuí i bhfeidhm.
9) Nósanna imeachta um sháruithe ar shonraí.
Cuimsíonn sárú ar shonraí pearsanta aon sárú ar shlándáil as a n-eascródh aon chineál de nochtadh neamhúdaraithe, d’athrú ar nó de chaillteanas sonraí pearsanta nó de scriosadh sonraí pearsanta. Coinníonn an tSeirbhís tacar sainiúil de nósanna imeachta chun Sáruithe ar Shonraí Pearsanta a Bhainistiú mar aon le foirm tuairiscithe. Tá sé de dhualgas ar bhall foirne cloí leis na nósanna imeachta seo sa chás ina gcreidfeadh sé nó sí gur tharla sárú nó sárú féideartha, go príomha tríd an scéal a thuairisciú don OCS i gcomhréir leis na nósanna imeachta.
Comhlíonfaidh an tOCS a d(h)ualgas sárú a thuairisciú don Choimisiún um Chosaint Sonraí i gcomhréir leis na teorainneacha ama atá sonraithe sa RGCS agus déanfaidh sé nó sí, tar éis measúnú a dhéanamh ar a thromchúisí atá an sárú agus ar aon toisc mhaolaitheach i gcomhréir le hAirteagal 34 den RGCS, a chinntiú go gcuireann an tSeirbhís na daoine bainteacha is ábhar do na sonraí a bhí i gceist leis an sárú ar an eolas, mar a éilítear faoin Airteagal sin.
10) Oiliúint.
Soláthraíonn an tSeirbhís oiliúint ar bhonn rialta don fhoireann maidir le dualgais cosanta sonraí. Cuirtear oiliúint dhírithe ar fáil nuair is iomchuí mar “bheart oiriúnach sainiúil” chun plé le sonraí catagóirí speisialta mar atá beartaithe le hAlt 36 den Acht um Chosaint Sonraí, 2018.
- 3. Raon Feidhme
-
Baineann an Beartas seo leis na sonraí pearsanta uilig a bhailíonn, a phróiseálann agus a stórálann an tSeirbhís maidir le gach duine, (mar shampla, Comhaltaí, foireann na gComhaltaí, fostaithe de chuid na Seirbhíse, soláthraithe seirbhíse tríú páirtí, baill den phobal) ar bhealach ar bith lena n-áirítear taifid páipéir agus taifid leictreonacha.
- 4. An tSeirbhís mar rialaitheoir sonraí agus mar phróiseálaí sonraí
-
Is é is dóchúla go ndéanfaidh an tSeirbhís sonraí pearsanta a phróiseáil mar rialaitheoir sonraí. Is é is cuspóir leis an mBeartas seo ná treoir a sholáthar faoin gcaoi a ndéileálann an tSeirbhís le sonraí pearsanta mar rialaitheoir.
Déanann an tSeirbhís sonraí pearsanta a phróiseáil freisin mar phróiseálaí sonraí thar ceann Comhaltaí sa mhéid a bhaineann sé lena gcuid dualgas parlaiminteacha. Sa chás sin, is é an Comhalta an rialaitheoir sonraí. Ní dhéanann an tSeirbhís na sonraí pearsanta a phróiseáil ach amháin ar bhonn údarú agus treoracha an Chomhalta. Baineann an leibhéal ard slándála céanna leis na sonraí is a bhaineann leis na sonraí a choinníonn nó a phróiseálann an tSeirbhís thar a ceann féin. Soláthraíonn an tSeirbhís comhaontú próiseála sonraí do Chomhaltaí lena shíniú chun a gcuid dualgas maidir le próiseálaí sonraí a choimeád a chomhlíonadh.
- 5. Prionsabail na Cosanta Sonraí
-
Cuireadh 6 phrionsabal ar bun le hAirteagal 5 den RGCS a gcaithfidh gach rialaitheoir sonraí, lena n-áirítear an tSeirbhís, cloí leo. Mar atá, gur gá sonraí pearsanta:
1. a phróiseáil go dleathach, go cothrom, agus go trédhearcach
Dlíthiúlacht
Ní mór bunús dlíthiúil a bheith le gach próiseáil a dhéantar. Tá sonraithe in Airteagal 6 den RGCS sé fhoras dhlíthiúla le haghaidh phróiseáil na sonraí pearsanta. Mar atá, nuair is gá é a dhéanamh:
– chun conradh a chomhlíonadh nó a dhéanamh inar páirtí (beartaithe) é nó í an duine is ábhar do na sonraí
– chun oibleagáid dhlíthiúil a mbeadh an tSeirbhís faoina réir a chomhlíonadh
– chun leasanna ríthábhachtacha duine a chosaint
– chun cúram a chomhlíonadh a bheadh le leas an phobail nó chun údarás oifigiúil a fheidhmiú
– Chun leasanna dlisteanacha na Seirbhíse a chur chun cinn, ach ar an acht nach bhfuil an tSeirbhís ag comhlíonadh a cuid
feidhmeanna poiblí (e.g. í a bheith ag gníomhú mar fhostóir), agus más amhlaidh, ar an iomlán,
nár cheart tosaíocht a dhéanamh de chearta an duine is ábhar do na sonraí (e.g. mar gheall ar dhochar nó neamhshúilíocht).Is é an foras eile:
– go mbeadh toiliú an duine is ábhar do na sonraí faighte.
Is iondúil gurb é an foras dlíthiúil a mbíonn an tSeirbhís ag brath air chun sonraí pearsanta a phróiseáil ná leas an phobail nó feidhmiú údarás oifigiúil. Tá ceanglas sa RGCS go ndéanfaí é seo a shainiú (sa chás seo) i ndlí na hÉireann. Le hAlt 38 den Acht um Chosaint Sonraí, 2018, ceadaítear próiseáil sonraí a bheadh “riachtanach agus comhréireach chun feidhm rialaitheora, a tugadh dó nó faoi achtachán [sainíodh go gcuimsíonn sé seo Rialacháin] nó faoin mBunreacht, a chomhlíonadh.”
Tá leagtha amach in Airteagal 9 den RGCS 10 gcatagóir d’údar breise, a mbeadh ceann amháin acu, ar a laghad, ag teastáil chun sonraí catagóirí speisialta a phróiseáil (féach an tAguisín thíos). Mar sin, ní ceadmhach sonraí catagóirí speisialta a phróiseáil chun gnáthchonradh ar bith a fheidhmiú, ach is ceadmhach a bpróiseáil sa chás ina mbeadh an phróiseáil riachtanach i réimse an dlí fostaíochta, mar shampla. Ceadaítear, le hAlt 49 den Acht um Chosaint Sonraí, 2018, próiseáil na sonraí catagóirí speisialta ar fhorais a bheadh ar aon dul le halt 38, ach bíonn leibhéal níos airde d’údar agus cumhdach breise ag teastáil. Foras eile a bhaineann, ó am go ham, le sonraí catagóirí speisialta a phróiseáltar sa chomhthéacs polaitiúil ná go ndearna an duine is ábhar do na sonraí na sonraí a chur amach sa réimse poiblí, go follasach.
Aithníonn an tSeirbhís go dtagann próiseáil na sonraí pearsanta a bhaineann le ciontuithe agus cionta coiriúla (lena n-áirítear líomhaintí), agus bearta slándála bainteacha, faoi réir rialacha speisialta faoi Airteagal 10 den RGCS agus faoi Alt 55 den Acht um Chosaint Sonraí, 2018, agus cloíonn sí leis na rialacha seo.
Cothroime agus trédhearcacht
Ciallaíonn an dualgas sonraí a phróiseáil ar bhonn cothrom trédhearcach nár cheart aon neamhshúilíocht a bheith ag baint leis an gcaoi a bpróiseáiltear sonraí pearsanta. Faoi Airteagail 13 agus 14 den RGCS:- tugann an tSeirbhís rochtain réidh do dhaoine arb iad is ábhar do na sonraí ar Fhógraí Príobháideachais i dteanga shoiléir lena ndéantar cur síos ar an gcaoi a bpróiseáiltear a gcuid sonraí pearsanta;
- ní mór don tSeirbhís, sa chás ina mbeadh na sonraí pearsanta faighte aici ó dhuine éigin eile, an duine is ábhar do na sonraí a chur ar an eolas, go hiondúil, taobh istigh de mhí amháin, ar a mhéad;
- ní mór don tSeirbhís a chur in iúl don duine freisin an fhoinse óna bhfuarthas na sonraí pearsanta.
Leagtar amach i bhFógraí Príobháideachais na Seirbhíse an bonn dlíthiúil atá le sonraí a bhailiú agus a phróiseáil i gcás aicmí difriúla de dhaoine is ábhar do na sonraí.
