Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Seanad ag Féachaint Chun Cinn: Taispeántas

Tá An Seanad ag Féachaint Chun Cinn an taispeántas deiridh inár sraith ‘Guthanna Mionlaigh, Athruithe Móra’, ina ndéantar ceiliúradh ar chéad bliain de Sheanad Éireann. Sa taispeántas seo tarraingímid aird ar obair atá ar bun sa Seanad a neartóidh an ról atá aige i dtaobh iniúchta, díospóireacht a dhéanamh ar shaincheisteanna reatha agus rannpháirtíocht an phobail.

Iniúchadh, ionadaíocht a dhéanamh ar mhionlaigh, rannpháirtíocht an phobail

Iniúchadh, ionadaíocht a dhéanamh ar mhionlaigh, rannpháirtíocht an phobail

Le 100 bliain anuas tá 14 tuarascáil foilsithe ar athchóiriú an tSeanaid.

In 2013, léiríodh sa reifreann chun deireadh a chur le teach uachtarach an Oireachtas go bhfuil fonn mór ann le haghaidh athrú. Aithníonn Seanad Éireann an gá atá le hathnuachan agus athchóiriú.

Ag tráth a bhfuil neart dúshlán roimh an daonlathas, tá súil agam go léiríonn an taispeántas seo mar a leanfaidh Seanad Éireann de bheith ina ardán náisiúnta do ghuthanna mionlaigh agus d’athruithe ollmhóra go ceann i bhfad.
An Cathaoirleach
An Irish flag is placed in front of a stand-up exibition graphic related to the European Union

Ag féachaint chun cinn: iniúchadh níos fearr

Tá iniúchadh ar reachtaíocht AE ar cheann de na téamaí leanúnacha a thagann chun cinn i dtuarascálacha i ndiaidh a chéile ar athchóiriú agus ar athnuachan an tSeanaid.

I mí Iúil 2022, le tacaíocht na bpáirtithe go léir, na gceannairí grúpa agus bhaill an tSeanaid, d’éirigh linn cead an Rialtais a fháil chun go mbeadh ról ceannais ag an Seanad i leith an iniúchta sin.

Cruthóidh bunú Choiste Roghnóireachta nua Sheanad Éireann, a dhéanfaidh formhaoirseacht níos fearr ar Ionstraimí Reachtúla a thrasuíonn treoracha ón AE, leibhéal trédhearcachta breise i leith reachtaíocht thánaisteach an AE a mbeidh fáilte roimhe, agus a mbeidh sé de chumhacht aici tairbhe a dhéanamh do réimsí amhail an comhshaol, cearta tomhaltóirí agus cearta fostaithe
Thomas Byrne, Aire Stáit do ghnóthaí Eorpacha
Tá athrú ó bhonn ag teastáil laistigh d’ocht mbliana chun go mbeimid san áit cheart do 2030 agus chun go mbeidh domhan sábháilte againn don am atá le teacht
Máire Mhic Róibín
Former President Mary Robinson speaking at an event with the Cathaoirleach, Senator Mark Daly. They are both seated in front of a Seanad100 poster

Ag féachaint chun cinn go díospóireacht a dhéanamh ar shaincheisteanna reatha

Seanad Éireann ag cur leis an ról seanbhunaithe atá aige i dtaobh ionadaíocht a dhéanamh ar mhionlaigh i gcónaí agus leanann de bheith ag feidhmiú ina ardán chun díospóireacht a dhéanamh ar shaincheisteanna reatha.

Rinneadh foráil in athrú le gairid ar Bhuanorduithe an tSeanaid am a chur ar fáil do bhaill painéil agus ollscoile chun díospóireacht a dhéanamh ar rúin a bhí ábhartha don phainéal nó ollscoil sin.

Leis féin, tá deis luachmhar curtha ar fáil ag comóradh 100 bliain a bhunaithe chun rannpháirtíocht an phobail le Seanad Éireann a mhéadú trí chlár for-rochtana agus tionscnaimh oideachais a mairfidh a n-oidhreacht go deo
Barr
Roinn