Foghlaim tuilleadh faoi chuid de na chéad mhná a ghlac páirt sa pholaitíocht pharlaiminteach in Éirinn. Atáirgeadh na beathaisnéisí ar an leathanach seo le caoinchead an Dictionary of Irish Biography agus Maedhbh McNamara, comhúdar an leabhair Women in Parliament, Ireland: 1918–2000.
An Chuntaois de Markievicz
Bhí an Chuntaois de Markievicz ar dhuine den bheirt bhan a sheas in olltoghchán 1918 agus ba í an chéad bhean riamh í a toghadh chun Teach na dTeachtaí sa Bhreatain. Fearacht na n-iarrthóirí eile de chuid Shinn Féin, gheall sí nach nglacfadh sí a suíochán i bParlaimint Westminster. In áit suí in Westminster, chuaigh sí i nDáil Éireann réabhlóideach agus rinneadh an chéad Bhan-Teachta Dála di. Ba í an chéad Bhan-Aire in Iarthar na hEorpa í freisin.
Rugadh Markievicz, Constance Georgine (1868–1927), an Chuntaois Markievicz, an 4 Feabhra 1868 ag Buckingham Gate, Londain. Poblachtach agus gníomhaí oibreachais ba ea í. Ba í an duine ba shine sa chlann í. Bhí beirt deirfiúracha agus beirt deartháireacha aici. Ba é an daonchara agus an taiscéalaí Sir Henry Gore-Booth ó Lios an Daill, Contae Shligigh a hathair agus ba í Georgina Mary Gore-Booth (Hill roimh phósadh di) ó Chaisleán Tickhill, Yorkshire, a máthair. Tógadh go teach an teaghlaigh i Lios an Daill í nuair a bhí sí ina leanbh. Bhí an-ghean aici ar iarthar na hÉireann cé gur chaith sí cuid mhór ama i mBaile Átha Cliath agus thar lear.
Bhí go leor airgid ag a muintir agus í ag fás aníos. Shíolraigh muintir Gore-Booth ó phlandálaithe ón seachtú haois déag. Úinéirí talún mór le rá ba ea iad. Chuiridís an-siamsaíocht ar fáil i Lios an Daill. Bhí an-dúil acu i ngníomhaíochtaí tuaithe lenar áiríodh marcaíocht, fiach agus tiomáint. Ba pháiste gníomhach ceanúil í. Bhí cáil uirthi as a fheabhas a bhí sí sa diallait agus as a caidreamh cairdiúil le tionóntaí an teaghlaigh. Tógadh í féin agus an deirfiúr ab fhearr léi, Eva, de réir a n-aicme agus a stádais shóisialta. Rinne W.B. Yeats cur síos orthu mar 'two girls in silk kimonos' ina dhán 'In memory of Eva Gore-Booth and Con Markievicz' (Deireadh Fómhair 1927). Cuireadh oideachas orthu sa bhaile. Múineadh dóibh meas a bheith acu ar cheol, ar fhilíocht agus ar ealaín. Thug a máistreás ar thuras mór ar an mór-roinn iad sa bhliain 1886. Ba dheibiútant í Constance sa bhliain 1887 agus cuireadh i láthair na Banríona Victoria ag Pálás Buckingham í.
Bhí súil aici staidéar a dhéanamh ar an ealaín, ach chuir a tuismitheoirí i gcoinne an smaoinimh sin. Ní raibh siad sásta lena huaillmhian agus dhiúltaigh siad a cuid staidéir a mhaoiniú. Ghéill siad sa deireadh sa bhliain 1893 agus thug sí aghaidh ar Scoil Ealaíne Slade i Londain. Tar éis di filleadh ar Lios an Daill, sheas sí ar son ceart vótála do mhná. Bhí sí i gceannas ar chruinniú Chumann Shligigh um Cheart Vótála do Mhná in 1896. Bhí spéis aici san ealaín i rith an ama, áfach. Áitíodh ar a tuismitheoirí ligean di dul go Páras chun tuilleadh staidéir a dhéanamh in 1898. Fad is a bhí sí i bPáras, chas sí ar an gCunta Casimir Dunin-Markievicz, ar mhac léinn ealaíne é chomh maith. Polannach ba ea é agus bhí talamh ag a mhuintir san Úcráin. Pósadh iad i Londain sa bhliain 1900. Tháinig a n-iníon, Maeve, ar an saol an bhliain dár gcionn. D'fhill an lánúin ar Pháras sa bhliain 1902. D'fhág siad a n-iníon faoi chúram Lady Gore-Booth. Tugadh an teaghlach le chéile arís an bhliain ina dhiaidh sin i mBaile Átha Cliath. Ón mbliain 1908 nó mar sin amach, áfach, bhí cónaí ar Maeve lena seantuismitheoirí i Lios an Daill an t-am ar fad beagnach.
Ghlacadh Markievicz agus a fear céile páirt sa saol cultúrtha agus sóisialta ba bheoga i mBaile Átha Cliath – thaispeánaidís a gcuid pictiúr, léirídís drámaí agus dhéanaidís aisteoireacht i ndrámaí in Amharclann na Mainistreach, agus thugaidís cabhair chun an Cumann Ealaíon Aontaithe a bhunú. Scar sí féin agus a fear céile go cairdiúil thart faoi 1909. D'iompaigh sí ar phoblachtachas na hÉireann timpeall na bliana 1908 tar éis di dul le Sinn Féin agus le hInghinidhe na hÉireann. Chuidigh sí freisin le bunú 'Bean na hÉireann', an chéad irisleabhar náisiúnach ban in Éirinn. Scríobhadh sí san fhoilseachán sin freisin ar bhonn rialta. Lean sí uirthi ag obair ar son ceart vótála do mhná, ach chaith sí an chuid is mó dá cuid ama le cúiseanna náisiúnacha oscailte, mar shampla, bunú na gluaiseachta óige poblachtaí, Fianna Éireann, sa bhliain 1909. Faoi 1911 bhí sí ina comhalta feidhmiúcháin de Shinn Féin agus d'Inghinidhe na hÉireann. Gabhadh í an bhliain sin le linn di agóid a dhéanamh in aghaidh chuairt an Rí Seoirse V go Baile Átha Cliath.
Thosaigh Markievicz ag cur níos mó suime sa sóisialachas agus sa cheardchumannachas de réir a chéile. Sa bhliain 1911, labhair sí ag cruinniú Cheardchumann Oibrithe Ban na hÉireann tar éis a bhunaithe agus d'fhan sí dílis dó. Bhí sí i bhfách leis na hoibrithe a bhí ar stailc le linn an fhrithdhúnta sa bhliain 1913, agus d'eagraigh sí tithe anraith i slumaí Bhaile Átha Cliath agus i Halla na Saoirse. Rinneadh cisteoir oinigh ar Arm Cathartha na hÉireann de Markievicz. Bhí baint fhíorthábhachtach aici le nascadh Inghinidhe na hÉireann le Cumann na mBan, ar bhan-eagraíocht phoblachtach mhíleatach é a bunaíodh chun tacú le hÓglaigh na hÉireann. Bhí sí go hiomlán i gcoinne bhaint na hÉireann le comhar cogaidh na Breataine. Ba dhuine de bhunaitheoirí Chonradh Neodrachta na hÉireann í sa bhliain 1914, agus thug sí tacaíocht don mhionlach beag a scar ón eagraíocht Óglaigh níos mó maidir le rannpháirtíocht na hÉireann sa chogadh. Lean sí uirthi ag plé le cúrsaí oibreachais; ba dhuine de bhunaitheoirí Chomharchumann Oibrithe na hÉireann í sa bhliain 1915. Ina theannta sin, bhí sí rannpháirteach in oiliúint mhíleata agus i slógadh an Airm Chathartha agus na bhFianna.
Cainteoir ionsaitheach gáifeach ba ea í. Ba bhreá léi éidí míleata a chaitheamh agus airm a iompar. Bhí cáil ar Markievicz as an tacaíocht a thug sí d'éirí amach armtha in aghaidh údarás na Breataine. D'fháiltigh sí roimh Éirí Amach na Cásca. Ba leascheannasaí í ar thrúpa comhraiceoirí an Airm Chathartha i bhFaiche Stiabhna. De réir mar a ghabh trúpaí na Breataine seilbh ar fhoirgnimh mórthimpeall na faiche, bhí an tArm Cathartha i mbaol a mbáis agus níorbh fholáir dóibh tearmann a lorg i gColáiste Ríoga na Máinleá. Ghéill Markievicz agus a cuid reibiliúnach eile tar éis seachtaine de lámhach trom. Daoradh chun báis í ar dtús mar gheall ar a ról san éirí amach, ach laghdaíodh an breithiúnas báis sin de thairbhe a hinscne; aistríodh go príosún Aylesbury í agus ligeadh saor í faoi phardún ginearálta i mí an Mheithimh 1917, tar éis di ceithre mhí dhéag a chaitheamh i bpríosún. Fad is a bhí sí i bpríosún Mhuinseo díreach tar éis di géilleadh, thosaigh sí ag glacadh treorach ó shagart Caitliceach Rómhánach. Go luath tar éis di filleadh ar Éirinn glacadh léi san eaglais go foirmiúil. Tuigeadh go raibh sí dall ar na mionsonraí faoin diagacht Chaitliceach. Mar sin féin, ghlac sí lena creideamh nua go díograiseach. Mhaígh sí gur bhuail eipeafáine í le linn di a bheith i bhfolach i gColáiste Ríoga na Máinleá.
Thug Markievicz a cuid tacaíochta do Shinn Féin: toghadh ar a bhord feidhmiúcháin í agus bhí sí ar cheann de na mór-náisiúnaithe a gabhadh sa bhliain 1918 de bharr gur líomhnaíodh go raibh baint acu le 'comhcheilg Ghearmánach' thréasach. Le linn di a bheith i ngéibheann, iarradh uirthi seasamh ar son Shinn Féin i rannán Naomh Pádraig, Baile Átha Cliath san olltoghchán a bhí le teacht. Ba í an chéad bhean í a toghadh chuig parlaimint na Breataine, ach dála gach Feisire Shinn Féin dhiúltaigh sí a suíochán a ghlacadh thall in Westminster. Nuair a scaoileadh saor í agus nuair a tháinig sí ar ais go hÉirinn i mí an Mhárta 1919, ainmníodh ina haire saothair sa chéad Dáil Éireann í. Post fóirsteanach ba ea sin di mar gheall ar a tiomantas do chúrsaí saothair agus don phoblacht nuabhunaithe. Gabhadh arís i mí an Mheithimh í as ucht óráid cheannairceach a thabhairt. Gearradh ceithre mhí daoroibre i gCorcaigh uirthi, an tríú ham i gceithre bliana a cuireadh i ngéibheann í. Nuair a scaoileadh saor í, choinnigh Markievicz uirthi ag tabhairt neamhairde ar údaráis na Breataine trí leanúint ar aghaidh lena cuid oibre i gcomhair Shinn Féin agus na Dála. D'éirigh a leithéid de ghníomhaíocht pholaitiúil ní ba chontúirtí agus ní ba dheacra tar éis thús an chogaidh Angla-Éireannaí go luath sa bhliain 1919. Chaith Markievicz cuid mhór den am sin ar a seachaint agus bhí an baol ann i gcónaí go ngabhfaí í. Gabhadh arís í i mí Mheán Fómhair 1920 agus gearradh dhá bhliain daoroibre uirthi tar éis tréimhse fhada ar athchur. Ligeadh saor í i mí Iúil 1921 tar éis do rialtas na Breataine agus Poblachtaigh na hÉireann sos cogaidh a fhógairt. Thug sí aghaidh ar a haireacht an athuair. Milleadh an dóchas go mbunófaí cobhsaíocht pholaitíochta amach, áfach, de thoradh dheighilt na bpoblachtach maidir leis an gconradh Angla-Éireannach i mí na Nollag 1921. Agus éide Chumann na mBan uirthi, labhair sí leis an Dáil ar bhealach drámata mar ba dhual di; cháin sí an conradh agus dhearbhaigh sí a habhcóideacht ar son phoblacht oibrithe na hÉireann an athuair. Atoghadh ina huachtarán ar Chumann na mBan agus ina ceannasaí ar na Fianna í sa bhliain 1922. Chuireadh sí in éadan an chonartha trí na heagraíochtaí sin.
Sheas Markievicz in aghaidh an chonartha go gníomhach. Dhiúltaigh sí a suíochán a ghlacadh sa Dáil agus b'éigean di dul i bhfolach arís fad is a bhí a cuid iar-chomrádaithe sáite i gcogadh cathartha. Chum sí ailt in éadan an Chonartha agus lean sí uirthi i mbun turais chainte chun poiblíocht a thabhairt do chúis na bpoblachtach. Toghadh chun na Dála í do Bhaile Átha Cliath Theas i mí Lúnasa 1923. Dhiúltaigh sí mionn dílseachta a thabhairt don rí agus, macasamhail poblachtaigh thofa eile, dhícháiligh sí í féin óna suíochán dá bharr. Gabhadh í den uair dheireanach i mí na Samhna 1923 agus í ag iarraidh sínithe a bhailiú le haghaidh achainí maidir le príosúnaigh phoblachtacha a scaoileadh saor. Chuaigh sí ar stailc ocrais go dtí gur ligeadh saor í féin agus a cuid comhphríosúnach díreach roimh an Nollaig. Cé go raibh sí scoite ón bpolaitíocht pharlaiminteach agus óna cuid sean-chomhghleacaithe poblachtacha – a raibh cuid acu amhrasach ar bhanpholaiteoirí agus ar Markievicz go háirithe – d'fhan sí tiomanta don idéal poblachtach; chuir sí mórán foilseachán le chéile inar díríodh níos mó ar éachtaí na laethanta a bhí thart ná ar fhírinní díomácha na linne. Chuaigh sí le Fianna Fáil tar éis a bhunaithe sa bhliain 1926; thug sí a droim le Cumann na mBan ar deireadh, dream a bhí in aghaidh an pháirtí polaitíochta nua. D'éirigh léi mar iarrthóir Fhianna Fáil i mBaile Átha Cliath Theas san olltoghchán i mí an Mheithimh 1927. Ghoill obair chrua agus coinníollacha a bhí garbh go minic uirthi, áfach, agus thosaigh a sláinte ag dul in olcas. Cuireadh isteach in ospidéal Sir Patrick Dun í. Dúirt sí gur bhochtán a bhí inti agus cuireadh i mbarda poiblí í, áit a bhfuair sí bás an 15 Iúil 1927; adhlacadh i Reilig Ghlas Naíon í.
Atáirgeadh an bheathaisnéis seo le caoinchead an Dictionary of Irish Biography.
