23 Aib 2024, 15:18
Tiocfaidh an Comhchoiste Oireachtais um Thurasóireacht, Cultúr, Ealaíona, Spórt agus Meáin le chéile amárach Dé Céadaoin, an 24 Aibreán, chun saincheisteanna rialachais agus cultúir in RTÉ a phlé.
Cloisfidh an cruinniú ó ionadaithe uathu seo a leanas:
· Unite the Union
· An Ceardchumann Seirbhísí, Tionsclaíoch, Gairmiúil agus Teicniúil (SIPTU)
· Connect
· Ceardchumann Náisiúnta na nIriseoirí
Is féidir an cruinniú i Seomra Coiste 4 a fheiceáil beo ar Oireachtas TV
Tá 14 Chomhalta ar an gComhchoiste um Thurasóireacht, Cultúr, Ealaíona, Spórt agus Meáin, naonúr ón Dáil agus cúigear ón Seanad.
Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil ar Aip Fóin Chliste Thithe an Oireachtais, atá ar fáil ar ghléasanna Apple agus Android, freisin.
Fiosrúcháin ó na meáin
Stephen Higgins
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2
+353 (0) 1 618 4743
+353 (0) 85 801 3096
Twitter: @OireachtasNews