- 6. Cearta na ndaoine is ábhar do shonraí
-
Sula ndéanfar aon iarratas ar chearta sonraí a chomhlíonadh, glacfaidh an tSeirbhís na céimeanna go léir is gá chun sonraí aitheantais an duine a dhéanann an t-iarratas, pé acu thar a c(h)eann féin nó thar ceann duine eile, agus, más cuí, teidlíocht an duine gníomhú thar ceann an duine eile, a dhearbhú.
Arís eile, amhail sé phrionsabal na cosanta sonraí, tagann na cearta sonraí a leanas faoi réir aon choinníollach nó díolúine a mbeadh foráil ina leith sa RGCS nó i ndlí na hÉireann (amhail alt 60 den Acht um Chosaint Sonraí, 2018), i gcomhréir leis.
1) Ceart chun rochtana agus faisnéise
Tá sé de cheart ag duine arb é nó í is ábhar do shonraí eolas a fháil faoi na sonraí pearsanta dá c(h)uid a phróiseálann an tSeirbhís, amhail cuspóirí na próiseála, aon chatagóir d’fhaighteoirí ar nochtadh nó a nochtfar na sonraí dóibh, sonraí maidir lena c(h)earta i leith na sonraí, agus foinse na sonraí más amhlaidh nach bhfuarthas ón duine féin is ábhar do na sonraí iad. Beidh go leor den eolas seo ar fáil don duine is ábhar do na sonraí cheana ó na Fógraí Príobháideachais a fhoilsíonn an tSeirbhís.
De bhreis air sin, tá sé de cheart ag duine arb é nó í is ábhar do shonraí cóip a fháil d’aon sonra pearsanta dá c(h)uid atá á gcoimeád ag an tSeirbhís.
Freagróidh an tSeirbhís d’iarratas rochtana aon duine is ábhar do shonraí taobh istigh d’aon mhí tar éis di é a fháil, ach gurb é go ndéanfaí an t-eatramh seo a shíneadh go heisceachtúil, de réir fhoráil an RGCS.
2) Ceart go ndéanfaí ceartúchán
Tá sé de cheart ag duine is ábhar do shonraí go ndéanfaí na sonraí sin a cheartú sa chás ina sainaithneofaí earráid iontu agus an ceart go ndéanfaí sonraí a chomhlánú sa chás ina mbeidís easnamhach. D’fhéadfadh sé go gcuimseodh sé seo an ceart chun ráiteas forlíontach a chur ar fáil.
3) Ceart go ndéanfaí léirscriosadh (“an ceart go ligfí i ndearmad thú”)
Tá sé de cheart ag duine arb é nó í is ábhar do shonraí go ndéanfaí sonraí pearsanta a léirscriosadh, mar shampla, nuair nach mbeadh gá a thuilleadh le próiseáil na sonraí sin, sa chás ina mbeadh an duine is ábhar do na sonraí tar éis an toiliú arbh é ba bhonn dlíthiúil leis an bpróiseáil a tharraingt siar, sa chás ina n-éireodh leis nó léi an ceart chun diúltú a fheidhmiú (fo-cheannteideal 7 thíos), nó sa chás ina mbeadh an léirscriosadh ag teacht le dualgas dlíthiúil (lena n-áirítear nuair a bheadh sonraí á bpróiseáil go neamhdhleathach).
Tagann an ceart seo, go háirithe, faoi réir roinnt coinníollacha. Ní bheadh sé bainteach, mar shampla,
- sa chás ina n-éileodh oibleagáid dhlíthiúil próiseáil leanúnach,
- sa chás ina mbeadh a leithéid de phróiseáil inchosanta faoin dlí ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údarás oifigiúil,
- sa chás ina mbeadh údar lena leithéid de phróiseáil mar gheall ar chuspóirí dlisteanacha maidir le faisnéis phoiblí nó saoirse cainte, nó
- sa chás ina mbainfeadh an phróiseáil le héilimh dhlíthiúla agus le dlíthíocht, nó
- sa chás ina mbeadh an phróiseáil á déanamh le haghaidh cartlannú, taighde stairiúil nó chun críche staidrimh
- 7. An t-oifigeach cosanta sonraí
-
Tá an tSeirbhís, i gcomhréir leis an RGCS, tar éis Oifigeach Cosanta Sonraí (OCS) a ainmniú, nach bhfreagraíonn ach do na leibhéil is airde den bhainistíocht. Cinnteoidh an tSeirbhís go mbeidh ról ag an OCS, de réir mar is cuí agus in am trátha, maidir le gach ceist a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta – mar shampla, maidir le MTCSanna agus le measúnachtaí eile ar an riosca a thiocfadh le próiseáil reatha nó próiseáil a bheadh beartaithe do na daoine ab ábhar do na sonraí, agus maidir le bheith ag freagairt do sháruithe ar shonraí pearsanta. Tacóidh an tSeirbhís leis an OCS ina c(h)uid tascanna mar atá beartaithe sa RGCS.