Winifred Carney
Bhí Winifred Carney ar dhuine den bheirt bhan a sheas in olltoghchán 1918. Sheas sí i roinn aontachtach i mBéal Feirste, ach níor toghadh é. Bhí sí ina ball d'Arm Cathartha na hÉireann agus ba dhlúthchara de chuid Shéamais Uí Chonghaile í. Bhí sí ina rúnaí ag an gConghaileach freisin. Bhí sí in Ard-Oifig an Phoist le linn na Cásca 1916 agus rinneadh í a imtheorannú tar éis an Éirí Amach. Lean sí uirthi ag obair ar son ghluaiseachtaí na gceardchumann agus an oibreachais agus cháineadh sí coimeádachas sóisialta Rialtais na hÉireann tar éis neamhspleáchas a bhaint amach.
Rugadh Carney, Winifred ('Winnie') (1887–1943), (Maria Winifred Carney), an 4 Nollaig 1887 ag Fisher's Hill, Beannchar, Contae an Dúin. Ceardchumannaí, feimineach agus poblachtach ba ea í. Ba í an duine ab óige sa chlann í as measc triúr gasúr agus triúr girseach. Ba é an taistealaí tráchtála Alfred Carney a hathair agus ba í Sarah Carney (Cassidy roimh phósadh di; d'éag in 1933) a máthair. Ba Phrotastúnach a hathair agus ba Chaitliceach a máthair; tógadh na páistí mar Chaitlicigh. Tar éis di teacht ar an saol, bhog a tuismitheoirí go Béal Feirste agus scar siad nuair a bhí sí in aois an pháiste. Chuaigh a hathair go Londain agus ní bhfuarthas mórán scéala uaidh ina dhiaidh sin. Bhí a máthair ábalta an teaghlach a chothú trí shiopa milseán a bhí aici ar Bhóthar na bhFál. Cuireadh oideachas ar Winifred i Scoil na mBráithre Críostaí ar Shráid Dhún na nGall, Béal Feirste, áit a ndearnadh múinteoir sóisearach di. Bhí sí neamhspleách mar dhuine. Chaith sí seal ag obair mar chléireach in oifig aturnae tar éis cáilíocht a bhaint amach mar chlóscríobhaí gearrscríbhneoireachta in Acadamh Tráchtála Hughes. Go luath ina cuid fichidí, thosaigh sí ag plé le Conradh na Gaeilge agus le gluaiseachtaí na sufragóirí agus na sóisialaithe. Bhí spéis mhór aici sa chultúr lenar áiríodh litríocht, ealaín agus ceol. Bhí guth maith aici agus ní raibh caill uirthi i mbun an phianó.
Sa bhliain 1912, tháinig sí i gcomharbacht ar a cara Marie Johnson mar rúnaí Cheardchumann Oibrithe Teicstílí na hÉireann ag 50 Sráid Eabhrac, Béal Feirste. D'fheidhmigh an ceardchumann sin mar roinn na mban de Cheardchumann Oibrithe Iompair agus Ilsaothair na hÉireann agus bhí Séamas Ó Conghaile i gceannas air. Bhí sí ar phá íseal neamhrialta ach d'oibrigh sí féin agus a comhghleacaí Ellen Grimley go díograiseach chun pá agus dálaí na gcailíní muilinn a fheabhsú. Rinne Carney bainistiú ar rannóg árachais an cheardchumainn, ar rannóg fhadálach leadránach í. Le linn fhrithdhúnadh 1913, rinne sí a cuid chun airgead agus fóirithint a sholáthar d'oibrithe Bhaile Átha Cliath. Tarraingíodh cuid mhór díobh siúd a raibh baint acu le Ceardchumann Oibrithe Iompair agus Ilsaothair na hÉireann isteach sa ghluaiseacht phoblachtach agus bhí sí i láthair nuair a bunaíodh Cumann na mBan in Óstán Wynn, Baile Átha Cliath (2 Aibreán 1914). Chuaigh sí isteach san Arm Cathartha (bhí sí sármhaith i mbun raidhfil). Bhí Séamas Ó Conghaile ina dhlúthchara aici agus thosaigh sí ag feidhmiú mar a rúnaí pearsanta. Is cosúil gur lig sé a rún léi go hiomlán agus bhí an chuma ar an scéal freisin go raibh sí go díreach ar aon intinn leis maidir lena aidhmeanna réabhlóideacha. D'iarr sé uirthi teacht go Baile Átha Cliath an 14 Aibreán 1916 chun cabhrú leis na hullmhúcháin deiridh d'Éirí Amach na Cásca. Chaith sí seachtain ag clóscríobh teachtaireachtaí agus orduithe slógtha i Halla na Saoirse. Ba í an t-aon bhean sa cholún a ghlac seilbh ar Ard-Oifig an Phoist ar Luan Cásca, an 24 Aibreán (cé gur tháinig scata eile ina dhiaidh sin). Bhí sí mar rúnaí ag an gConghaileach le linn an éirí amach agus dhiúltaigh sí Ard-Oifig an Phoist a fhágáil, cé gur bhog bunús na mban amach aisti. Ní hé an dea-fhreagra a thug sí ar Phádraig Mac Piarais nuair a dúirt sé léi gur cheart di imeacht. D'fhan sí leis an gConghaileach sa cheanncheathrú shealadach ag 16 Sráid an Mhúraigh agus chlóscríobh sí teachtaireachtaí, chóirigh sí a chréacht, agus d'fhreastail sí ar na fir eile a bhí gortaithe. Rinneadh í a imtheorannú tar éis an ghéillte (an 29 Aibreán) – i Muinseo a chéaduair agus i bpríosún Aylesbury ó mhí Iúil ar aghaidh. Ligeadh saor í an 24 Nollaig 1916. Ba thoscaire Bhéal Feirste í chuig coinbhinsiún Chumann na mBan i bhfómhar na bliana 1917, agus ceapadh í ina huachtarán ar chraobh Bhéal Feirste. Cuireadh i bpríosún Ard Mhacha agus i bpríosún Lewes í ar feadh tréimhse ghairid sa bhliain 1918. Sheas sí do Shinn Féin i roinn Victoria i mBéal Feirste in olltoghchán na bliana 1918 (an t-aon bhaniarrthóir in Éirinn diomaite de Constance Markievicz). Bhí sí ar son phoblacht oibrithe ach níor éirigh go maith léi – ní bhfuair sí ach 4% de na vótaí. Ina dhiaidh sin rinne sí an-cháineadh ar an tacaíocht a fuair sí ó Shinn Féin. Aistríodh go ceannoifig Cheardchumann Oibrithe Iompair agus Ilsaothair na hÉireann i mBaile Átha Cliath í sa bhliain 1919. Níor réitigh sí go maith le comhghleacaithe fearacht Joe McGrath agus William O'Brien, áfach, agus d'fhill sí ar Bhéal Feirste tar éis cúpla mí. Bhí sí ina rúnaí ar Chiste Chleithiúnaithe Phríosúnaigh Phoblachtacha na hÉireann i mBéal Feirste (1920–22). Rinneadh comhalta den pháirtí athnuaite, Páirtí Sóisialach na hÉireann, di sa bhliain 1920 agus d'fhreastail sé ar choinbhinsiún bliantúil Pháirtí an Lucht Oibre Neamhspleách i nGlaschú i mí Aibreáin 1920.
Bhí sí dóchasach i gcónaí go mbunófaí poblacht oibrithe Uí Chonghaile. Chuir sí i gcoinne an chonartha agus thug sí tearmann do phoblachtaigh macasamhail Markievicz agus Austin Stack ina teach ag 2a Carlisle Circus, Béal Feirste. Ghabh Constáblacht Ríoga Uladh í an 25 Iúil 1922 agus coinníodh faoi choimeád í ar feadh ocht lá dhéag cionn is go bhfuarthas 'páipéir cheannairceacha' ina teach. Dhiúltaigh sí an chúirt a aithint agus gearradh fíneáil £2 uirthi. Cháineadh sí an chríochdheighilt agus coimeádachas sóisialta Rialtais na hÉireann tar éis neamhspleáchas a bhaint amach. D'fhán sí i mBéal Feirste agus dhírigh sí a haird ar chur chun cinn na gluaiseachta oibreachais áitiúla. Dhiúltaigh sí pinsean a ghlacadh as an ról a bhí aici in 1916. Ghéill sí sa deireadh cúpla seachtain sular éag sí. Chuaigh sí le craobh Bharda na Cúirte de chuid Pháirtí Lucht Oibre Thuaisceart Éireann sa bhliain 1924. Bhí sí gníomhach in eite radacach an pháirtí agus bhí baint aici le cur chun cinn an tsóisialachais phoblachtaigh. Mholadh sí Séamas Ó Conghaile i gcónaí pé uair a bhí sí i mbun cainteanna le comhghleacaithe agus chosain sí éirí amach 1916. Ní dhéanadh sí mórtas faoina ról féin ann, áfach, agus níor nocht sí riamh an méid a bhí ar eolas aici faoi ó thaobh pleanála de. Díreach cosúil le Séamas Ó Conghaile, bhí amhras uirthi faoi James Larkin. Bhí daoine ann a cheap go raibh sí sách dian agus géar, ach labhraíodh a cuid dlúthchairde faoina cineáltas agus faoina mealltacht, agus mholaidís a tréandílseacht phearsanta agus a tréandílseacht pholaitiúil. Lean sí ar aghaidh ag obair do Cheardchumann Oibrithe Iompair agus Ilsaothair na hÉireann i mBéal Feirste agus i mBaile Átha Cliath go dtí Meán Fómhair 1928, tráth ar phós sí George McBride. Ba Phrotastúnach é McBride (1898–1988). Innealtóir teicstílí, sóisialaí dílis, agus comhalta de Pháirtí Lucht Oibre Thuaisceart Éireann a bhí ann. Chuaigh sé isteach in Óglaigh Uladh sa bhliain 1913 agus throid sé ar son arm na Breataine (1914–18). Bhí cónaí orthu ag 3 Paráid an Tobair Ghil, an Teach Geal, Béal Feirste, agus, in ainneoin a n-easaontais faoi náisiúnachas na hÉireann, bhí siad sona sásta ina bpósadh; ní raibh clann ar bith acu. Chuaigh Carney le Páirtí Sóisialach Bhéal Feirste, ar pháirtí beag é, thart faoin mbliain 1934. Bhí an tsláinte ag meath uirthi, áfach, agus ní róghníomhach sa pholaitíocht a bhí sí faoin am sin. Fuair sí bás an 21 Samhain 1943 i mBéal Feirste agus cuireadh i reilig Bhaile an Mhuilinn, Béal Feirste, í.
Atáirgeadh an bheathaisnéis seo le caoinchead an Dictionary of Irish Biography.
An Dr Ada English
Bhí an Dr Ada English ina Comhalta den dara Dáil agus ar dhuine de na chéad mhná a bhí ina dochtúir in Éirinn. Bhí sí ina ceannródaí i leigheas síciatrach in Éirinn, á thabhairt chun cinn, ach bhí sí feiceálach chomh maith sa ghluaiseacht phoblachtach mar bhall de Chumann na mBan agus Sinn Féin.
Rugadh English, Adeline (‘Ada’) (1875–1944), dochtúir, acadóir, agus náisiúnach, ar an 10 Eanáir 1875 i gCathair Saidhbhín, Co. Chiarraí, an iníon is óige le Patrick English, ceimiceoir cógaisíochta, agus Nora English (née McCardle). Tógadh sa Mhuileann gCearr, Co. na hIarmhí í, cé go bhféadfadh sé go raibh a hathair ag obair níos déanaí i dtearmann Bhéal Átha na Sluaighe, mar go dtugtar an tearmann mar sheoladh ar a máithreánach (1895). Cuireadh oideachas uirthi sa Chlochar Loreto áitiúil agus ag ranganna ollscoile ag Sráid Mhuirfean Íochtarach, Baile Átha Cliath, agus bhain sí céim amach ó Ollscoil Ríoga na hÉireann i mBaile Átha Cliath, áit a raibh sí ar dhuine de na chéad mhná a bhí ina mac léinn ag scoil an leighis i Sráid Shisile. Fad is a bhí sí i mBaile Átha Cliath chuir sí suim i gConradh na Gaeilge, agus d’fhreastail sí ar ranganna Gaeilge a thug a cara Pádraig Mac Piarais, agus bhí sí ina cainteoir líofa ar deireadh. Nuair a bhain sí amach céim MB, B.Ch. agus BAO in 1903, d’oibrigh sí ar feadh tamaill mar mháinlia in Ospidéal na Leanaí, Sráid an Teampaill, mar chúntóir cliniciúil i dTearmann Richmond, agus in Ospidéal an Mater i mBaile Átha Cliath, sular ghlac sí le post mar oifigeach cúnta leighis i dtearmainn mheabhracha Bhéal Átha na Sluaighe agus an Chaisleáin Riabhaigh. Ina dhiaidh sin, bhí sí bainteach le brainse Bhéal Átha na Sluaighe de Chumann Sláinte Náisiúnta na mBan, mar rúnaí oinigh ar feadh tréimhse ghairid, agus in 1914 ceapadh mar an chéad léachtóir reachtúil ar mheabhairghalair í ag UCG.
Sna blianta roimh Éirí Amach 1916, bhí sí gníomhach go polaitiúil, chuaigh sí isteach i gcraobh Bhéal Átha na Sluaighe de Shinn Féin nuair a bunaíodh é in 1910. Bhí sí ina hoifigeach leighis le hÓglaigh na hÉireann ó bunaíodh iad, agus ina dhiaidh sin bhí sí i gCumann na mBan, agus suíochán aici ar an gcoiste riartha ar feadh blianta fada. In 1921 cuireadh ar triail agus ciontaíodh í ag Dún na Rinne Móire as litríocht de chuid Chumann na mBan a bheith aici. Cé gur gearradh téarma príosúin naoi mí uirthi, scaoileadh amach as príosún na Gaillimhe í tar éis sé mhí, mar gheall go bhfuair sí nimhiú tóimín. An bhliain sin, toghadh arís sa Dáil í mar ionadaí Shinn Féin d’Ollscoil na hÉireann, agus, i dteannta na dTeachtaí Dála ban eile, chur sí i gcoinne an Chonartha. Ní raibh aici ach seal gairid sa Dáil. Chaill sí a suíochán an bhliain dár gcionn, ach go gairid ina dhiaidh sin, chuaigh sí in éindí le Cathal Brugha ina áitiú in Óstán Hammam ar Shráid Uí Chonaill Uachtarach i rith an chogaidh chathartha. Ina dhiaidh sin, dhírigh sí go príomha ar a slí bheatha, cé go raibh sí i mbun feachtasaíochta go gníomhach maidir le húsáid earraí a rinneadh in Éirinn in institiúidí Éireannacha.
