Faigh amach faoi roghnú an Chinn Comhairle (cathaoirleach) agus an Leas-Chinn Comhairle (leas-chathaoirleach) anseo.
Nuair a chuirtear Dáil nua ar bun tar éis olltoghcháin, is é an chéad rud nach mór a dhéanamh ná Ceann Comhairle a roghnú as measc na gComhaltaí. Roghnaítear an Ceann Comhairle trí bhallóid rúnda leis an gcóras PR-STV (ionadaíocht chionmhar le haonvóta inaistrithe).
An Leas-Cheann Comhairle don 33ú Dáil
Roghnaíodh an Teachta Catherine Connolly mar an Leas-Cheann Comhairle don 33ú Dáil agus toghadh í trí vóta oscailte i nDáil Éireann ansin ar an 23 Iúil 2020.
An Ceann Comhairle don 33ú Dáil
Roghnaíodh Seán Ó Fearghaíl mar Cheann Comhairle an 33ú Dáil agus thogh an Dáil go foirmiúil é ar an 20 Feabhra 2020. Ba é an Teachta Ó Fearghaíl Ceann Comhairle an 32ú Dáil.
Cérbh iad na hiarrthóirí?
Tar éis an olltoghcháin ar an 8 Feabhra 2020 agus sula raibh an chéad suí ag an 33ú Dáil, fuair Cléireach Dháil Éireann, Peter Finnegan, dhá ainmniúchán bhailí, agus measadh gurbh iadsan na hiarrthóirí le haghaidh phost an Chinn Comhairle.
Foghlaim tuilleadh
- Cé na daoine ar féidir leo iarrthóirí a ainmniú le toghadh mar Cheann Comhairle?
-
Caithfidh seachtar comhaltaí de Dháil Éireann ar a laghad iarrthóirí a ainmniú. Níl cead ag gach Comhalta ach iarrthóir amháin a ainmniú.
Caithfear ainmniúcháin don Cheann Comhairle a chur isteach i scríbhinn agus ba cheart go mbeidís ag Cléireach na Dála nach déanaí ná a 6.00 pm ar an lá sula suíonn an Dáil den chéad uair tar éis olltoghcháin. Is féidir ainmniúcháin a tharraingt siar ag am ar bith go dtí go ndúnfar ainmniúcháin.
- Cén chaoi a n-oibríonn toghadh an Chinn Comhairle?
-
Má bhíonn níos mó ná iarrthóir amháin ann, roghnaítear an Ceann Comhairle trí bhallóid rúnda leis an gcóras PR-STV (ionadaíocht chionmhar le haonvóta inaistrithe).
I gcás n-ainmnítear níos mó ná iarrthóir amháin, vótálann Comhaltaí Dháil Éireann trí bhallóid rúnda tar éis óráidí na n-ainmnithe. Mura sroicheann aon iarrthóir an cuóta le vótaí céadrogha, cuirtear an t-iarrthóir leis an líon vótaí is lú as an áireamh agus athdháiltear a vótaí de réir an chéad rogha eile is airde. Leanfar le daoine a chur ar an áireamh agus vótaí a athdháileadh go dtí go sroicheann ainmní amháin an cuóta nó mura bhfuil fágtha ach duine amháin.
Toghfaidh an Dáil an t-iarrthóir rathúil go foirmiúil sula nglacfaidh sé nó sí le Cathaoirleacht na Dála.
- Tá rialacha iomlána maidir le toghadh an Chinn Comhairle i mBuanorduithe 6 go 10 agus Sceideal 2 le Buan-Orduithe Dháil Éireann
- Léigh an Tuarascáil Oifigiúil ar roghnú agus toghadh Cheann Comhairle an 32ú Dáil
- Céard a dhéanann an Ceann Comhairle?
-
Is é an Ceann Comhairle Cathaoirleach Dháil Éireann a bhíonn i gceannas go neamhchlaonta agus go húdarásach ar ghnó agus ar imeachtaí an Tí. Foghlaim tuilleadh faoi ról an Chinn Comhairle.
- Céard a dhéanann an Leas-Cheann Comhairle?
-
Is é an Leas-Cheann Comhairle Leas-Chathaoirleach Dháil Éireann. In éagmais an Chinn Comhairle déanann an Leas-Cheann Comhairle ionadaíocht agus comhlíonann sé na dualgais agus cuireann sé údarás an Chinn Comhairle i gcrích in imeachtaí na Dála mar seo a leanas:
- Cé a bhí in Oifig an Chinn Comhairle roimhe seo?
-
Ba é an Teachta Seán Ó Fearghaíl Ceann Comhairle an 32ú Dáil.