Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Tiocfaidh an Comhchoiste Oireachtais um Thurasóireacht, Cultúr, Ealaíona, Spórt agus Meáin le chéile chun saincheisteanna rialachais agus cultúir in RTÉ a phlé

23 Aib 2024, 15:18

Tiocfaidh an Comhchoiste Oireachtais um Thurasóireacht, Cultúr, Ealaíona, Spórt agus Meáin le chéile amárach Dé Céadaoin, an 24 Aibreán, chun saincheisteanna rialachais agus cultúir in RTÉ a phlé.

Cloisfidh an cruinniú ó ionadaithe uathu seo a leanas:

·       Unite the Union

·       An Ceardchumann Seirbhísí, Tionsclaíoch, Gairmiúil agus Teicniúil (SIPTU)

·       Connect

·       Ceardchumann Náisiúnta na nIriseoirí

Is féidir an cruinniú i Seomra Coiste 4 a fheiceáil beo ar Oireachtas TV

Tá 14 Chomhalta ar an gComhchoiste um Thurasóireacht, Cultúr, Ealaíona, Spórt agus Meáin, naonúr ón Dáil agus cúigear ón Seanad.

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil ar Aip Fóin Chliste Thithe an Oireachtais, atá ar fáil ar ghléasanna Apple agus Android, freisin.

Fiosrúcháin ó na meáin

Stephen Higgins

Tithe an Oireachtais,

Oifigeach Cumarsáide,

Teach Laighean, 

Baile Átha Cliath 2

+353 (0) 1 618 4743

+353 (0) 85 801 3096

stephen.higgins@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie

Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn