Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Lá na hEorpa, 2024

Ar an 9 Bealtaine gach bliain déanann ballstáit an Aontais Lá na hEorpa a cheiliúradh. Agus síniú fhorógra Schuman in 1950 á chomóradh, is lá é chun machnamh ar an gcomhoibriú, ar an rathúnas agus ar an tsíocháin atá tar éis teacht chun cinn de dheasca an tionscadail Eorpaigh.

In 2024, tá Lá na hEorpa á reáchtáil agus saoránaigh ar fud na mór-roinne ag ullmhú chun vóta a chaitheamh sna toghcháin chun a gcuid ionadaithe i bParlaimint na hEorpa a roghnú.

#ÚsáidDoVóta chun do Pharlaimint Eorpach féin a thoghadh

Is féirín é an daonlathas san Eoraip a cuireadh ar aghaidh chugainn ó na glúnta a chuaigh romhainn, ach ní mór é a chaomhnú, agus is é an bealach is éifeachtaí chun é sin a dhéanamh ná trí vóta a chaitheamh.

Agus Lá na hEorpa á cheiliúradh in 2024, tá Oifig Pharlaimint na hEorpa i mBaile Átha Cliath ag dul i gcomhpháirtíocht le Tithe an Oireachtais chun Teach Laighean agus suíomhanna eile a shoilsiú chun tábhacht na vótála a chur i gcuimhne do dhaoine.

Féach

An Eoraip á Méadú | Machnamh

I mí na Bealtaine 2024, ceiliúrtar an comóradh 20 bliain ó mhéadú 2004, nuair a d’fháiltigh an tAontas roimh dheich mBallstát nua.

Agus an ócáid á ceiliúradh, tháinig an tIarThaoiseach Bertie Ahern roimh an gCoiste um Ghnóthaí an Aontais Eorpaigh do dhíospóireacht lena ndéantar ceiliúradh ar an gcomóradh chun machnamh a dhéanamh ar an méadú stairiúil sin agus “Lá na gCéad Fáilte”, lá speisialta a tharla fad a bhí Uachtaránacht an Aontais ag Éirinn.  

Amharc ar an bhfíseán

Imeachtaí suntasacha i dturas Eorpach na hÉireann

1973 | Téann Éire isteach i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa
1974 | An tAcht in aghaidh Idirdhealú (Pá), 1974
1986-1987 | An Ionstraim Eorpach Aonair
1992 | An Conradh ar an Aontas Eorpach
2004 | Enlargement
2008-2009 | Conradh Liospóin
2012 | An Conradh um Chobhsaíocht Fhioscach
2016 | Reifreann na Ríochta Aontaithe maidir le ballraíocht an Aontais Eorpaigh
2022 | Faigheann an Ghaeilge stádas iomlán mar theanga oifigiúil agus oibre

Féach

Teilifís an Oireachtais | Eagrán Speisialta in Strasbourg

This Oireachtas TV special presentation from the April plenary session at the European Parliament in Strasbourg comes ahead of the European elections taking place in Ireland and across Europe in May.

MEPs and journalists join Flor McCarthy to discuss the election campaigns, EU enlargement and the work of European representatives.

Amharc ar an bhfíseán

féach

A thábhachtaí atá ár bhféiniúlacht Eorpach

Is iomaí sprioc mhór atá bainte amach againn i rith ár staire san Aontas Eorpach ó 1972 i leith, agus táimid fós ag forbairt agus ag teacht in aibíocht san Eoraip.

Agus Lá na hEorpa á cheiliúradh againn, éist leis an gCeann Comhairle, an Teachta Seán ó Fearghaíl, agus é ag caint ar a thábhachtaí atá sé dúinn a bheith inár gcomhaltaí gníomhacha den Aontas Eorpach.

Amharc ar an bhfíseán

An Coimisiún Eorpach

Parlaimint na hEorpa

Uachtarán Pharlaimint na hEorpa

Féach ar léiriú speisialta ina dtaispeántar an t-aitheasc a thug Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Roberta Metsola, do chomhshuí Thithe an Oireachtais.

