Foilsíonn an Seanad Riar na hOibre ar gach lá suí ina leagtar amach an gnó os comhair an Tí. Féadfaidh an Seanad Riar Oibre Forlíontach a fhoilsiú freisin.
Tá gach mír ghnó a chuirfear faoi bhráid na Dála le feiceáil ar shuíomh gréasáin Ghnó na Dála. Foilsíonn an Dáil Páipéar Ceisteanna laethúil ina mbíonn téacs na gceisteanna béil, na gceisteanna tosaíochta agus na gceisteanna scríofa go léir don lá.
Tá Riar Oibre na Dála ar fáil i bhformáid dhigiteach ar shuíomh gréasáin Ghnó na Dála. Tá gach mír gnó atá faoi bhráid Dháil Éireann le feiceáil ansin.
Páipéir ceisteanna
Céad, 18 Meith
Dáil Question Paper (Wed)
Máirt, 17 Meith
Order of Business 17 - 19 June 2025
Máirt, 17 Meith
Dáil Question Paper (Tues)
Déar, 12 Meith
Dáil Questions Paper (Thur)
Páipéir ghnó an tSeanaid
Céad, 18 Meith
Seanad Order Paper (Wed)
Máirt, 17 Meith
Seanad Order Paper (Tues)
Dáil Éireann: Saincheisteanna Tráthúla
Tugann saincheisteanna tráthúla deis do na Teachtaí Dála saincheisteanna arb ábhar imní dóibh iad a tharraingt anuas. Chun é seo a dhéanamh ní mór dóibh fógra a thabhairt don Cheann Comhairle faoi na saincheisteanna is mian leo a tharraingt anuas. Ansin roghnaíonn an Ceann Comhairle ceithre shaincheist lena bplé i lá amháin. I ngach cás déanann an Teachta Dála lena mbaineann ráiteas tosaigh ceithre nóiméad agus bíonn sé de cheart ag an Aire ráiteas ceithre nóiméad a thabhairt mar fhreagra. Ansin, bíonn dhá nóiméad ag an Teachta Dála le haghaidh ráiteas forlíontach agus bíonn dhá nóiméad ag an Aire le haghaidh ráiteas deiridh.
Dé Céadaoin, 18 Meitheamh 2025
Deputy Alan Kelly
Infheistíocht sa Gharda Síochána
Deputy Rory Hearne
Teaghaisí comhairle a chothabháil
Deputy Danny Healy-Rae
An próiseas achomhairc le haghaidh deontais ghnó i gcás go ndearnadh gnó a aicmiú go mícheart
Deputy Louis O'Hara
Dúnadh Chaisleán Dhún Guaire, Cinn Mhara, Contae na Gaillimhe
Deputy Colm Burke
Líon na n-áiteanna oiliúna do mhic léinn Éireannacha ar mian leo staidéar a dhéanamh ar an bhfiaclóireacht
Seanad Éireann: Nithe i dTosach Suí
Féadfaidh Seanadóirí saincheisteanna a chuireann imní orthu a tharraingt anuas ag tús gach lae suí – tugtar Nithe i dTosach Suí orthu seo. Chun é seo a dhéanamh ní mór dóibh fógra a thabhairt don Chathaoirleach faoi na saincheisteanna is mian leo a tharraingt anuas. Ansin roghnaíonn an Cathaoirleach ceithre shaincheist agus féadfaidh an Seanadóir lena mbaineann óráid ceithre nóiméad a thabhairt. I ngach cás, bíonn sé de cheart ag an Aire ráiteas ceithre nóiméad a thabhairt mar fhreagra.
Dé Céadaoin, 18 Meitheamh 2025
Senator Mark Duffy
An Reachtaíocht maidir le tobac
Senator Pauline Tully
Maoiniú atá ar fáil le haghaidh Deontais Oiriúnaithe Tithíochta do Dhaoine Scothaosta agus Daoine faoi Mhíchumas i gComhairle Contae an Chabháin
Senator Fiona O'Loughlin
Pleananna le haghaidh fhoirgnimh oifig an phoist agus an stáisiúin dóiteáin i gCill Dara
Senator Robbie Gallagher
Tionscadail bhonneagair
Gluais
An bhfuil an difríocht idir Riar na hOibre agus Buan-Orduithe ar eolas agat? Díchódaigh an béarlagair parlaiminteach lenár dtreoir ó A go Z.