I rith na mblianta fada a raibh baint aici le tearmann Bhéal Átha na Sluaighe, rinne sí go leor athruithe a d'athraigh ina ospidéal meabhairshláinte cothrom le dáta é. Bhí sí gníomhach go háirithe i dteiripe shaothair a thabhairt isteach san ospidéal; mar gheall ar a tiomantas don institiúid, agus go háirithe dá hothair, dhiúltaigh sí post mar stiúrthóir leighis cónaitheach in ospidéal meabhairshláinte Shligigh in 1921. Ar feadh tamaill bhí sí páirteach sa ghrúpa drámaíochta a bunaíodh san ospidéal. Ceapadh ina stiúrthóir leighis cónaitheach ar Bhéal Átha na Sluaighe í in 1941, d’éirigh sí as a post ag UCG in 1943, agus fuair sí bás ar an 27 Eanáir 1944 i mBéal Átha na Sluaighe. D’iarr sí go gcuirfí i gcré í in aice lena hiar-othair i reilig na Críche in aice láimhe.
Atáirgeadh an bheathaisnéis seo le caoinchead an Dictionary of Irish Biography.
Hanna Sheehy Skeffington
Ba dhuine de bhunaitheoirí Chonradh Ceart Vótála Mhná na hÉireann í Hanna Sheehy Skeffington. Cuireadh príosúnacht uirthi agus briseadh as a post í as ucht a feachtais mhíleataigh ar son na vótála. Tar éis 1918, d'fhan sí gníomhach sa pholaitíocht agus san fheimineachas le blianta fada, agus chothaigh sí feachtas i gcoinne Bhunreacht 1937. Níor éirigh léi in olltoghchán na bliana 1943.
Rugadh Skeffington, (Johanna) Hanna Sheehy (1877–1946), an 24 Bealtaine 1877 i gCeann Toirc, Contae Chorcaí. Gníomhaí polaitiúil ba ea í. Ba í an duine ba shine sa chlann í. Bhí beirt deartháireacha agus triúr deirfiúracha aici. Ba é an muilleoir agus an Feisire náisiúnach níos déanaí David Sheehy a hathair agus ba í Elizabeth ('Bessie') Sheehy (McCoy roimh phósadh di) a máthair. Ba as Contae Luimnigh a beirt tuismitheoirí. Bhog an teaghlach go Baile Átha Cliath in 1887 tar éis a bheith ina gcónaí i gContae Chorcaí agus i gContae Thiobraid Árann. Cuireadh oideachas ar Hanna sa Chlochar Doiminiceach, Sráid Eccles, Baile Átha Cliath, áit inar bhuaigh sí roinnt duaiseanna agus taispeántas agus inar léirigh sí go raibh bua na dteangacha aici. Chuir bagairt na heitinne a bhí ag tosú in 1895 isteach ar a cuid staidéir. Chuaigh sí chun na Fraince agus na Gearmáine ar mhaithe le biseach a fháil. Ghnóthaigh sí scoláireacht chuig Coláiste Ollscoile Naomh Muire níos déanaí an bhliain sin. An tOrd Doiminiceach a bhí i mbun an ionaid léinn sin. Bhain sí Baitsiléir Ealaíon onóracha i nuatheangacha amach in Ollscoil Ríoga na hÉireann in 1899. Bronnadh MA uirthi sa bhliain 1902. Tar éis bhronnadh na céime, fuair Hanna post páirtaimseartha leis an Ord Doiminiceach ar Shráid Eccles.
Sa bhliain 1896 chas Hanna ar an bhfear céile a bheadh aici níos faide anonn – Francis ('Frank') Skeffington, an t-aon leanbh a bhí ag Joseph Bartholomew Skeffington, cigire sa chóras náisiúnta scoileanna, agus Rose Skeffington. Nuair a phós an lánúin sa bhliain 1903, ghlac siad sloinnte a chéile chun comhionannas a gcaidrimh a chur in iúl. Cé go raibh Hanna feasach ó thaobh na polaitíochta de agus go raibh sí ar dhuine de bhunaitheoirí (1902) Chumann na mBanchéimithe agus na nÁbhar Céimithe, a bunaíodh chun dul chun cinn na mban san oideachas ollscoile a chur chun cinn, d'éiligh sí gurbh é Frank a bhí freagrach as a tiomantas dúthrachtach do ghluaiseacht na mban. Tháinig a mac Owen, an t-aon leanbh a bhí acu, ar an saol sa bhliain 1908. Bhí an lánúin tiomanta don iomad cúiseanna, go háirithe an feimineachas, an síocháineachas, an sóisialachas agus an náisiúnachas.
Chuaigh Hanna le Cumann Ceart Vótála agus Rialtais Áitiúil Mhná na hÉireann sa bhliain 1902. Cumann seanbhunaithe ba ea é a chothaíodh feachtas ar son cheart vótála na mban trí mhodhanna ní ba shibhialta – stocaireacht a dhéanamh ar pholaiteoirí agus cruinnithe a thionól. Cuireadh an eagraíocht mhíleatach ceart vótála, Aontas Sóisialta agus Polaitiúil na mBan, ar bun sa bhliain 1903 i Londain. Cuireadh brí úr san fheachtas ceart vótála dá bharr sin. Bhí Hanna ar an eolas faoi ghníomhaíochtaí Aontas Sóisialta agus Polaitiúil na mBan agus, sa bhliain 1908 in éineacht le Gretta (Margaret) Cousins agus beirt bhan eile, chomhbhunaigh sí Chonradh Ceart Vótála Mhná na hÉireann, ar ghrúpa neamhspleách míleatach iad nach raibh i gcomhghuaillíocht. Faoin mbliain 1912 mhaígh Conradh Ceart Vótála Mhná na hÉireann go raibh os cionn 1,000 ball aige. Mar sin de, ba é an grúpa ba mhó in Éirinn é maidir le ceart vótála. Náisiúnach mór ba ea Hanna ach ní dheachaigh sí le hInghinidhe na hÉireann nuair a bunaíodh é sa bhliain 1900 ná le Cumann na mBan sa bhliain 1914. Chreid sí go raibh na mná a raibh baint acu le heagraíochtaí náisiúnacha faoi smacht na bhfear (saincheist a ndearnadh plé mór uirthi an t-am sin), agus nach mbainfí fíorshaoránacht amach go dtí go bhfaighfí ceart vótála.
I mí na Bealtaine 1912, chonacthas an chéad eagrán den nuachtán ceart vótála The Irish Citizen, arna chur in eagar ag Frank Sheehy Skeffington agus James Cousins. Nuair a thug muintir Cousins aghaidh ar an India sa bhliain 1913, tháinig muintir Sheehy Skeffington i gceannas ar an nuachtán. Tar éis dhúnmharú Frank sa bhliain 1916, rinne Hanna eagarthóireacht ar an nuachtán, ó am go ham, go dtí 1920. Chuaigh smaointe sóisialacha Shéamais Uí Chonghaile i bhfeidhm go mór ar a cuid smaointeoireachta. Thug sí cúnamh i Halla na Saoirse le linn Fhrithdhúnadh Bhaile Átha Cliath sa bhliain 1913. Ós rud é nár thacaigh Páirtí Parlaiminteach na hÉireann le ceart vótála do mhná, bhí an chéad ghníomhaíocht mhíleata maidir le ceart vótála le sonrú in Éirinn. Bhris dornán ban de chuid Chonradh Ceart Vótála Mhná na hÉireann, lenar áiríodh Hanna, roinnt fuinneog i dtithe an rialtais ar an 13 Meitheamh 1912. Gabhadh na mná agus cuireadh i bpríosún iad ar feadh míosa. Nuair a cuireadh i bpríosún iad, d'iarr siad stádas polaitiúil láithreach bonn agus d'éirigh leo. Chuaigh Hanna agus scata sufraigéidí eile ar stailc ocrais mar gheall ar an gcaoi ar chaith údaráis na hÉireann le beirt sufraigéidí Sasanacha. Dhéanaidís an rud céanna cibé uair a chuirtí príosúnacht orthu. Briseadh Hanna as a post mar mhúinteoir Gearmáinise i Scoil Tráchtála Ráth Maonais de dheasca a cuid gníomhaíochtaí feimineachais. Chaith sí níos mó ama anois le ceart vótála agus lena cuid oibre le The Irish Citizen, agus í i mbun comhfhreagrais le sufragóirí i Sasana agus sna Stáit Aontaithe. Ghlac Hanna agus Frank seasamh láidir síocháineachais i dtaca leis an míleatachas a bhí ag éirí ní ba threise ag an am. Bhí Frank páirteach in eagrú grúpaí frithchreachta nuair a thosaigh Éirí Amach 1916. Gabhadh agus scaoileadh é gan triail ar orduithe an Chaptaein JC Bowen-Colthurst (qv), oifigeach de chuid Arm na Breataine. Ghoill an t-imeacht sin go mór ar Hanna go pearsanta agus go mothúchánach. Bhí fiosrúchán ann faoin dúnmharú ach fágadh an iomarca ceisteanna gan freagra, rud nach raibh Hanna róshásta leis. Dhiúltaigh sí gach tairiscint chúitimh ón rialtas agus chinn sí fíorais an cháis a thabhairt os comhair phobal Mheiriceá. Ar cuireadh ó Chairde Shaoirse na hÉireann, chuaigh Hanna ar chamchuairt sna Stáit Aontaithe idir mí Dheireadh Fómhair 1916 agus mí Lúnasa 1918. Labhair sí ag breis agus 250 cruinniú. Chuaigh sí ar thuras ar Mheiriceá trí huaire eile ina dhiaidh sin. Cuireadh a mórchaint óna céad turas, 'British militarism as I have known it', i gcló i bhfoirm phaimfléid i Nua-Eabhrac sa bhliain 1917.
Toghadh Hanna chuig Bardas Bhaile Átha Cliath go mall sa bhliain 1919 mar iarrthóir de chuid Shinn Féin. Ba stiúrthóir eagraíochta do Shinn Féin í nuair a fógraíodh sos cogaidh i mí Iúil 1921. Bhí sí ar choiste feidhmiúcháin Chros Bhán na hÉireann freisin, eagraíocht fóirithinte arna maoiniú ag an gCoiste Meiriceánach um Fhaoiseamh in Éirinn. Chuir sí in aghaidh an chonartha Angla-Éireannaigh. Chuaigh sí go Meiriceá sna blianta 1922-1923 le Linda Kearns (Linda MacWhinney) agus Kathleen Boland chun cistí a chruinniú le haghaidh theaghlaigh shaighdiúirí poblachtacha na hÉireann a bhí á gcoimeád ina bpríosúnaigh i Saorstát Éireann. Ba bhall í Hanna de Chumann Cosanta na bPríosúnach leis agus chabhraigh sí chun Conradh Cosanta na mBanphríosúnach a bhunú sa bhliain 1922. I mí Lúnasa 1923, chuir Éamon de Valera go Páras í chun cás a chur faoi bhráid Chonradh na Náisiún á mholadh gan aitheantas a thabhairt do Shaorstát Éireann. Níor éirigh leis an iarracht úd, áfach.
Bhí Hanna ina ball de Chonradh Idirnáisiúnta na mBan ar son na Síochána agus na Saoirse. Eagraíocht síocháineachais ba ea é agus rinneadh leas-uachtarán ar an gConradh di níos faide anonn. I mí na Bealtaine 1926, bhí sí ar dhuine de cheathrar ban a ceapadh i gcoiste feidhmiúcháin an pháirtí nua, Fianna Fáil. Nuair a tháinig de Valera isteach sa Dáil, áfach, scar sí ón bpáirtí. Cé gur chuir nádúr rialtas na hÉireann sna 1920idí agus sna 1930idí isteach uirthi ó thaobh na polaitíochta de, d'fhan sí ina feimineach gníomhach i rith an ama. Chothaigh sí í féin agus Owen trína cuid iriseoireachta; scríobhadh sí cuid mhór don Irish World agus thugadh sí go leor cainteanna agus léachtaí poiblí. Stiúir sí agóidí i gcoinne an léirithe ar 'The Plough and the Stars' le Seán O'Casey in Amharclann na Mainistreach sa bhliain 1926; mhaígh sí go ndearna an dráma ceap magaidh de na fir agus na mná a ghlac páirt in Éirí Amach 1916.
I mí Lúnasa 1930, chuaigh Hanna chun staidéar a dhéanamh ar an gcóras rialtais Sóivéadach agus í ina toscaire de chuid Chairde na Rúise Sóivéadaí. Fearacht go leor daoine eile a linne, thaobhaigh sí leis an gcóras cumannach go gníomhach. Lean sí uirthi ag scríobh do 'An Phoblacht'. Níos faide anonn rinneadh eagarthóir cúnta ar an bhfoilseachán sin di agus ar 'Republican File'. Gabhadh í agus cuireadh i bpríosún í tar éis óráid phoiblí san Iúr i mí Eanáir 1933, i ndiaidh neamhaird a thabhairt ar ordú eisiaimh a ghearr rialtas Thuaisceart Éireann uirthi. Bhí sí i gcoinne Bhunreacht 1937 agus chothaigh sí feachtas poiblí i gcoinne a fhorálacha trí Chumann na mBanchéimithe. Ós rud é go raibh amhras uirthi faoin mbunreacht nua, ghlac Hanna páirt mhór i mbunú Chonradh Sóisialta agus Forásach na mBan mar pháirtí polaitíochta ban i mí na Samhna 1937. Dhearbhaigh an eagraíocht gurbh eagraíocht neamhsheicteach neamhpháirtí é. Níor éirigh léi in olltoghchán na bliana 1943 agus í ina hiarrthóir ag an bpáirtí. Tháinig meath ar a sláinte sa bhliain 1945 agus fuair sí bás de bharr cliseadh croí ar an 20 Aibreán 1946. Cuireadh í in aice lena fear céile Frank i Reilig Ghlas Naíon i mBaile Átha Cliath.
Tá an bailiúchán páipéar is mó, lena n-áirítear grianghraif, a bhaineann le Hanna Sheehy Skeffington le fáil i bpáipéir Sheehy Skeffington i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Tá roinnt comhfhreagrais uaithi, ón mbliain 1926, le fáil i gcartlann pháirtí Fhianna Fáil, Baile Átha Cliath. Tá a comhfhreagras le Alice Parks le fáil i mbailiúchán Alice Parks, bosca uimhir 19, Cartlann Institiúid Hoover, Stanford, California.
Atáirgeadh an bheathaisnéis seo le caoinchead an Dictionary of Irish Biography.
An Dr Kathleen Lynn
Toghadh an Dr Kathleen Lynn don cheathrú Dáil sa bhliain 1923, ach níor ghlac sí a suíochán toisc go raibh sí i gcoinne an Chonartha. Bhí sí ar dhuine de na chéad mhná a bhain céim leighis amach in Ollscoil Ríoga na hÉireann agus bhunaigh sí ospidéal leanaí. Chuaigh sí le gluaiseacht na gceart vótála agus ba fhreastalaí leighis í ar stailceoirí ocrais feimineacha ó 1912. Bhí sí ina príomhoifigeach leighis in Arm Cathartha na hÉireann le linn Éirí Amach 1916.