Is é a dhéanann an tOCS faoi Airteagal 39(1)(b) den RGCS, i measc nithe eile (gan srian a chur le haon dualgas a bheadh sainithe in áiteanna eile sa Bheartas seo):
- an tSeirbhís agus fostaithe na Seirbhíse a bhíonn ag gabháil don phróiseáil, a chur ar an eolas agus comhairle a chur orthu faoina gcuid oibleagáidí faoi dhlí na hÉireann agus dlí an AE maidir le cosaint sonraí pearsanta
- monatóireacht ar an tSeirbhís maidir le comhlíonadh dhlí na hÉireann agus dlí an AE maidir le cosaint sonraí pearsanta.
- monatóireacht ar an tSeirbhís maidir le comhlíonadh bheartais na Seirbhíse a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta, lena n-áirítear sannadh na bhfreagrachtaí, múscailt feasachta agus oiliúint na mball foirne a mbíonn baint acu le hoibríochtaí próiseála, agus aon ghníomhaíocht iniúchóireachta a bhaineann le cosaint na sonraí pearsanta.
- comhairle a sholáthar, sa chás ina n-iarrfaí a leithéid, maidir le measúnacht tionchair cosanta sonraí a chur i gcrích agus déanann monatóireacht ar aon chéim a ghlacfaí de thoradh na measúnachta sin.
- feidhmíonn mar phointe teagmhála do dhaoine is ábhar do shonraí maidir le gach ceist a bhaineann le próiseáil a gcuid sonraí pearsanta agus feidhmiú a gceart
- comhoibríonn leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí agus feidhmíonn mar phointe teagmhála don Choimisiún le haghaidh ceisteanna a bhaineann leis an bpróiseáil a dhéanann an tSeirbhís, lena n-áirítear an tSeirbhís dul i gcomhairle leis an gCoimisiún
- cuireann chun cinn cur chuige rioscabhunaithe i leith na cosanta sonraí ar fud na Seirbhíse.
Is féidir teagmháil a dhéanamh le hOifigeach Cosanta Sonraí na Seirbhíse ar +353 1 618 4712 nó ag dataprotection@oireachtas.ie. Is é seoladh poist na Seirbhíse ná Seirbhís Thithe an Oireachtais, Teach Laighean, Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2, D02 XR20.
- Gluais
-
rialaitheoir (sonraí) Is é an “rialaitheoir” nó “an rialaitheoir sonraí” an duine nó an foras a chinneann ar an gcaoi agus ar an gcúis atá le próiseáil na sonraí pearsanta (murab ionann agus “próiseálaí”) an duine is ábhar do na sonraí Is duine nádúrtha in-sainaitheanta is “ábhar” d’aon sonra pearsanta faoi leith
a bhaineann leis nó léiRGCS Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí duine nádúrtha in-sainaitheanta Duine beo ar féidir é nó í a shainaithint, go díreach nó go hindíreach; go sonrach, is féidir duine
a shainaithint trí thagairt d’aitheantóir amhail ainm, uimhir
aitheantais, sonraí suímh, nó aitheantóir ar líne, nó d’fhachtóir amháin nó níos mó a bhainfeadh go sainiúil le
haitheantas fisiceach, fiseolaíoch, géiniteach, meabhrach, eacnamaíoch, cultúrtha nó sóisialta an
duine sinsonraí pearsanta Aon fhaisnéis a bhaineann le duine beo aitheanta nó in-sainaitheanta Próiseáil Aon fheidhm a dhéanfaí ar shonraí pearsanta; ar na samplaí den phróiseáil, bheadh bailiú, taifeadadh,
eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, comhairliúchán,
úsáid, nochtadh trí tharchur, scaipeadh nó iad a chur ar fáil ar bhealach eile,
ailíniú nó teaglamú, srianadh, léirscriosadh nó scriosadh
Rialaitheoirí sonraí agus próiseálaithe sonraí
- Cé atá ag eisiúint an fhógra seo agus an fáth a bhfuil sé á eisiúint aige
-
Is é Coimisiún Thithe an Oireachtais an comhlacht reachtúil a bhainistíonn agus a thacaíonn leis an obair agus na seirbhísí atá riachtanach le gur féidir le Tithe an Oireachtais feidhmiú. Go ginearálta, is í Seirbhís Thithe an Oireachtais an obair agus na seirbhísí a dhéantar thar ceann Choimisiún Thithe an Oireachtais, chomh maith leis na daoine a dhéanann iad. Ar an leathanach seo, tagraítear go ginearálta don dá cheann acu mar "an tSeirbhís". Is é Teach Laighean, Baile Átha Cliath 2, seoladh na Seirbhíse. Is é an t-oifigeach cosanta sonraí de chuid na Seirbhíse an duine lena ndéanfar teagmháil de ghnáth maidir le nithe lena mbaineann an fógra príobháideachais seo.
Tá an tSeirbhís ag eisiúint an fhógra príobháideachais seo mar gheall ar a cuid dualgas faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) a tháinig i bhfeidhm ar an 25 Bealtaine, 2018. Beidh feidhm ag an bhfógra príobháideachais seo ón dáta sin.
- Míniú a thabhairt ar rialaitheoir agus próiseálaí
-
Ionas go bhféadfar cur síos a dhéanamh ar an méid a tharlóidh do do chuid faisnéis phearsanta nuair a úsáideann tú suíomh gréasáin Oireachtas.ie, caithfidh an tSeirbhís cúpla téarma dlí a mhíniú duit.
Is iondúil go socraíonn an tSeirbhís ar an méid a tharlaíonn do do chuid faisnéis phearsanta, agus an chaoi a ndéileáiltear léi. Tugtar rialaitheoir na faisnéise pearsanta ar an tSeirbhís sa chás sin. Is í an tSeirbhís rialaitheoir do chuid faisnéis phearsanta más rud é, mar shampla, go soláthraíonn tú faisnéis phearsanta chun turas ar na Tithe a chur san áirithe, má chuireann tú ceist ar an Oifig Preasa, má chuireann tú ceist ar an tSeirbhís Leabharlainne agus Taighde, nó má liostálann tú dár bhfoláirimh ríomhphoist.
Ach uaireanta eile déileálann an tSeirbhís le do chuid faisnéis phearsanta thar ceann duine eile. Tugtar próiseálaí ar an tSeirbhís sa chás sin. Próiseálaí is ea an tSeirbhís ar fhormhór na faisnéise pearsanta a sholáthraíonn tú i gcásanna áirithe, mar shampla, nuair a chliceálann tú nasc ríomhphoist chuig Teachta, Seanadóir nó Coiste d'fhonn teachtaireacht a sheoladh chucu trí ríomhphost. Chun tuilleadh eolais a fháil faoin méid a dhéanfaidh an Teachta, an Seanadóir nó an Coiste le do chuid faisnéis phearsanta, ní mór duit dul i gcomhairle le fógra príobháideachais an duine nó an Choiste chuí. Mar shampla, tá Fógra Príobháideachais ag an gComhchoiste um Achainíocha ón bPobal maidir le hachainí a chuirtear faoina bhráid.
Mar a fheicfidh tú thíos, coimeádann an tSeirbhís próiseálaithe freisin chun déileáil le faisnéis phearsanta thar a ceann. Go deimhin, uaireanta cuireann siadsan obair ar fochonradh chuig fophróiseálaithe. Tá gach ceann díobh sin faoi cheangal ag conradh leis an tSeirbhís chun do chuid faisnéis phearsanta, do phríobháideachas agus cearta eile lena mbaineann a chosaint.