Amharc ar an bhfíseán

Céard a cheapaimid faoin Eoraip?

Foilsíonn Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn an Tuarascáil Eorabharaiméadair d’Éirinn agus is i bhFómhar 2023 a foilsíodh an t-eagrán is déanaí.

Cumhdaítear na príomhthéamaí seo a leanas sa tuarascáil:

  • Iontaoibh san Aontas Eorpach agus treo an Aontais amach anseo
  • Dearcaí maidir le hinimirce agus méadú an Aontais
  • Saincheisteanna comhthéacsúla tábhachtacha ina measc ábhar imní mór go náisiúnta, rudaí ar nós tithíochta agus an costas maireachtála, deacrachtaí airgeadais agus freagra an Aontais Eorpaigh ar ionradh na Rúise ar an Úcráin
  • Iontaoibh sna meáin

Tugtar le fios leis na torthaí:

  • Tá dearcadh dearfach ag 76% de mhuintir na hÉireann faoin Aontas. Is méadú 2 phointe céatadáin é sin ar an bhfeasachán roimhe.
  • 83% de shaoránaigh na hÉireann dóchasach faoi thodhchaí an Aontais; is é sin an ráta is airde ar fud AE27.
  • Tá muinín ag 57% de mhuintir na hÉireann as an Aontas, sin titim ó 64% in earrach 2023 i gcomparáid le meán AE de 47%.
  • Maíonn 62% de mhuintir na hÉireann go mbraitheann siad go bhfuil siad ar an eolas faoi chúrsaí na hEorpa
  • Is í an tithíocht  an chloch is mó ar phaidrín mhuintir na hÉireann san am i láthair, agus deir 56% díobh gur príomhábhar imní í, síos ó 61% in earrach 2023. 

Tugadh pobalbhreith AE Ghluaiseacht na hEorpa in Éirinn cothrom le dáta le haghaidh 2024 agus leanann sé ag tabhairt léargais dúinn ar chaidreamh na hÉireann leis an Aontas Eorpach.

Tugtar le fios leis na torthaí:

  • Cé go gcreideann móramh mór i bPoblacht na hÉireann (84%) agus i dTuaisceart Éireann (76%) gur cheart do Phoblacht na hÉireann fanacht ina ball den Aontas Eorpach, tá titim bheag ar an tacaíocht dó sin ó rinneadh suirbhé 2023.
  • Tugtar le fios le torthaí 2024 go bhfuil titim mhór ar an líon daoine a aontaíonn go bhfuil an tAontas ag bogadh sa treo cheart.
  • Creideann beagnach leath den dream a thug freagra ar an suirbhé sa dá dhlínse go bhfuil an tAontas ag feidhmiú níos láidre i réimse na trádála ná in aon rud eile, ag 46% i bPoblacht na hÉireann agus 55% i dTuaisceart Éireann.
  • Aontaíonn níos mó ná leath de na daoine sa dá dhlínse go rachadh breis tíortha isteach san Aontas.
EEC membership, 14 July 1966

Seanad debate

EEC membership, 14 July 1966

“If the Government fail to pursue this aim as thoroughly and as efficiently as we think is desirable, we will be pressing them from behind…It will do no harm to our position in Brussels and in this country if it is seen that this House is concerned about this matter.”

 Garrett FitzGerald

EEC membership, 21 March 1972

Dáil debate

EEC membership, 21 March 1972

“Surely it is self-evident that if we were to remain outside the Community we would be conferring on the Border the status of a frontier, both economic and political, between ourselves and the rest of Europe.”

— Jack Lynch 

Léitheoireacht bhreise

Foghlaim tuilleadh faoi institiúidí an AE, caidreamh na hÉireann leis an AE agus comóradh 50 bliain ó  reifreann na hÉireann maidir le dul isteach san AE in 1972.

Barr
Roinn