Rugadh Lynn, Kathleen (1874–1955), ar an 28 Eanáir 1874 i Mullach Faraidh, in aice le Cill Ala, Contae Mhaigh Eo. Dochtúir agus gníomhaí polaitiúil ba ea í. Ba í an dara leanbh ba shine sa chlann í. Bhí beirt deirfiúracha agus deartháir amháin aici. Ba é an ministir de chuid Eaglais na hÉireann, Robert Lynn, a hathair agus ba í Catherine Lynn (Wynne roimh phósadh di) as Droim Chliabh, Contae Shligigh, a máthair. Cé go raibh gaolta uasaicmeacha aici agus cé go raibh sí go maith as agus í ag fás aníos, dhírigh sí orthu siúd a bhí ar an ngannchuid den chuid is mó ina saol gairmiúil. B'fhéidir gur thug an bhochtaineacht agus an chorraíl faoi chúrsaí talún, a bhí le sonrú i Maigh Eo nuair a bhí Lynn ag fás aníos, spreagadh di le réitigh pholaitiúla phragmatacha a fháil ar dhíothacht shocheacnamaíoch. Tar éis oideachas a fháil i Manchain agus in Düsseldorf, d'fhreastail sí ar Choláiste Alexandra i mBaile Átha Cliath. Bhain sí céim amach i Sráid Shisile (Scoil Leighis na hOllscoile Caitlicí) in 1899. Tar éis obair iarchéime a dhéanamh sna Stáit Aontaithe, rinneadh comhalta de Choláiste Ríoga na Máinleá di sa bhliain 1909. Níor tugadh post di in Ospidéal Adelaide mar gheall ar a hinscne, ach d'éirigh léi fostaíocht a fháil in Ospidéal Sir Patrick Dun. Fuair sí taithí luachmhar in Ospidéal Luí Seoil an Rotunda freisin. Ba chúntóir cliniciúil in Ospidéal Súl agus Cluas Ríoga Victoria í idir 1910 agus 1916. Ba í an chéad bhandochtúir cónaitheach san ospidéal í, ach ní raibh cead aici dul ar ais arís tar éis Éirí Amach 1916. Ba cónaí uirthi ag 9 Bóthar Belgrave, Ráth Maonais, idir 1903 agus 1955 agus bhí cleachtas príobháideach aici ansin.
Sufragóir gníomhach agus náisiúnaí díograiseach a bhí inti. Chuaigh na gníomhaithe oibreachais Helena Molony, Constance Markievicz agus Séamas Ó Conghaile i bhfeidhm go mór uirthi. Toisc go raibh sí ag plé leis na tithe anraith, bhí dlúth-theagmháil aici le teaghlaigh bhochta i mBaile Átha Cliath le linn fhrithdhúnadh 1913. Chuaigh sí in Arm Cathartha na hÉireann agus mhúin sí garchabhair do Chumann na mBan. Agus í ina príomhoifigeach leighis in Arm Cathartha na hÉireann le linn Éirí Amach 1916, thug sí aire do dhaoine a bhí gortaithe óna post i Halla na Cathrach. Baineadh úsáid as a carr chun airm a iompar agus chodlaíodh Markievicz sa charr fosta. Cuireadh i bPríosún Chill Mhaighneann í in éineacht lena dlúthchairde Helena Molony agus Madeleine ffrench-Mullen. Rinne sí gearán mór faoi choinníollacha brúite an phríosúin. Sóisialaí dícheallach ba ea í. Bhí sí ina leas-uachtarán oinigh ar Cheardchumann Oibrithe Ban na hÉireann sa bhliain 1917 agus cháin sí na drochdhálaí oibre a bhí le fulaingt ag cuid mhór oibrithe ban. Bhí sí ina leas-uachtarán ar choiste feidhmiúcháin Shinn Féin sa bhliain 1917. Ba ghnách leis na mná eile i Sinn Féin bualadh le chéile ina teach, go háirithe le haghaidh chruinnithe Chumann na dTeachtaire. Bhí sí ar a seachaint idir Bealtaine agus Deireadh Fómhair 1918. Cuireadh chuig beairic choinneála Chnoc an Arbhair í tar éis a gabhála. D'aontaigh na húdaráis í a scaoileadh saor tar éis d'Ardmhéara Bhaile Átha Cliath, Laurence O'Neill, idirghabháil a dhéanamh toisc go raibh a seirbhísí gairmiúla den riachtanas le linn na heipidéime fliú sna blianta 1918–19. Cé go bhfuil an-iomrá uirthi i réimse na polaitíochta, is fearr aithne ar Lynn, go príomha, as a cuid oibre in Ospidéal Naomh Ultán do Naíonáin ar Shráid Charlemont, a bhunaigh sí sa bhliain 1919 lena cara rúin, Madeleine ffrench-Mullen. Ba é aidhm an ospidéil áiseanna a raibh géarghá leo, idir áiseanna leighis agus áiseanna oideachais, a sholáthar do naíonáin bhochta agus dá máithreacha.
Cé go raibh sí gníomhach i ndeisceart Thiobraid Árann i rith Chogadh na Saoirse, chuaigh iomrá náisiúnta Lynn i léig tar éis na tréimhse iontaí idir 1913 agus 1923. Toghadh chuig Dáil Éireann í sa bhliain 1923. Iarrthóir Shinn Féin do Chontae Bhaile Átha Cliath a bhí inti. Bhí sí ar an taobh a bhí in éadan an Chonartha agus níor ghlac sí a suíochán. Theip uirthi sa toghchán i mí an Mheithimh 1927 ach bhí sí ina ball gníomhach de chomhairle ceantair uirbigh Ráth Maonais idir 1920 agus 1930. Labhraíodh sí go rialta faoi chúrsaí sláinte poiblí ar nós tithíochta agus cosc galar. Mar bhall de chomhairle Chros Bhán na hÉireann rinne sí dianiarracht cuidiú le poblachtaigh agus rinne sí an-cháineadh ar dhearcadh Shaorstát Éireann nuabhunaithe i leith na ndaoine sin a bhí in éadan an Chonartha. In Ospidéal Naomh Ultán, chothaíodh Lynn taighde idirnáisiúnta ar dhíothú na heitinne. Sa bhliain 1937, a bhuíochas le hiarrachtaí a comhghleacaí Dorothy Stopford Price, thug an t-ospidéal ionaclú BCG (Bachaillín Calmette-Guérin) isteach, rud a chuir cosc le heitinn. Spreagadh sí naisc le liachleachtóirí i Meiriceá agus le liachleachtóirí ar an Mór-Roinn freisin. Thug ffrench-Mullen agus Lynn cuairt ar na Stáit Aontaithe sa bhliain 1925 chun airgead a bhailiú d'Ospidéal Naomh Ultán agus chun cuairt a thabhairt ar institiúidí péidiatraice. Chuir Lynn níos mó suime san oideachas leanbhlárnach sa bhliain 1934 nuair a thug an Dr Maria Montessori cuairt ar Ospidéal Naomh Ultán.
Mhol Lynn an ghlaineacht agus an t-aer úr go hard na spéire i rith a saoil. Bhí baint aici leis an Óige (ógeagraíocht) agus thug sí a teachín i nGleann Molúra, Contae Chill Mhantáin dóibh (an teachín céanna a thug sí ar iasacht do Dorothy Macardle chun 'The Irish Republic' a scríobh roimhe sin). Dhear cara le Lynn, an t-ailtire Michael Scott, balcóin taobh amuigh dá seomra leapa, áit inar chodail sí formhór na bliana. Ball diaganta d’Eaglais na hÉireann a bhí inti. Théadh sí chuig Séipéal na Tríonóide Naofa, Ráth Maonais, go rialta ach cháineadh sí eaglaisí Críostaí go minic as ucht bunteagasc Íosa a ligean i ndearmad. Tar éis an Dara Cogadh Domhanda, bhí sí ina leaschathaoirleach ar an gCumann um Páistí Gearmánacha a Shábháil (Save the German Children Society). Bhásaigh sí ar an 14 Meán Fómhair 1955 i dTeach Altranais Mhuire i mBaile Átha Cliath agus cuireadh sochraid mhíleata iomlán uirthi. Cuimhnítear uirthi go príomha as a gníomhaíochas sochpholaitiúil; bhí sí mar chuid de ghlúin ban a polaitíodh sna 1910idí agus a dhírigh ar an bhfeimineachas máthartha níos faide anonn sa saol. Tá portráid le Lily Williams i gColáiste Ríoga Lianna na hÉireann.
Atáirgeadh an bheathaisnéis seo le caoinchead an Dictionary of Irish Biography.
Mary MacSwiney
Bhí Mary MacSwiney ina Comhalta Dála ón dara Dáil in 1921 go dtí 1927. Bhí sí ina ball de Léig na Mumhan um Cheart Vótála do Mhná, ach d’éirigh sí as in 1914 agus bhunaigh sí craobh de Chumann na mBan. Gabhadh í tar éis Éirí Amach 1916 agus chaill sí a post mar mhúinteoir, ach bhunaigh sí a scoil féin ina dhiaidh sin. Vótáil sí in aghaidh an Chonartha agus staon sí ó shuíochán a ghlacadh sa Dáil tar éis an scoilt a tharla ina dhiaidh sin.
Rugadh MacSwiney, Mary (1872–1942), poblachtach, an 27 Márta 1872 in Bermondsey, Londain, an duine ba shine de sheachtar clainne a bhí fós beo do mháthair Shasanach agus athair a tháinig go Londain ar imirce as Éirinn, agus is i Londain a d’fhás sí aníos go dtí go raibh sí seacht mbliana d’aois. Rugadh a hathair, John MacSwiney, c. 1835 i gCill Mhuire, gar don Bhaile Gallda, Co. Chorcaí, agus ba Shasanach a máthair Mary Wilkinson agus is beag eolas eile atá againn fúithi; phós siad i séipéal caitliceach in Southwark in 1871. Tar éis don teaghlach bogadh go Cathair Chorcaí (1879), chuir a hathair gnó tobac ar bun, agus rugadh deartháir Mary, Traolach Mac Suibhne, an bhliain chéanna. Nuair a theip ar a ghnó, chuaigh a hathair ar imirce go dtí an Astráil in 1885, agus fuair sé bás in Melbourne in 1895. Ina ainneoin sin, sula ndeachaigh sé ar imirce chuir sé a chuid scarúnachas fíochmhar i gceann ar a chuid leanaí go léir, rud a chruthaigh oidhreacht láidir.
Chlis ar shláinte Mary ina hóige, agus mar bharr ar an donas b’éigean an chos a bhaint di. Mar gheall air sin, bhí sí scór bliain d’aois nuair a chríochnaigh sí a cuid oideachais ag clochar Naomh Aingeal na nUrsalach in 1892. Faoin mbliain 1900 bhí sí ag múineadh i scoileanna clochair Sasanacha in Hillside, Farnborough, agus in Ventnor, Inis Iocht. D’fhill sí ar Chorcaigh nuair a fuair a máthair bás in 1904 le haire a thabhairt don teaghlach, agus d’éirigh léi post múinteoireachta a fháil ar ais i gclochar Naomh Aingeal. Chuir sí críoch lena cuid oideachais in 1912 le Céim ó Choláiste na hOllscoile Corcaigh.
Ba theaghlach a chreid go láidir sa scarúnachas a bhí i muintir Mhic Suibhne ag an am. Léigh siad nuachtáin Art Uí Ghríobhtha go cíocrach, ach níor ghlac siad le polasaí an Ghríobhthaigh maidir le démhonarcacht. Drámaíocht, Conradh na Gaeilge, agus scarúnachas – ba iad sin na príomhrudaí a spreag Traolach. Ach ba é ceart vótála na mban an chúis ba mhó a raibh Mary MacSwiney tógtha leis, agus is dá bharr sin a chuir an pobal eolas uirthi. Bhunaigh sí Léig na Mumhan um Cheart Vótála do Mhná, grúpa neamh-mhíleata, in éineacht leis na haontachtaigh Violet Martin agus Edith Somerville in 1911, agus mhínigh MacSwiney do chara a bhí dílis don Ghríobhthach a cháin í as lamháltas a lorg ó pharlaimint Westminster go raibh sí ag lorg vótaí do mhná ar bhonn ceartais.
Ba é an tríú géarchéim faoin rialtas dúchais a spreag athrú meoin inti. Tar éis do Thraolach Mac Suibhne agus do Thomás MacCurtain craobh d’Óglaigh na hÉireann a bhunú i gCorcaigh in 1914, bhunaigh Mary craobh de Chumann na mBan nuair a d’iarr siad uirthi agus tharraing sí siar ó Léig na Mumhan. Sheol Traolach go dtí iarthar Chorcaí í gairid roimh an gCáisc 1916 chun teachtaireacht a thabhairt do Sheán O’Hegarty (ionad contae Bhráithreachas Phoblacht na hÉireann), agus d’fhill Mary ar chathair Chorcaí le linn sheachtain na Cásca agus chonaic sí na hÓglaigh trína chéile. I measc cheannairí na nÓglach a gabhadh bhí Traolach féin. Cuireadh a dualgais múinteoireachta ag Naomh Aingeal níos déanaí i seachtain na Cásca trína chéile nuair a ghabh an RIC istigh sa rang í, agus díbríodh as an bpost í dá bharr. As sin bhunaigh sí a scoil féin. Ach ar dtús báire d’éascaigh sé a feachtas ar son leas a dearthár, Traolach, ag tráth an-chorrach díreach i ndiaidh ceannairí 1916 a bheith curtha chun báis. As sin chuaigh sí go Caisleán Bhaile Átha Cliath, chuig na húdaráis i Londain, agus go dtí William O’Brien, Teachta Parlaiminte, i dteach na dteachtaí féin.
I mí Mheán Fómhair 1916 d’oscail a deirfiúr Annie agus í féin Scoil Íte (1916–54) ina dteach féin ag 4 Plás Belgrave, Corcaigh. Ach an oiread le Scoil Bhríde, a bhunaigh Louise Gavan Duffy i mBaile Átha Cliath bunaithe ar mhúnla Naomh Éanna, a bhunaigh Pádraig Mac Piarais, scoil lán-Ghaeilge a bhí i Scoil Íte agus ionad oideachais forásach freisin. Bhí J. J. Horgan a bhí ar son rialtas dúchais tráth den saol agus an tOllamh Alfred O'Rahilly a bhí ar son an chonartha i measc na ndaoine i saol na polaitíochta a chuir ina coinne ina dhiaidh sin, ach má rinne féin thug siad aitheantas freisin do cháilíochtaí Mhic Suibhne mar oideachasóir forásach Gaeilge-na hÉireann.