- An t-oifigeach cosanta sonraí
-
Is í Jennifer McGrath Oifigeach Cosanta Sonraí na Seirbhíse. Siod iad a leanas a sonraí teagmhála:
Jennifer McGrath
Seirbhís Thithe an Oireachtais
Sráid Chill Dara
Baile Átha Cliath 2
D02 XR20
+353 1 618 4712
dataprotection@oireachtas.ie
Príobháideachas agus cosaint sonraí
- Údarás agus cead chun úsáid a bhaint as faisnéis phearsanta – coinníollacha ábhartha
-
Tá na forais ar a ndéileálfaidh an tSeirbhís le faisnéis phearsanta a bhaineann leatsa agus le daoine eile, chomh maith le roinnt samplaí coitianta, á leagan síos ag an tSeirbhís san fhógra príobháideachais seo. Ina theannta sin, tá an tSeirbhís do do chur ar an eolas faoi na coinníollacha a bhfuil feidhm acu (ar mhaithe le do phríobháideachas a chosaint go minic) maidir leis an gcaoi ar féidir léi déileáil le faisnéis phearsanta. Má thagann cúinsí neamhghnácha nach gclúdaítear san fhógra príobháideachais seo chun cinn, cuirfidh an tSeirbhís an méid sin in iúl duit go sonrach.
Nuair a thugann tú cuairt ar shuíomh gréasáin Thithe an Oireachtais
Nuair a thugann tú cuairt ar oireachtas.ie, aisghabhtar go huathoibríoch roinnt faisnéise faoi do chuairt ar an suíomh gréasáin. Áirítear iad seo a leanas leis an bhfaisnéis a d’fhéadfaí a aisghabháil:
- do sheoladh IP – sonraí sainaitheanta do ríomhaire (nó ríomhaire do chuideachta Idirlín), a chuirtear in iúl mar chód prótacal Idirlín (IP) (mar shampla 192.168.72.34). Tá seoladh uathúil IP ag gach ríomhaire atá ceangailte leis an ngréasán, cé go bhféadfadh an seoladh bheith difriúil gach uair a dhéantar ceangal.
- na téarmaí cuardaigh a d’úsáid tú
- na leathanaigh a bhfuair tú rochtain orthu ar an suíomh gréasáin agus na naisc a chliceáil tú
- an dáta agus an t-am ar thug tú cuairt ar an suíomh
- an suíomh (más ann dó) lenar tarchuireadh tú chuig an suíomh seo
- do chóras oibriúcháin (mar shampla Windows nó Mac)
- an cineál brabhsálaí gréasáin a úsáideann tú (mar shampla Chrome, Internet Explorer, Mozilla Firefox)
- faisnéis eile, amhail do thaifeach scáileáin agus príomhtheanga do bhrabhsálaí.
Beidh an fhaisnéis staidrimh sin ar fáil do bhaill foirne na Seirbhíse, do chonraitheoirí nó do thríú páirtithe a sholáthraíonn seirbhísí riaracháin agus/nó tacaíochta don suíomh gréasáin. Baintear leas as an bhfaisnéis chun tuarascálacha achoimre a ullmhú maidir le húsáid agus feidhmíocht na seirbhísí ar líne de chuid na Seirbhíse, agus chun cabhrú léi anailís agus feabhsú a dhéanamh ar inneachar agus ar fheidhmiúlacht an tsuímh gréasáin. Ní úsáideann an tSeirbhís aon chuid den fhaisnéis thuas chun cuairteoirí a aithint go pearsanta. Ní úsáidtear an fhaisnéis ach i bhfoirm chomhiomlán.
Nuair a sholáthraíonn tú sonraí ríomhphoist don tSeirbhís
Nuair a sholáthraíonn tú do sheoladh ríomhphoist don tSeirbhís i dtaca le rud éigin is féidir leis an tSeirbhís mar rialaitheoir a dhéanamh duit (féach thuas le haghaidh roinnt samplaí), ní úsáidfidh an tSeirbhís an fhaisnéis phearsanta sin ach amháin chun na críche a thuairiscítear ar an suíomh gréasáin. Baineann rialacha níos doichte le cineálacha áirithe d’fhaisnéis phearsanta a mbeadh faisnéis phearsanta íogair i gceist leo, cé gur dócha nach mbeadh an cineál faisnéise pearsanta a thabharfá don tSeirbhís tríd an Suíomh Gréasáin seo íogair.
