23 Aib 2024, 13:39
Tiocfaidh an Comhchoiste um Shláinte le chéile ina 2 sheisiún Dé Céadaoin an 24 Aibreán chun plé a dhéanamh ar bhearta atá riachtanach chun seirbhísí do dhaoine atá dall nó do dhaoine lagamhairc a fheabhsú agus ar leith uaidh sin chun plé a dhéanamh ar sheirbhísí atá riachtanach do dhaoine ar a bhfuil fiobróis scámhóga ar 9:30am i Seomra Coiste 2 de Theach Laighean.
Le linn an chruinnithe 2 sheisiún, cloisfear ó ionadaithe uathu seo a leanas:
Seisiún 1. (timpeall ar ) 9:30am – 11am
Fís Éireann
Seisiún 2. 11am – 12:30pm
Cumann Fiobróise Scámhóga na hÉireann
Is féidir breathnú ar an gcruinniú i Seomra Coiste 2 beo ar Oireachtas TV.
Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil freisin ar Fheidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais a bhíonn ar fáil ar fheistí Apple agus Android.
Fiosrúcháin ó na meáin
Stephen Higgins
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean,
Baile Átha Cliath 2
+353 (0) 1 618 4743
+353 (0) 85 801 3096
Twitter: @OireachtasNews