Nuair a toghadh í ar fheidhmeannas náisiúnta Chumann na mBan in 1917, tráth a raibh atheagrú á dhéanamh ar an ngluaiseacht, ba é sin a hardú céime go dtí a céad ról ceannaireachta ar leibhéal náisiúnta. Ach ba é stailc ocrais agus bás a dearthár i 1920, dhá bhliain tar éis é a thoghadh mar Theachta Dála do Chorcaigh agus míonna tar éis é a thoghadh mar ardmhéara ar Chorcaigh, a tharraing clú agus cáil go náisiúnta uirthi. In éineacht le Annie agus banchéile Thraolaigh Muriel, bhí a bigil ag príosún Brixton ina cuid lárnach den drámaíocht a bhain leis an stailc ocrais, á léiriú os comhair mheáin an domhain. Tar éis a bháis (25 Deireadh Fómhair 1920) ag deireadh uafáis a mhair 74 lá, ghlac sí ar láimh cuid mhór de chúram stairiúil a dearthár. Ag tús 1921 thug sí turas bolscaireachta seacht mí ó chósta go cósta ar Stáit Aontaithe Mheiriceá, turas ar éirigh thar barr leis. I Meitheamh 1921 toghadh chun na dála í do Chathair Chorcaí.
Ba é a cuid oibre i gcoinne an réitigh bheartaithe sna díospóireachtaí ar an gconradh a tharraing cáil uirthi mar phoblachtach Éireannach nach raibh ag dul ag géilleadh. Mhair an óráid a thug sí sa dáil an 21 Nollaig 1921 ar feadh dhá uair an chloig agus ceathracha nóiméad, an óráid ab fhaide de na díospóireachtaí ar an gconradh, sciolladh i gcoinne an chomhréitigh. Bhí sí chomh mór sin i gcoinne an chonartha is gur thug sí a beannacht do bhagairtí an IRA i gcoinne Teachtaí Dála a bhí ar son an chonartha. Dúirt sí go n-éireodh na clocha dá rithfí an comhréiteach sin, a bhí an-chinniúnach go deo. Tar éis tromlach deiridh i bhfabhar an chonartha, léirigh sí drochmheas amach is amach nuair a dhiúltaigh sí do vóta na dála sa Dáil féin. Cé gur tháinig sí amach as na díospóireachtaí ar an gconradh agus cáil uirthi mar dhuine de na príomh-antoiscigh, ina ainneoin sin bhí sí réidh, ar nós Chathail Brugha agus Austin Stack, ar mhaithe le haontachas glacadh leis an gcomhréiteach a mhol Éamon de Valera, Doiciméad Uimh. 2.
Tar éis í a atoghadh i mí an Mheithimh 1922 tar éis di staonadh ón Dáil, throid MacSwiney an cogadh cathartha agus ról polaitiúil agus coimhdeach aici, gan aon pháirt sa troid. Ar na príomhrudaí a d’éirigh léi a bhaint amach san fheachtas poblachtach náirigh sí an rialtas faoi dhó chun í a scaoileadh saor ó phríosún, tar éis di dul ar stailc ocrais i mí na Samhna 1922 agus i mí Aibreáin 1923 (mhair an stailc ocrais sin 24 lá).
Atoghadh í i mí Lúnasa 1923, ach chuir lucht dílis de Valera P. J. Ruttledge agus Seán T. O'Kelly bac ar MacSwiney, an Cunta Pluincéad, agus ar dhaoine eile a bhí as láthair le linn do de Valera a bheith i ngéibheann ó mhí Lúnasa 1923 go dtí mí Iúil 1924, ina n-iarracht polasaí neamhláithreachais iomlán críochnaithe a fhorbairt. Má rinne féin, choinnigh siad éilimh an dara Dáil agus an rialtais phoblachtaigh a bunaíodh i mí na Samhna 1922.
I ndiaidh rún de Valera dul isteach sa Dáil dá ndéanfaí aisghairm ar an mionn a bhualadh ag ardfheis urghnách Sinn Féin i mí an Mhárta 1926, bhí MacSwiney soineanta ag súil go gcaithfeadh de Valera glacadh le toil an tromlaigh. In ainneoin comhtheachtaireacht aontachais do lucht tacaíochta sna Stáit Aontaithe ag an deireadh, ní raibh MacSwiney agus de Valera aontaithe riamh arís ina dhiaidh sin. Tar éis di a suíochán a chailleadh i dtoghchán an Mheithimh 1927, tráth ar bhain Fianna Fáil 44 suíochán amach, ní raibh aon tionchar i ndáiríre ag MacSwiney agus ag Sinn Féin ní ba mhó, bhí siad díreach mar bhagairt ar an tseasmhacht a bhí ann – ach bagairt nach ndéanfaí neamhaird de go deo. Níorbh aon iontas é gur cháin sí Fianna Fáil nuair a chuaigh siad isteach sa Dáil agus nuair a ghlac siad leis an mionn in 1927. Ach fós féin bhí sí ag súil go mb’fhéidir go mbeidís fós dílis don phoblacht, ach bhí faitíos uirthi go gcuirfidís poblachtaigh i bpríosún agus go maróidís iad sa deireadh thiar (19 Noll. 1927, NLI MS 15,989).
I rith dheireadh na bhfichidí, theip ar a cuid iarrachtaí an ghluaiseacht a athbheochan: ní raibh aon uachtarán ar an dara Dáil a bhí á fhéinriaradh ó 1927 agus tháinig fóram nua gan rath ar an bhfód in 1929, Comhairle na Poblachta. Nuair a tharla athrú rialtais in 1932, cé go raibh amhras uirthi fós faoi Fhianna Fáil a bheith i gcumhacht bhí sí ríméadach mar sin féin gur bualadh Cumann na nGaedheal, an ‘murder gang’ mar a thug sí orthu (Connaught Sentinel, 10 Már. 1932). In éineacht le laigí agus an scoilteadh follasach sa ghluaiseacht, d’athraigh an t-athrú rialtais sin an tuiscint a bhí aici féin ar a ról agus ar an méid a d’fhéadfadh sí a dhéanamh ar son na gluaiseachta. Rinne sí cur síos uirthi féin agus ar a comhghuaillithe anois mar ‘guardians of the republican position’ agus sin an méid (8 Meitheamh 1932; páipéir MacSwiney, COBÁC, P48a/58(20)). Mar sin féin, níor éirigh léi ina cuid iarrachtaí an ghluaiseacht a thabhairt le chéile arís, agus go deimhin ní raibh aon smacht aici ar scoilt agus ar thuilleadh clampair ina measc. In 1933, mar agóid i gcoinne threocht na gluaiseachta i dtreo na heite clé, d’éirigh sí as Cumann na mBan, agus bhunaigh sí Mná na Poblachta ceartaiseacha ina áit. Tar éis an tAth. Michael O’Flanagan a thoghadh mar uachtarán ar Sinn Féin in 1933, nuair a bhí sé ag obair mar státseirbhíseach sa Saorstát, d’éirigh Nic Suibhne as an bpáirtí in 1934.
Mar gheall ar an scoilt agus ar an imeallú méadaithe sna blianta sin bhí géarchéim tarlaithe go tobann agus ba é sin an cor cinniúna i laethanta deiridh a saoil. Tar éis don IRA an leas-aimiréal Boyle Somerville a bhí 73 bliain d’aois agus ar scor agus an brathadóir líomhnaithe John Egan a mharú, mar gheall ar “chomhéigniú” an rialtais ar an IRA in 1936 bhris sí amach le Fianna Fáil agus chuaigh sí leis an IRA ar fad. Cháin de Valera an IRA go neamhbhalbh de bharr na ndúnmharuithe sin, ach sheachain Nic Suibhne an fhírinne: if any man was shot by the IRA he was shot for being a spy’ (Irish Independent, 6 Lún. 1936). Dhá bhliain ina dhiaidh sin, in 1938, bhí sí i measc bhaill an dara Dáil a d’aistrigh a gcuid cumhachtaí chuig an IRA mar fhreagra ar iarratas ó cheann foirne an IRA go dtabharfaí bunús morálta d’fheachtas buamála a bhí ag tarlú i Sasana. Tar éis taom croí a fháil in 1939, bhásaigh Mary MacSwiney an 8 Márta 1942 agus í 69 bliain d’aois. Thairg de Valera dul ar a sochraide, ach dhiúltaigh Annie MacSwiney go drochmheasúil don tairiscint.
Faoi na 1930idí bhí ionadaíocht leathan ag Mary MacSwiney mar phoblachtach gorgain an tSaorstáit – agus fós féin ní mba léiriú ceart a bhí ansin ar a fiúntas agus a cuid éachtaí. Nach raibh dréimire fada dreaptha aici mar fheachtasóir ar son ceart vótála do mhná agus í ar an gcéad ghlúin de mhná a raibh cead vótála acu go dtí duine de na mná ba mhó le rá i bpolaitíocht an tSaorstáit? Nár thug a cairde agus naimhde araon aitheantas dá cáilíochtaí mar oideachasóir forásach Gaeilge-Éireannach ina scoil féin? I gcodarsnacht leis sin, is beag maitheas a bhí ina cuid iarrachtaí leis an gceannaireacht phoblachtach chun mí-eagar agus cantal na gluaiseachta a sheachaint, agus theip uirthi an phoblacht a athbhunú. Ní raibh aon rud a dúradh riamh faoina dearcadh iomlán, a mhúnlaigh a cuid oibre ar mhaithe leis na torthaí sin, ag teacht riamh le géarchúisí chomhairle de Valera di nuair a bhí an cogadh cathartha i mbarr a réime, ba é sin go raibh ‘difríocht idir a bheith ag iarraidh rud a fháil agus clár réasúnach a bheith agat lena bhaint amach’ (Hopkinson, 188).
Atáirgeadh an bheathaisnéis seo le caoinchead an Dictionary of Irish Biography.
Kate (Kathleen) O'Callaghan
Tháinig Kathleen O'Callaghan ó theaghlach poblachtach. Bhí sí ina comhalta den dara Dáil sa bhliain 1921. Toghadh chuig an tríú Dáil í sa bhliain 1922 ach dhiúltaigh sí a suíochán a ghlacadh, rud ba dhual do dhuine a bhí in éadan an Chonartha a dhéanamh. Cé gur éirigh sí as an bpolaitíocht ghníomhach, chuir sí i gcoinne Bhunreacht na hÉireann, 1937.
Rugadh O'Callaghan, Kate (Kathleen) (1885–1961) ar an 11 Deireadh Fómhair 1885 i gCrois Uí Mhathúna, Lios Ardachaidh, Contae Chorcaí. Múinteoir agus polaiteoir ba ea í. Ba é an feirmeoir Cornelius Murphy a hathair. Cuireadh oideachas uirthi i gColáiste Doiminiceach Naomh Muire, Baile Átha Cliath. Bhain sí Baitsiléir Ealaíon amach in Ollscoil Ríoga na hÉireann mar aon le dioplóma san oideachas in Ollscoil Cambridge. Bhog sí go Luimneach sa bhliain 1912 agus tháinig sí i gcomharbacht ar a deirfiúr, Mary O'Donovan, mar léachtóir sinsearach san oideachas i gColáiste Mhuire gan Smál. Bhí an post sin aici go dtí 1914 nuair a tháinig deirfiúr eile, Eilís Murphy, i gcomharbacht uirthi. Phós sí Michael O'Callaghan ar an 30 Iúil 1914. Chaith seisean seal mar mhéara Luimnigh sa bhliain 1920. Scaoileadh marbh sa bhaile é ar an 7 Márta 1921. Is dócha gurbh iad na Dúchrónaigh nó Rannán Cúnta de Chonstáblacht Ríoga na hÉireann a d'imir an feall sin. Maraíodh an té a tháinig i gcomharbacht air mar mhéara Luimnigh, George Clancy, agus an tÓglach, Joseph O'Donoghue, an oíche chéanna. Dhiúltaigh Kathleen O'Callaghan freastal ar an bhfiosrúchán míleata faoina mbásanna; dar léi gurbh ula mhagaidh é. Scríobh sí ar ais á rá nach bhfreastalódh sí ar fhiosrúchán ar bith mura mbeadh muintir a tíre féin ina bhun.
Toghadh chuig Dáil Éireann gan iomaíocht í mar iarrthóir de chuid Shinn Féin i gCathair Luimnigh-Luimneach Thoir sa bhliain 1921. Bhí sí ar cheann de sheisear ban-Teachtaí Dála sa dara Dáil; vótáil gach duine acu i gcoinne an chonartha Angla-Éireannaigh. Ina hóráid i gcoinne an chonartha, a thug sí ar an 20 Nollaig 1921, dúirt sí go raibh sí ina scarúnaí ó bhí sí ina chailín agus gur theastaigh uaithi Éire neamhspleách a fheiceáil, lasmuigh d'Impireacht na Breataine. Atoghadh í mar iarrthóir poblachtach i gCathair Luimnigh-Luimneach Thoir sa bhliain 1922. Bhí sí ina comhalta den chomhairle stát a bhí in éadan an Chonartha, arna bunú ag Éamon de Valera go mall sa bhliain 1922. D'iarr de Valera uirthi dul i mbun bolscaireachta san Astráil sa bhliain 1923, ach gabhadh í agus cuireadh i bpríosún Chill Mhaighneann í. Fad is a bhí sí ansin, ghlac sí páirt i stailc ocrais phoblachtach. Níor éirigh léi mar iarrthóir poblachtach i ndáilcheantar Luimnigh sa bhliain 1923 agus stop sí ag glacadh páirt ghníomhach sa pholaitíocht. D'fhill sí ar Choláiste Mhuire gan Smál (1924–1928) mar mhaoirseoir páirtaimseartha ar chleachtadh teagaisc na mac léinn i scoileanna i gCathair Luimnigh.
Ba shufragóir í agus thacaigh sí le cearta na mban. Sa Dáil, chuir sí in aghaidh ísle céime na haireachta saothair, faoin gCuntaois Markievicz, óna stádas mar phost comh-aireachta. Sa bhliain 1937, chuir sí in aghaidh an bhunreachta nua toisc go raibh sé 'ag glacadh le coróin na Breataine agus le comhaltas de ghrúpa náisiún na Breataine' go príomha, ach freisin, gur bhraith sí go raibh na hairteagail a bhain le mná 'ag tréigean ghealltanas 1916 maidir le "cearta cothroma agus deiseanna cothroma don uile shaoránach" agus go bhféadfaidís "bagairt go mór ar stádas na mban sa todhchaí" (Ward [1995], 166).
Bhí Gaeilge líofa aici agus ba bhall de Chonradh na Gaeilge í. Bhí sí an-ghníomhach i saol cultúrtha Luimnigh níos faide anonn ina saol: ba dhuine de bhunaitheoirí Fhéile Luimnigh í; ba chathaoirleach ar a rannóg drámaíochta í; agus ba bhall de Chumann Seandálaíochta Thuamhan í chomh maith. Ní raibh clann ar bith aici agus bhí cónaí uirthi ag St Margaret's, Trá Uí Cheallacháin, Luimneach. Fuair sí bás ar an 16 Márta 1961 i Luimneach. D'fhág sí eastát darbh fhiú £22,767 ina diaidh.
Atáirgeadh an bheathaisnéis seo le caoinchead an Dictionary of Irish Biography.