Forais eile chun déileáil le faisnéis phearsanta
Is ann d'fhorais eile ar a ndéileálfaidh an tSeirbhís le do chuid faisnéis phearsanta, ach ní dócha go dtiocfaidh siad chun cinn agus an suíomh gréasáin á úsáid agat. Mar shampla, déileálfaidh an tSeirbhís le do chuid faisnéis phearsanta i gcás ina n-éilítear an méid sin le dlí. Tá an tSeirbhís, mar chomhlacht poiblí, faoi réir an Achta um Shaoráil Faisnéise agus, cé gurb iondúil an cineál faisnéise pearsanta a sholáthraíonn tú agus an suíomh gréasáin á úsáid agat a bheith díolmhaithe ó nochtadh faoin Acht sin, ní féidir aon ráthaíocht a thabhairt maidir le díolúine. Ina theannta sin, beidh ar an tSeirbhís déileáil le do chuid faisnéis phearsanta má fheidhmíonn tú cearta faoin dlí um chosaint sonraí. Déileálfaidh an tSeirbhís le do chuid faisnéis phearsanta i gcás inar gá sin chun éileamh dlíthiúil a chruthú (lena n-áirítear a imscrúdú), a fheidhmiú nó a chosaint, lena n-áirítear í a nochtadh dá comhairleoirí dlí agus in imeachtaí os comhair aon chúirt, binse, eadránaí, idirghabhálaí, nó eintiteas dá samhail is iomchuí. Tá cead ag an tSeirbhís déileáil le faisnéis phearsanta duine d'fhonn leasanna ríthábhachtacha an duine, nó duine éigin eile, a chosaint. Féadfaidh an tSeirbhís déileáil le faisnéis phearsanta ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údarás oifigiúil.
- Conas a dhéileálfar leis an bhfaisnéis phearsanta
-
Déantar an cineál faisnéise pearsanta a thugann tú don tSeirbhís mar rialaitheoir a choimeád laistigh den tSeirbhís de ghnáth, ach tá eisceachtaí ann. Mar shampla, úsáideann an tSeirbhís próiseálaí chun déileáil le do chuid faisnéis phearsanta nuair is gá sin chun foláirimh ríomhphoist a chur chugat, ar foláirimh iad a bhfuil tú cláraithe lena n-aghaidh. Tá MailChimp á fhostú ag an bpróiseálaí sin mar fhophróiseálaí faoi láthair. I gcásanna neamhchoitianta, féadfar do chuid faisnéis phearsanta a nochtadh do chomhairleoirí dlí na Seirbhíse, do dhaoine nó comhlachtaí eile a bhfuil baint acu le díospóid dhlíthiúil, nó don Gharda Síochána.
Faisnéis a aistriú chuig tríú tíortha
Níos minice ná a mhalairt, déanfar faisnéis phearsanta lena mbaineann an fógra príobháideachais seo agus a ndéileálann an tSeirbhís léi a choimeád laistigh den Aontas Eorpach. Is eisceacht é an t-aistriú chuig MailChimp, atá lonnaithe sna Stáit Aontaithe, áfach. D'fhéadfadh cásanna eile a bheith i gceist ó am go ham. Déantar foráil speisialta in aon chonradh idir an tSeirbhís agus próiseálaí lasmuigh den Aontas Eorpach, nó próiseálaí a úsáideann fophróiseálaí lasmuigh den Aontas Eorpach, chun do chuid faisnéis phearsanta, do phríobháideachas agus cearta eile ina leith a chosaint.
Faisnéis a choimeád
Maidir le faisnéis phearsanta, ní dhéanfaidh an tSeirbhís í a choimeád ach le haghaidh na tréimhse ama atá riachtanach chun na gcríoch a leagtar amach san fhógra príobháideachais seo, de réir a sceidil coimeádta, nó de réir mar a cheanglaítear leis an dlí, cibé acu is faide. Mar shampla, déantar faisnéis phearsanta a thugann tú don tSeirbhís i dtaca le foláirimh ríomhphoist a choimeád fad is atá tú liostáilte, ach scriostar í tar éis duit díliostáil. Coimeádtar fiosrúcháin i dtaobh na meán ar feadh cúig bliana.
Ag déileáil le faisnéis ar bhealaí eile
B'annamh a dhéileálfadh an tSeirbhís le faisnéis phearsanta chun aon chríche seachas an chríoch dá bhfuair sí an fhaisnéis. Más gá don tSeirbhís déileáil leis an bhfaisnéis ar bhealach eile, cuirfidh sé an méid sin in iúl duit sula ndéileálann sí léi.
