An tOireachtas agus an tAontas Eorpach
Cé go raibh sé mar aidhm ag Éirinn a bheith ina ball den Chomhphobal chomh fada siar le 1961, níor tharla sé go dtí 1972 nuair a dearbhaíodh le reifreann iontráil na hÉireann sa Chomhphobal Eorpach agus tacaíocht á tabhairt ag 83 faoin gcéad de na toghthóirí do bhallraíocht. Chuaigh Éire in aontachas go foirmiúil i CEE, mar a bhí sé an tráth sin, sa bhliain 1973.
An Tionchar
Imríodh tionchar ollmhór ar fhorbairt na hÉireann mar thoradh ar ár mballraíocht i CEE agus, i rith na mblianta tar éis aontachas na hÉireann, tá ról ríthábhachtach comhlíonta ag an Oireachtas maidir leis an rialtas a choimeád cuntasach as na gníomhartha a ghlacann sé ag leibhéal an Aontais Eorpaigh agus trí fhaireachán a dhéanamh ar fhorbairtí suntasacha beartais ar mhaithe le hÉirinn. Tá a thuilleadh forbartha agus treisithe déanta ag an Oireachtas ar a ról maidir le Gnóthaí Eorpacha, mar shampla Grinnscrúdú an Oireachtais ar thograí reachtaíochta AE a bhunú ar bhonn reachtúil trí Acht an Aontais Eorpaigh (Grinnscrúdú) 2002 a chur i bhfeidhm agus Coiste Grinnscrúdaithe tiomnaithe a chruthú sa 30ú Dáil.
An Todhchaí
Tá an tOireachtas i lár tréimhse athraithe arís anois de bhun na gcumhachtaí nua a tugadh do pharlaimintí náisiúnta uile bhallstáit AE faoi Chonradh Liospóin, lenar treisíodh go mór ról na bparlaimintí náisiúnta in Ailtireacht AE.