Margaret Pearse
Ba mháthair Phádraig agus William Pearse (beirt a cuireadh chun báis tar éis Éirí Amach 1916) í Margaret Pearse. Measadh go raibh sí ina ceann feadhna i náisiúnachas na hÉireann. Bhí sí ina comhalta den dara Dáil sa bhliain 1921 agus bhí sí i gcoinne an Chonartha.
Rugadh Pearse (Brady), Margaret (1857–1932), i mBaile Átha Cliath. Náisiúnaí agus Teachta Dála ba ea í. Ba é an ceannaí guail Patrick Brady a hathair agus ba í Brigid Brady (Savage roimh phósadh di) ón Seanbhaile, Contae Bhaile Átha Cliath, a máthair. Chuir Siúracha Naomh Uinseann de Pól oideachas uirthi. D'oibrigh sí i siopa stáiseanóireachta go dtí gur phós sí James Pearse ar an 24 Deireadh Fómhair 1877. Dealbhóir ba é siúd agus ba í Margaret an dara bean chéile a bhí aige. Bhí ceathrar clainne acu: Margaret, Patrick (Pádraig), William agus Mary Brigid. Ba náisiúnaithe móra a muintir. Spreag sí a cuid tuairimí diongbháilte i measc a páistí. Nuair a fuair a fear céile bás, d'éirigh léi, le cabhair a clann mhac, leanúint ar aghaidh lena ghnó dealbhóireachta ar Shráid Mhór Brunswick (Sráid an Phiarsaigh anois). Chuaigh sí i bpáirt lena cuid mac agus iníonacha i Scoil Éanna sa bhliain 1908 agus ghlac sí cúram bean tí sa scoil uirthi féin. Bhí cuid mhór de na scoláirí an-mhór léi.
Bhí sí ar an eolas faoi rún a mac agus thug sí tacaíocht iomlán dóibh nuair a d'fhág siad Scoil Éanna faoi Cháisc 1916; d'fhuaigh sí boinn ar éadaí bhuachaillí Scoil Éanna sular mháirseáil siad chuig Ard-Oifig an Phoist. Tar éis do na Briotanaigh a beirt mhac a chur chun báis, ghlac sí lena gcúis go díograiseach. Bhí sé mar aidhm aici a gcuimhne a bhuanú agus na rudaí a dhéanfaidís féin, dar léi, a dhéanamh. Shamhlaigh sí go mbeadh Scoil Éanna ina séadchomhartha buan dóibh. D'oscail sí an coláiste an athuair i bhfómhar na bliana 1916 ag Teach Fhiodh Cuillinn, Ráth Maonais. Agus cabhair á fáil aici ó Mheiriceánaigh, cheannaigh sí an Díseart (The Hermitage) sa bhliain 1920. Chuaigh sí ar thuras timpeall na Stát Aontaithe sa bhliain 1924 agus d'éirigh léi $10,000 sa bhreis a chruinniú. Mheath an scoil, áfach, agus ghoill cur isteach na gcoistí tiomsaithe airgid go mór uirthi. Cé nach raibh sí cáilithe, thosaigh sí ag múineadh, ach ba bheag a theagasc sí seachas ceachtanna teagaisc Chríostaí gan staonadh. Bhí an scoil ag cailleadh airgid go dtí 1935.
Maidir leis an bpolaitíocht, ba chosúil nach raibh sí in ann déileáil leis an stádas suntasach a d'fhág a mic aici mar gheall ar an gcáil a bhí orthu. Mar sin féin, bhí fonn uirthi cuidiú leis an iarracht ar son na saoirse agus chosain sí go leor fear a bhí ar a seachaint. Toghadh chun na Dála í sa bhliain 1921. Labhraíodh sí i gcoinne an chonartha agus dhéanadh sí tagairt dá mic gach cor dár chuir sí di. Níor éirigh léi ina dáilcheantar, Contae Bhaile Átha Cliath, sa bhliain 1922. Le linn an chogaidh chathartha, rinne saighdiúirí an tSaorstáit ruathar ar a teach, rud a bhí ar nós ionsaithe na Dúchrónach le linn Chogadh na Saoirse, ionsaithe a bhí foréigneach go minic. Ceann feadhna ba ea í ar go leor bealaí – ionadaí de chuid a beirte mac a bhí marbh. Labhair sí ag an bhfáiltiú i ndiaidh na chéad Dála; toghadh ar Bhord Bardachta Chontae Bhaile Átha Cliath í; bhí sí ar choiste feidhmiúcháin Fhianna Fáil; thosaigh sí na clóphreasanna le haghaidh na chéad chóipe de Scéala Éireann (The Irish Press) (5 Meán Fómhair 1931); agus labhraíodh sí go rialta in Éirinn agus i Meiriceá agus thugadh sí a hóráid 'Pat agus Willie'. Ba chomharthaí ómóis iad na poist sin dá méala. Ba léiriú í ar thraidisiún 1916 faoin am sin.
Chuir roinnt daoine i gcoinne a stádais, áfach: faoin mbliain 1922, phléigh coinbhinsiún Chonradh na mBan ar cheart í a dhíbirt as a choiste feidhmiúcháin; bhraith Kathleen Clarke gur chuir sí an fhírinne faoi 1916 as a riocht, rud a bhain de thábhacht a fir chéile, Tom Clarke. Bhí fonn uirthi an fhís áibhéileach dá cuid mac a bhuanú. Cháineadh sí aon duine a raibh de mhisneach acu iad a cheistiú, lenar áiríodh John Devoy, a mhol Tom Clarke mar phríomhphearsa réabhlóideach an éirí amach. Cáineadh í as ucht pearsana páirtí polaitíochta a dhéanamh dá cuid mac. D'aithin sí comharba ar Phádraig i bhfoirm Liam Uí Mhaoilíosa, duine ar thug sí foscadh dó sa bhliain 1916, agus Éamon de Valera ina dhiaidh sin. Tá an chuimhne is fearr ag daoine uirthi mar an mháthair i ndrámaí agus i ndánta an Phiarsaigh. Fuair sí bás ar an 22 Aibreán 1932 i Scoil Éanna. Cuireadh sochraid stáit uirthi. Luigh a corp faoi ghradam stáit i Halla na Cathrach sular adhlacadh i Reilig Ghlas Naíon í. Bhí a sochraid ar cheann de na cinn ba mhó i stair an stáit. Craoladh óráid cois uaighe Éamon de Valera ar 2RN. Rinne Jerome Connor masc mairbh.
Bhí a cuid iníonacha, Margaret Pearse (1878–1968) agus Mary Brigid Pearse (1888–1947) faoi scáth a ndearthár Pádraig riamh. Saolaíodh Margaret ar an 4 Lúnasa 1878 ag 27 Sráid Mhór Brunswick, agus rugadh Mary Brigid ar an 29 Meán Fómhair 1888; bhí an teaghlach ina gcónaí in Ascaill an Droichid Nua, Dumhach Thrá, faoin am sin. Cuireadh oideachas ar an mbeirt acu i gClochar an Chreidimh Naofa, Glas Naíon, Baile Átha Cliath. Níor phós siad ná níor iarr siad fostaíocht íoctha ar bhonn comhsheasmhach riamh. Ba bheag cosúlacht eile a bheith eatarthu, áfach, agus b'annamh a réitigh siad go maith lena chéile.
Duine láidir, cliste, agus dogmach ba ea Margaret. Bhí sí an-mhór le Pádraig. Bhí dúil aicise san oideachas freisin. Chuaigh an bheirt acu go dtí an Bheilg i mí an Mheithimh 1905. Bhunaigh sí scoil naíonán ag baile an teaghlaigh i bPáirc Líosain sa bhliain 1907. B'fhéidir gur sin a spreag Pádraig le Scoil Éanna a bhunú. Ba mhór an tacaíocht a thug Margaret do Scoil Éanna – reáchtáladh sí scoil ullmhúcháin, mhúineadh sí Fraincis, bhíodh sí ina mátrún agus choinníodh sí i dteagmháil leis na buachaillí i rith an tsamhraidh. Ba pháiste 'an-leochaileach' í Mary Brigid, bhíodh sí 'tinn i gcónaí' agus b'éigean di 'fanacht sa leaba an chuid ba mhó den am' (Mary Brigid Pearse, 80); b'fhéidir go raibh an buachaill easláinteach i scéal Phádraig, 'Eoghainín na nÉan' bunaithe uirthise. Bhí dlúthchairdeas idir í féin agus Willie. Fearacht Willie, bhí an-luí aici leis an ealaín. Bhunaigh siad Cumann Stáitse Chúige Laighean. Scríobh sí roinnt píosaí bunaidh don Chumann agus chuir sí roinnt saothar de chuid Dickens in oiriúint don ardán. Bhí rath measartha orthu roimh an tsraith thubaisteach in Áras Ceoldrámaíochta Chorcaí sa bhliain 1912.
Chuaigh gníomhaíochtaí réabhlóideacha a gcuid deartháireacha i bhfeidhm ar na deirfiúracha ar bhealaí an-difriúil. Thug Margaret tacaíocht agus ardmholadh dóibh as a gcuid íobairtí. Maidir le Mary Brigid, chuaigh sí a fhad le hArd-Oifig an Phoist d'fhonn áitiú orthu teacht abhaile. Sheachain sí lár na cathrach go mall ina saol. Chuidigh Margaret lena máthair le reáchtáil Scoil Éanna. Ghlac sí cuid mhór de na freagrachtaí teagaisc uirthi féin de réir a chéile. Fuair sí an scoil agus na tailte le hoidhreacht tar éis bhás a máthar agus choinnigh sí leis an bhfiontar, arbh fhiontar é a bhí ag streachailt, go dtí 1935. Cé go raibh Mary Brigid scoite óna teaghlach ar mhórán bealaí, bhí sí ag brath orthu le haghaidh airgid i rith an ama. Lean sí uirthi ag scríobh. Cuireadh úrscéal uafásach amháin dá cuid, The Murphys of Ballystack, i gcló sa bhliain 1917. Scríobhadh sí roinnt scéalta do pháistí agus scríobhadh sí ailt d'irisí ar nós Our Boys freisin. Chuir Our Boys roinnt alt uaithi faoi óige a dearthár i gcló sna blianta 1926 agus 1927. Foilsíodh leagan breisithe díobh seo mar 'The Home Life of Pádraig Pearse' (1934). Dá mba chomhartha an méid sin gur ghlac Mary Brigid le clú agus cáil a dearthár go hiomlán, mhúscail sé tuilleadh aighnis idir í féin agus Margaret; bhí siar agus aniar eatarthu faoi dhleachtanna a fabhraíodh ó mhionbhlúire dírbheathaisnéiseach Phádraig a bhí sa leabhar. Rinne Mary Brigid roinnt craoltaí faoi shaol Phádraig sa bhliain 1939. D'éag sí go tobann ar an 13 Samhain 1947 ag 6 Bailtíní Beaufort, Ráth Fearnáin, Contae Bhaile Átha Cliath.
B'aghaidh an phobail d'oidhreacht mhuintir Mhic Phiarais í Margaret. Toghadh ina Teachta Dála í; bhuaigh sí an t-ochtú suíochán – an suíochán deireanach – d'Fhianna Fáil i ndáilcheantar Chontae Bhaile Átha Cliath sa bhliain 1933. Cé go bhfuair sí níos mó vótaí, chaill sí a suíochán nuair a tiontaíodh ina dháilcheantar cúig shuíochán é sa bhliain 1937. Rinneadh Seanadóir di sa bhliain 1938 agus d'fhan sí ina Seanadóir (ar ainmniúchán an Taoisigh go minic) go dtí go bhfuair sí bás. Bhí dlúthchaidreamh aici le hÉamon de Valera. Bhí sí ar fheidhmeannas náisiúnta Fhianna Fáil agus ba chisteoir oinigh í leis na blianta. Bhí cónaí uirthi sa Díseart i rith an ama. Lig sí d'ospidéal na Croise Deirge lonnú ansin le linn an Dara Cogadh Domhanda. Bhronn Ollscoil na hÉireann D.Litt. oinigh uirthi sa bhliain 1966, in éineacht le gaolta eile na ndaoine sin a cuireadh chun báis caoga bliain roimhe sin in 1916. D'fhógair sí an bhliain chéanna go bhfágfadh sí an Díseart, a bhí ag dul chun raice faoin am sin, le fondúireacht reiligiúnach seachas leis an stát, ach cuireadh ina luí uirthi go tapa a hintinn a athrú. Fuair sí bás ar an 7 Samhain 1968 in ionad téarnaimh Linden, an áit inar chaith sí a blianta deiridh.
Atáirgeadh an bheathaisnéis seo le caoinchead an Dictionary of Irish Biography.
Kathleen Clarke
Bhí Kathleen Clarke ina comhalta den dara Dáil agus den chúigiú Dáil nár mhair i bhfad. Ainmníodh í don Seanad níos faide anonn. Thosaigh sí a gnóthas féin nuair a bhí sí 18 mbliana d'aois ach, ina dhiaidh sin, chaith sí a saol le cúis neamhspleáchas na hÉireann. Tar éis Éirí Amach na Cásca, nuair a bhí na ceannairí marbh nó i bpríosún, d'imir Kathleen Clarke ról lárnach san fheachtas ar son an neamhspleáchais. Cuireadh i bPríosún Holloway í. Rinneadh an chéad bhan-Ardmhéara ar Bhaile Átha Cliath di sa bhliain 1939.
Rugadh Clarke, Kathleen (Caitlín Bean Uí Chléirigh) (1878-1972) ar an 11 Aibreán 1878 i Luimneach. Ba ghníomhaí poblachtach í. Ba í an tríú hiníon leis an tomhaisteoir adhmaid Edward Daly (a fuair bás in 1890) agus an mhaintín Catherine Daly (O'Mara roimh phósadh di) í. Ba phoblachtaigh mhóra iad muintir a hathar; bhí a hathair agus, go háirithe a huncail John Daly, ina ngníomhaithe Fíníneacha. Cuireadh oideachas uirthi go háitiúil agus bhí sí ina printíseach ag bean fuála. Nuair a bhí sí ocht mbliana déag d'aois thosaigh sí a gnóthas maintíneachta féin. D'éirigh go deal leis an bhfiontar sin agus faoi 1901 bhí sí ina bainisteoir ar ghnólacht maintíneachta rathúil i Luimneach. Bhuail sí le Tom Clarke , a bhí ina dhlúthchara ag a huncail, in 1899 tar éis gur scaoileadh amach as príosún Portland é. Pósadh iad i Nua-Eabhrac i mí Iúil 1901. Bhí siad i mbun siopa sa chathair ar feadh tamaill. Ina dhiaidh sin, rinne siad feirmeoireacht ar ghairdín margaidh ag Manorville, Long Island. Mar sin féin, bhí fonn ar Tom Clarke filleadh ar Éirinn agus dul i gceann gníomhaíochtaí Fíníneacha an athuair. Ní raibh an fonn céanna ar a bhean chéile imeacht ach d'aontaigh sí slán a fhágáil ag Stáit Aontaithe Mheiriceá ar deireadh sa bhliain 1907. Bhain siad fúthu i mBaile Átha Cliath. D'oscail agus reáchtáil siad siopa tobac ag 55 Sráid Amiens. D'oscail agus reáchtáil siad siopa eile ina dhiaidh sin ag 75a Sráid Parnell.