- Do chearta maidir le do chuid faisnéis phearsanta
-
Féadfaidh tú cóip de do chuid faisnéis phearsanta a iarraidh ar an tSeirbhís. Féadfaidh tú iarraidh ar an tSeirbhís do chuid faisnéis phearsanta a fhorlíonadh nó a cheartú má bhíonn sí neamhiomlán nó mícheart (nó as dáta). D'fhéadfá iarraidh ar an tSeirbhís faisnéis phearsanta a scriosadh, go háirithe má rinne tú do thoiliú (maidir leis an tSeirbhís a bheith ag déileáil leis an bhfaisnéis) a tharraingt siar nó mura mbíonn sí ag teastáil ón tSeirbhís a thuilleadh, nó gan déileáil léi de thuras na huaire, mar shampla, má cheapann tú go bhfuil sí mícheart. Má tá an tSeirbhís ag déileáil le do chuid faisnéis phearsanta ar bhonn do thoilithe, is gnách go bhféadfaidh tú éileamh ar an tSeirbhís í a chur ar aghaidh chuig duine éigin eile atá ainmnithe agat. Maidir leis an tSeirbhís a bheith ag déileáil le faisnéis phearsanta, a bhfuil sí ag déileáil léi i bhfeidhmiú údarás oifigiúil nó ar mhaithe le leas an phobail, féadfaidh tú agóid a dhéanamh ina choinne sin tráth ar bith. Tá an teidlíocht sin faoi réir mórán coinníollacha dlí, áfach, ag brath ar an bhfaisnéis phearsanta agus an fáth a bhfuil an tSeirbhís ag déileáil léi. Tá tú i dteideal gan a bheith faoi réir cinnteoireacht uathoibrithe, lena n-áirítear próifíliú.
Sásamh
Mura mbíonn tú sásta leis an gcaoi a ndéileálann an tSeirbhís le do chuid faisnéise pearsanta, féadfaidh tú do mhíshástacht a chur in iúl don Choimisiún um Chosaint Sonraí.
- Na meáin shóisialta
-
Tá láithreacht ag an tSeirbhís ar roinnt ardáin meán sóisialta, Twitter agus Facebook san áireamh. Má sheolann tú aon fhaisnéis, aon chumarsáid nó aon ábhair chuig an tSeirbhís trí ardán meán sóisialta, is ar do phriacal féin a dhéanfaidh tú amhlaidh agus ní bheidh aon ionchas príobháideachais ag gabháil leis sin. Ní féidir leis an tSeirbhís na rudaí a dhéanann úsáideoirí eile na n-ardán sin a rialú ná gníomhartha na n-ardán iad féin. Tá idirghníomhaíocht leis na gnéithe agus na hardáin sin á rialú le beartais phríobháideachais na gcuideachtaí a sholáthraíonn iad.
Chun tuilleadh eolais a fháil maidir leis an tslí a n-idirghníomhaíonn an tSeirbhís le daoine eile ar ár n-ardáin mheán sóisialta agus maidir leis an ábhar a fhoilsímid, féach ár mBeartas Meán Sóisialta (2021) le do thoil.
- Suíomhanna gréasáin tríú páirtí
-
Tá naisc chuig suíomhanna gréasáin eile le fáil ar an suíomh gréasáin. Tá a mbeartais phríobháideachais féin ag suíomhanna gréasáin tríú páirtí agus is dóigh go n-úsáidfidh siad fianáin freisin. Molann an tSeirbhís duit beartas príobháideachais aon suímh gréasáin a dtugann tú cuairt air a léamh go cúramach.
- Sonraí catagóire speisialta
-
Ciallaíonn faisnéis phearsanta íogair faisnéis phearsanta faoi dhaoine (ó thaobh an mhéid seo a leanas de):
- cine
- cúlra eitneach
- tuairimí polaitíochta
- creideamh
- tuairimí fealsúnachta
- ballraíocht de cheardchumann
- géinte (oidhreacht bhitheolaíoch)
- sonraí bithmhéadracha (ar nós méarlorg ar phas)
- sláinte
- saol gnéis
- gnéaschlaonadh
- coimisiúnú cionta coiriúla líomhnaithe
- ciontuithe coiriúla
- a bheith faoi réir bearta slándála a bhaineann le cionta nó ciontuithe coiriúla
- Fianáin
-
Chun faisnéis a fháil ar fhianáin, agus ar roghanna a bhaineann leo, léigh ár bh fógra fianán.
Féadfaidh an tSeirbhís an beartas príobháideachais seo a athrú aon tráth agus ó am go ham.