D'éirigh Kathleen Clarke go hiomlán gafa le cúis na bpoblachtach. Chabhraigh sí le táirgeadh 'Saoirse na hÉireann', nuachtán Bhráithreachas Phoblacht na hÉireann a bunaíodh sa bhliain 1910. Bhí sí i measc na ndaoine a d'fhreastail ar an gcéad chruinniú de Chumann na mBan i mí Aibreáin 1914. Agus í ina huachtarán ar a chraobh lárnach, reáchtáil sí ranganna garchabhrach agus cleachtadh raidhfilí agus comharthaíochta. D'eagraigh sí foilsiú paimfléad rathúil faoi reibiliúnaigh na hÉireann freisin. Roimh Éirí Amach na Cásca, roghnaigh ardchomhairle Bhráithreachas Phoblacht na hÉireann mar rúnaí maidir lena gcuid pleananna í; dá ngabhfaí iad, b'éigean di teagmháil a choinneáil le John Devoy i Meiriceá. Tar éis don éirí amach titim as a chéile, gabhadh í agus cuireadh i bpríosún i gCaisleán Bhaile Átha Cliath í ar feadh tréimhse ghearr (1–3 Bealtaine). Cuireadh a fear céile chun báis ar an 3 Bealtaine agus cuireadh a deartháir Edward Daly chun báis an lá dár gcionn. Thug sí cuairt ar an mbeirt fhear i bpríosún Chill Mhaighneann. D'fhág a fear céile £3,100 de chistí Bhráithreachas Phoblacht na hÉireann faoina cúram ar mhaithe le faoiseamh a thabhairt do phoblachtaigh a bhí i gcruachás. Cúpla lá tar éis a bháis, bhunaigh sí Ciste Chleithiúnaithe na nÓglach agus bhí cúnamh á dháileadh aici. Chuaigh Michael Collins i bhfeidhm uirthi agus cheap sí é mar rúnaí ar an gCiste. Ba é sin an chéad fhreagracht riaracháin a cuireadh air sa ghluaiseacht phoblachtach. Ina theannta sin, choinníodh sí i dteagmháil le comrádaithe Chlan na Gael sna Stáit Aontaithe. Bhí uirthi éirí as a cuid oibre ar bhonn sealadach i ndeireadh na bliana 1916. Bhuail drochshláinte í de bharr gur chaill sí leanbh sa bhroinn agus de bharr strus intinne.
Mar leas-uachtarán Chumann na mBan agus mar chomhalta de choiste feidhmiúcháin Shinn Féin, thug Clarke aghaidh ar an tsaincheist faoi chearta na mban le linn Ard-Fheis Shinn Féin sa bhliain 1917. In éineacht le Jenny Wyse Power chuir sí tairiscint rathúil i láthair, rud a chinntigh go ndéanfaí beartas páirtí de chearta comhionanna do mhná. Ós rud é go raibh baint aici leis na grúpaí sin gabhadh í le linn ‘chomhcheilg Ghearmánach' mhí na Bealtaine 1918 – eachtra inar gabhadh poblachtaigh ar amhras go raibh siad i gcomhcheilg leis an nGearmáin. Coimeádadh i bpríosún Holloway í i dteannta Maud Gonne MacBride agus Constance Markievicz. Bhíothas ar an daoraí faoina príosúnacht toisc go raibh triúr páistí aici. Fad is a bhí sí i bpríosún, tugadh saoirse Chathair Luimnigh di. Lena chois sin, rinne comhairle dháilcheantar Chathair Bhaile Átha Cliath í a ainmniú lena toghadh mar iarrthóir Shinn Féin do rannán Chluain Tarbh. Chuir Harry Boland bac ar a hainmniúchán i bhfabhar Richard Mulcahy ina dhiaidh sin, áfach. De dheasca drochshláinte, scaoileadh saor as an bpríosún í ar an 18 Feabhra 1919.
Toghadh chuig Bardas Bhaile Átha Cliath í mar chomhairleoir an bhliain sin; rinne sí ionadaíocht do bharda Ché an Adhmaid agus do bharda Mhuinseo araon. Sa ról sin chothaigh sí feachtas ar son aitheantas oifigiúil a thabhairt do rialtas Shinn Féin, agus bhí sí an-ghníomhach ar choistí éagsúla, lenar áiríodh bord Ospidéal Leanaí Shráid Fhearchair, agus coiste na mbéilí scoile a raibh sí ina cathaoirleach air. Bhí sí ina ball de bhreithiúnacht Thuaisceart Chathair Bhaile Átha Cliath (Sinn Féin), agus ceapadh ina huachtarán ar chúirt an choinsiasa agus ar chúirt na leanaí í sa bhliain 1920. Agus í ar dhuine de bhunaitheoirí Chros Bhán na hÉireann (1920), bhí tionchar aici ar bhunú an Choiste um Chúram Dílleachtaí. Dhéanadh na Dúchrónaigh ruathar ar a teach go minic i rith Chogadh na Saoirse.
Thugtaí Mrs Tom Clarke uirthi go hiondúil. Throid sí go crua chun cuimhne a fir céile a chur chun cinn agus a chosaint. Bhí sí den tuairim nár tugadh an t-aitheantas cuí dó as an bpáirt a bhí aige in eagrú Éirí Amach 1916. D'áitigh sí i gcónaí go raibh seisean, seachas Pádraig Mac Piarais, ina uachtarán ar an rialtas sealadach. Toghadh chun na Dála í sa bhliain 1921 do Bhaile Átha Cliath Láir. Vótáil sí i gcoinne an chonartha. Chloígh sí lena prionsabail phoblachtacha go diongbháilte. Mhaígh sí nach nglacfadh sí ach leis an bpoblacht dá bhfuair a fear céile bás. Ní raibh meas ar bith aici ar na pleananna a sheol Éamon de Valera maidir le 'ceangal seachtrach' le comhlathas na Breataine. Ina dhiaidh sin rinne sí cathaoirleacht ar chainteanna a raibh mar aidhm acu cogadh cathartha a sheachaint, ach chuir sí i gcoinne an chonartha go fíochmhar i rith an ama. Tar éis di a suíochán a chailleadh sa bhliain 1922, lean sí uirthi ag obair do Chiste na gCleithiúnaithe. Thaistil sí go Meiriceá sa bhliain 1924 chun airgead a chruinniú. Ba chomhalta d'Fhianna Fáil í tar éis bhunú an pháirtí. Atoghadh ina Teachta Dála í do Bhaile Átha Cliath Thuaidh i mí an Mheithimh 1927. Chuaigh sí isteach sa Dáil sa deireadh tar éis amhras a bheith uirthi i dtús báire. Chaill sí a suíochán i mí Mheán Fómhair na bliana ina dhiaidh sin. Ghlac sí le hainmniúchán don Seanad sa bhliain 1928. Chuaigh sí i ngleic le de Valera, duine a bhí mímhacánta agus slítheánta dar léi, nuair a d'iarr sé uirthi éirí as mar go raibh ainmniúcháin Fhianna Fáil ag an iomarca ban. Dhiúltaigh sí don iarratas sin agus toghadh í, agus d'fhan sí sa Seanad go dtí gur cuireadh deireadh leis sa bhliain 1936.
Bhí sí ag éirí ní ba scoite amach ó cheannaireacht an pháirtí i rith an ama sna blianta sin. Agus í i gcáil seanadóra chuir sí in aghaidh alt 16 den Bhille um Choinníollacha Fostaíochta, 1935 ar an bhforas go raibh a lán forálacha ag teacht salach ar chearta na mban a sonraíodh i bhForógra 1916 de phoblacht na hÉireann. Bhí tuairim na mionlach aici arís nuair a chuir sí in aghaidh thairiscint an tSeanaid maidir le comhbhrón a dhéanamh le teaghlach ríoga na Breataine ar bhás an Rí Seoirse V sa bhliain 1936. Cháin sí bunreacht 1937 go hoscailte mar gheall ar a dílseacht do chearta na mban, rud a tharraing ionsaithe ó chuid mhór de ghnáthchomhaltaí an pháirtí. Rinneadh an chéad bhan-Ardmhéara ar Bhaile Átha Cliath di sa bhliain 1939. Bhí an post sin aici go dtí 1941. Le linn na tréimhse sin fuair sí réidh le gach rian de sheanúdarás na Breataine san oifig. Mar chuid den ghlantachán mór, chaith sí portráidí de mhonarcaí na Breataine amach as Teach an Ard-Mhéara. Nuair a bhí sí ina hArdmhéara bhí ról lárnach aici maidir le Crois Dhearg na hÉireann a bhunú; rinne sí cathaoirleacht ar chéadchruinniú an chumainn i dTeach an Ard-Mhéara sa bhliain 1939.
Chreid sí go raibh smachtú de Valera ar Óglaigh na hÉireann le linn an dara cogadh domhanda ró-dhian. Thug sí a droim le Fianna Fáil sa bhliain 1941 dá bharr. Ba neamhspleách gan aon tacaíocht eagraíochta anois í agus chaill sí a suíochán ar Bhardas Bhaile Átha Cliath. D'éirigh léir mar iarrthóir Chlann na Poblachta do Bhaile Átha Cliath Thoir Thuaidh sa bhliain 1948. Dhírigh sí ar a cuid oibre ar son cúiseanna éagsúla daonnúlachais ina dhiaidh sin. Choinnigh sí an ceangal a bhí aici le Ciste Cuimhneacháin Wolfe Tone agus le Cumann Uaigheann na Laochra Gael i rith an ama freisin. Bhronn Ollscoil na hÉireann LLD oinigh uirthi sa bhliain 1966, in éineacht le gaolta eile na ndaoine sin a shínigh Forógra 1916. Chuir sí fúithi lena mac Emmet i Learpholl sa bhliain 1965. Ba dhuine iomráiteach a raibh meas uirthi i measc an phobail Éireannaigh ansin. Fuair sí bás ar an 29 Meán Fómhair 1972. Cuireadh sochraid stáit uirthi sa Leas-Ardeaglais i mBaile Átha Cliath. Cuireadh i reilig Ghráinseach an Déin í.
Atáirgeadh an bheathaisnéis seo le caoinchead an Dictionary of Irish Biography.
Caitlín Brugha
Toghadh Caitlín Brugha don cheathrú Dáil sa bhliain 1923 agus atoghadh í sa bhliain 1927. Bhí a suíochán á choimeád roimhe sin ag a fear céile, Cathal Brugha, a maraíodh agus é ag troid ar thaobh na bPoblachtach sa Chogadh Cathartha an bhliain roimhe sin. Bhí Caitlín i gcoinne rialtas an tSaorstáit agus dhiúltaigh sí a suíochán a ghlacadh. Chuaigh a mac Ruairí sa pholaitíocht fosta agus bhí sé i nDáil Éireann agus i Seanad Éireann araon.
Toghadh Caitlín Brugha sa chéad toghchán tar éis bhás a fir céile. D'éirigh léi a shuíochán i bPort Láirge a fháil agus fuair sí an líon ba mhó vótaí freisin. Tháinig sí ar an saol i mBiorra, Contae Uíbh Fhailí, áit a raibh a muintir i mbun gnó le breis agus céad bliain. Bhog sí go Baile Átha Cliath lena teaghlach sa bhliain 1910 agus chuaigh sí i gConradh na Gaeilge arís. Agus í sa Chonradh, chas sí ar Chathal Brugha agus pósadh iad ar an 12 Feabhra 1912. Bhí Cathal Brugha ar dhuine de bhunaitheoirí Lalor Ltd. (déantóirí coinnle) agus ba stiúrthóir ar an ngnólacht é freisin. Ba cheann foirne Óglaigh na hÉireann é idir 1917 agus 1918 agus bhí sé ina uachtarán gníomhach ar theacht le chéile na chéad Dála sa bhliain 1919.
Thacaigh Caitlín Brugha leis na hÓglaigh go gníomhach i rith Éirí Amach 1916. Bhí a fear céile ina leascheannasaí ag Aontas Bhaile Átha Cliath Theas.
"An bhfuil fear ar bith ag smaoineamh go stuama ar athnuachan na gcoinníollacha sa tír seo ina dtarraingeofar a bhean chéile [Caitlín Brugha] as a teach i lár na hoíche, ina mbrúfar tríd an ngairdín í, ina gcuirfear i mótarleoraí í, agus ina gcoinneofar ann í ionas nach mbeidh sí i láthair fad atá dúnmharú á dhéanamh ar a fear céile más féidir le ropairí Shasana é a aimsiú?"
Cathal Brugha, Díospóireacht faoin gConradh, Tuarascáil Oifigiúil Dháil Éireann, 7 Eanáir 1922, col. 328
Bhí Caitlín Brugha ag tógáil clann óg nuair a fuair a fear céile goin a bháis i mí Iúil 1922 agus é ag teacht amach trí chúldoras Óstán Hammam, Sráid Uí Chonaill Uachtarach, Baile Átha Cliath. Bhí sé ag troid ar thaobh na bPoblachtach. Fuair sé bás dhá lá ina dhiaidh sin. D'iarr Caitlín Brugha go poiblí go ngníomhódh mná na gluaiseachta Poblachtaí amháin mar phríomhchaointeoirí agus mar gharda urraime ag sochraid a fir céile. Mhaígh sí go ndearna sí an cinneadh sin mar agóid i gcoinne an chogaidh chathartha a d'fhógair rialtas (an tSaorstáit) ar phoblachtaigh.
Chuir Caitlín Brugha tús le gnólacht éadaitheoireachta, Kingston's Ltd., ar Shráid Nassau i mí Eanáir 1924. Sa bhliain 1928, aistríodh an gnólacht go Foirgnimh Hammam, Sráid Uí Chonaill Uachtarach (an áit inar scaoileadh Cathal Brugha sa bhliain 1922). Bunaíodh brainsí eile ina dhiaidh sin ar Shráid Grafton agus ar Shráid Sheoirse. Tá sí curtha i Reilig Ghlas Naíon.
Is sliocht as "Women in Parliament, Ireland: 1918-2000" le Maedhbh McNamara agus Paschal Mooney an bheathaisnéis seo.
Margaret Collins-O'Driscoll
Tar éis gur lámhachadh a deartháir, Micheál Ó Coileáin, in 1922, toghadh Margaret Collins-O’Driscoll sa cheathrú Dáil. Atoghadh trí huaire í, agus ba í an t-aon bhean í a toghadh sa séú Dáil.
Rugadh O'Driscoll, Margaret Collins- (c.1878–1945), múinteoir agus polaiteoir, i nGort na Coille, Cloch na Coillte, Co. Chorcaí, an duine ba shine de thriúr iníonacha agus cúigear mac a bhí ag Michael Collins, feirmeoir, agus Mary Anne Collins (O’Brien roimh phósadh di). Ba é Micheál Ó Coileáin, an ceannaire réabhlóideach, an deartháir ab óige a bhí aici. Múinteoir bunscoile ar feadh blianta fada, bhí sí ina príomhoide ar scoil náisiúnta cailíní Lios an Bhaird i gCloch na Coillte, agus mhúin sí i mBaile Átha Cliath freisin sular éirigh sí as an teagasc mar gheall ar chúrsaí sláinte in 1928. Toghadh chuig Dháil Éireann í den chéad uair in olltoghchán 1923 mar TD Chumann na nGaedheal do Bhaile Átha Cliath Thuaidh, atoghadh í in 1927 (toghcháin Mheithimh agus Mheán Fómhair) agus 1932, ach chaill sí a suíochán in 1933, agus d’éirigh sí as an bpolaitíocht ina dhiaidh sin. In 1924, bhí sí ar dhuine de 17 Theachta Dála as Cumann na nGaedheal a rinne agóid mar gheall ar cheapachán Peter Hughes mar aire cosanta, agus in 1926 toghadh mar leas-uachtarán ar an bpáirtí í. Ba í an t-aon bhean sa Dáil í idir Meán Fómhair 1927 agus 1933. Bhí gairm pharlaiminteach neamheisceachtúil aici, inar chloígh sí le líne pháirtí Chumann na nGaedheal agus meon coimeádach i leith cúrsaí sóisialta. I ndíospóireacht Dála in 1925, dhearbhaigh sí: ‘I laethanta m’óige, ceapadh gur cheart go mbeadh bean phósta in ann léinte a fir a dhéanamh’; nuair a bhí sí ag vótáil don bhille um chinsireacht foilseachán 1928, a chuir cosc ar litríocht mhígheanasach agus ar fhoilseacháin ina tagraíodh do bhreithrialú, dúirt sí ‘... níor thug vóta ar bith a chaith mé anseo, ná ní thabharfaidh aon vóta a chaithfidh mé, níos mó sásaimh dom ná an vóta a chaithfidh mé i bhfabhar an bhille seo’; agus vótáil sí leis an rialtas i bhfabhar na mbillí giúiréithe in 1924 agus 1927, a chuir srian ar sheirbhís giúiré do mhná.
Phós sí (8 Meán Fómhair 1901) Patrick O’Driscoll, iriseoir, úinéir West Cork People, agus ina dhiaidh sin ball d’fhoireann tuairiscithe an oireachtais, mac le Patrick O’Driscoll, feirmeoir as Cloch na Coillte. Bhí cúigear mac agus naonúr iníonacha acu agus chónaigh siad ag 147 an Cuarbhóthar Thuaidh, Baile Átha Cliath. Fuair sí bás ar an 17 Meitheamh 1945 i mBaile Átha Cliath. D'fhág sí eastát darbh fhiú £2,685 ina diaidh.
Atáirgeadh an bheathaisnéis seo le caoinchead an Dictionary of Irish Biography.
Jennie Wyse Power
Bhí Jennie Wyse Power ina Comhalta den chéad Seanad, ó 1922 go dtí gur cuireadh deireadh leis in 1936. Bhí sí gníomhach i gcúrsaí polaitíochta ó 1881, ar dtús mar bhall de Chonradh Talún na mBan agus níos déanaí mar shufragóir agus náisiúnach. Ba ghearr go raibh a bialann ar Shráid Anraí mar áit chruinnithe do cheannairí Poblachtacha agus is ann a síníodh Forógra 1916. Mar Sheanadóir, labhair sí amach i gcoinne dlíthe ina ndearnadh idirdhealú ar mhná.
Rugadh Power, Jennie Wyse (1858–1941), náisiúnach agus sufragóir, mar Jane O’Toole i mí na Bealtaine 1858 i mBealach Conglais, Co. Chill Mhantáin, an cailín ab óige i measc ceathrar mac agus triúr iníonacha Edward O’Toole (d. 1876), siopadóir agus feirmeoir beag, agus Mary O’Toole (neé Norton; d. 1877). Ba náisiúnaigh mhóra iad muintir O’Toole agus chuaigh sí isteach i gConradh Talún na mBan in 1881, agus í mar eagraí an chumainn i gCill Mhantáin agus i gCeatharlach agus bhí sí mar leabharlannaí do phríosúnaigh chonradh na talún. Mar chomhalta d’fheidhmeannach Chonradh Talún na mBan chuir sí aithne ar Anna Parnell agus thug sí tacaíocht láidir do Charles Stewart Parnell. Bhí sí fós dílis do Parnell in ainneoin gur dhíscaoil sé Conradh Talún na mBan (1882). Ar an 5 Iúil 1883 phós sí John Wyse Power, iriseoir a thug tacaíocht do Parnell freisin, agus bhog siad go dtí an Nás, Co. Chill Dara ar dtús, agus go Baile Átha Cliath ansin (1885). Bhí ceathrar clainne ag muintir Wyse Powers: Catherine (r. 1885), a fuair bás ina naíonán; Maura, ar ar tugadh ‘Máire’ (r. 1887); Anne, ar ar tugadh ‘Nancy’ (r. 1889); agus Charles (r. 1892), a ainmníodh in ómós Parnell. Thacaigh sí le Parnell nuair a bhí an dá thaobh scoilte, rinne sí eagarthóireacht ar óráidí Parnell in Words of the dead chief (1892) agus d’fhónaimh sí mar chisteoir ar an gcoiste a bhí i bhfeighil a uaighe. D’oscail Jennie siopa agus bialann ar 21 Sráid Anraí, Baile Átha Cliath, ar ar tugadh ‘The Irish Farm and Produce Company’ (1899). Ba ghearr go raibh an áit seo mar áit chruinnithe ag go leor de na heagraíochtaí cultúrtha agus polaitiúla lena raibh baint aici. Chuaigh sí isteach i gConradh na Gaeilge, agus ceapadh mar bhall dá fheidhmeannas í i mí na Samhna 1900. Bhíodh an teaghlach ar saoire go minic i nGaeltacht na Rinne, Co. Phort Láirge, áit a raibh sí mar bhall de bhord bainistíochta an choláiste Gaeilge ansin.
Bhí sí mar bhall de Chumann Bhaile Átha Cliath um Cheart Vótála do Mhná agus rinne sí ionadaíocht ar Choiste Náisiúnta na mBan ag comóradh na Fraince-na hÉireann i bPáras (1900). Bhí sí mar chomhbhunaitheoir agus mar leasuachtarán ar Inghinidhe na hÉireann freisin in 1900 agus ina ball den choiste a d’eagraigh an Patriotic Children's Treat mar ócáid ag cur i gcoinne chuairt na Banríona Victoria. Toghadh í mar bhall de bhord caomhnóirí Aontas Dhlí na mBocht Thuaisceart Bhaile Átha Cliath (1903–12), ag déanamh ionadaíochta ar Chomhairle Náisiúnta Airt Uí Ghríobhtha agus, ó 1908, Sinn Féin. Bhí sí ar fheidhmeannas Shinn Féin ar feadh i bhfad, ar fónamh mar chomhchisteoir nó mar chisteoir aonair ag amanna éagsúla agus bhí sí mar leasuachtarán ansin (1911). Bhí díomá uirthi in 1912 nuair a léirigh Ó Gríobhtha tacaíocht do chinneadh pháirtí parlaiminte na hÉireann vótáil i gcoinne an bhille chomhréitigh, a leathnódh ceart vótála teoranta do mhná. An bhliain chéanna chuaigh sí ar an gcoiste a bunaíodh chun tacú le Hanna Sheehy Skeffington a briseadh as a post agus a cuireadh i bpríosún mar gheall ar ghníomhaíochtaí sufraigéide; thug sí béilí laethúla do Skeffington freisin fad is a bhí sí i bPríosún Mhuinseo. Bhí sí ar dhuine de na daoine a bhunaigh Cumann na mBan (1914) agus bhí sí mar an chéad uachtarán air (1915), agus mar bhall de Chumann na dTeachtaire (grúpa ban laistigh de Sinn Féin) agus Léig na hÉireann um Cheart Vótála do Mhná. Bhí ceithre shiopa aici anois, ach bhí an ceann ar Shráid Anraí fós mar cheanncheathrú. Is anseo a síníodh forógra na poblachta (1916). D’iompar Jennie agus Nancy bia ón mbialann chuig na reibiliúnaigh in Ard-Oifig an Phoist chomh deireanach leis an gCéadaoin i rith sheachtain na Cásca.
Tar éis an éirí amach bhí baint aici le Ciste Chleithiúnaigh na bPríosúnach Poblachtach agus arís bhí sí mar chisteoir ar Sinn Féin tar éis gabháil daoine mar gheall ar ‘chomhcheilg na Gearmáine’ i mí na Bealtaine 1918. Toghadh í ar bhardas Bhaile Átha Cliath in 1920. Ghlac sí lena suíochán tar éis aighnis le cléireach na comhairle, nach raibh sásta ar dtús báire glacadh lena síniú i nGaeilge. Bhí sí ina cathaoirleach ar choiste airgeadais agus sláinte poiblí an bhardais agus ina gobharnóir ar ospidéal meabhairshláinte Ghráinseach Ghormáin. Ba ise an t-aon chomhalta stiúrtha ar Chumann na mBan a thug tacaíocht don chonradh agus a chuaigh isteach i gCumann na Saoirse. Mar chomhchisteoir ar Shinn Féin le hÉamonn Duggan, reoigh sí cuntais an pháirtí, ag diúltú do phoblachtaigh teacht a fháil ar an airgead. Ceapadh í mar fheidhmeannach ar Chumann na nGaedheal agus ainmníodh í sa seanad (1922). Nuair a rinneadh bardas Bhaile Átha Cliath a lánscor as diúltú ráta a leagan síos, bhí sí ar dhuine de na coimisinéirí a ceapadh chun dul i mbun na cathrach (1924–9).
Faoin mbliain 1925, áfach, bhí sí díomách le Cumann na nGaedheal agus d’éirigh sí as an bpáirtí mar gheall go raibh sí míshásta le beartas sóisialta agus eacnamaíoch an pháirtí agus le toradh choimisiún na teorann. Bhí sí fós ina seanadóir neamhspleách, agus í an-ghlórach faoi chúrsaí a bhain le stádas na mban go háirithe. Labhair sí i gcoinne Bhille Rialuithe na Stát-Sheirbhíse (Leasú) (1925), Bhille na nGiúiréithe (1927), agus an Bhille um Choinníollacha Fostaíochta (1935) toisc gur mheas sí go ndearna siad idirdhealú ar mhná. Bhí sí ina ball denIrish Women's Citizens' and Local Government Association. Rinne sí ionadaíocht ar Fhianna Fáil sa seanad ó 1934 go dtí gur díscaoileadh é in 1936. Toisc gur dhíol sí a gnó in 1929 chaith sí tréimhse ar scor go hiomlán ó 1936 go dtí go bhfuair sí bás sa bhaile, 15 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath, an 5 Eanáir 1941. D’fhág sí £5,308 ag a mac, Charles.
Atáirgeadh an bheathaisnéis seo le caoinchead an Dictionary of Irish Biography.
Margaret Cousins
Ba dhuine de bhunaitheoirí Chonradh Ceart Vótála Mhná na hÉireann í Margaret Cousins. Chuaigh sí anonn go Sasana chun oirbheartaíocht mhíleatach a fhoghlaim, mháirseáil sí ar Black Friday (Aoine an Doirte Fola) agus cuireadh i bpríosún in Holloway í. Cuireadh i bpríosún Thulach Mhór í sa bhliain 1913 as ucht fuinneoga a bhriseadh. Tar éis bogadh go dtí an India, lean sí ar aghaidh leis an bhfeachtas ar son chearta na mban. Rinneadh an chéad bhan-ghiúistís san India di.
Rugadh Cousins, Margaret ('Gretta'), Elizabeth (1878–1954) an 7 Samhain 1878 i Mainistir na Búille, Contae Ros Comáin. Sufragóir, oideachasóir agus diasamh ba ea í. Ba í an duine ba shine sa chlann í as measc cúig dhuine dhéag. Ba é cléireach na cúirte giorra, Joseph Gillespie, a hathair agus ba í Margaret Annie Gillespie (Shera roimh phósadh di) a máthair. D'fhás sí aníos i dteaghlach aontachtach Modhach, ach bhí bá aici leis an náisiúnachas ó bhí sí an-óg. Cuireadh oideachas uirthi go háitiúil aníos go dtí an bhliain 1894, tráth a tugadh scoláireacht di chuig Ardscoil Victoria do Chailíní i nDoire. Ina dhiaidh sin rinne sí staidéar san Acadamh Ríoga Ceoil i mBaile Átha Cliath (1898). Bhain sí Baitsiléir Ceoil amach in Ollscoil Ríoga na hÉireann sa bhliain 1902.
Tar éis di James Cousins a phósadh sa bhliain 1903, bhí sí leagtha amach ar a neamhspleáchas a choinneáil agus d'oibrigh sí mar mhúinteoir ceoil ar bhonn páirtaimseartha. Mar gheall ar a fear céile chuir sí aithne ar go leor de na mórphearsana liteartha i mBaile Átha Cliath. Ina measc bhí James Joyce, a d'fhan le muintir Cousins ina mbaile i nDroichead na Dothra i mí an Mheithimh 1904, agus George Russell, fear eile a raibh dúil aige sa diasúnacht. Bhain sí triail as an scríbhneoireacht uathoibríoch agus as an astralaíocht, agus ghníomhaigh sí mar mheán ag séansanna a bhí ar siúl ina teach. Fearacht a fir céile chuaigh sí le saol an fheoilséantóra. Nuair a bunaíodh Cumann Veigeatóirí na hÉireann (1904) rinneadh rúnaí oinigh an Chumainn di. Agus í ag tabhairt cuairt ar Shasana sa bhliain 1906 chun labhairt ag comhdháil feoilséantóirí, d'éirigh léi freastal ar chomhdháil Chomhairle Náisiúnta na mBan freisin. Spreag sin í le dul le Cumann Ceart Vótála agus Rialtais Áitiúil Mhná na hÉireann tar éis di filleadh ar Éirinn. Níorbh fhada gur tháinig frustrachas uirthi de bharr a chuir chuige scáfair, áfach, agus in éineacht le Hanna Sheehy Skeffington, bhunaigh sí Conradh Ceart Vótála Mhná na hÉireann sa bhliain 1908. Dream míleatach neamhpháirtí ba ea an Conradh. Ba chisteoir an Chonartha i dtús báire í agus rinneadh rúnaí oinigh di sa bhliain 1911. Bhí sí ar cheann de na baill ba thábhachtaí agus ab iomráití den Chonradh agus labhraíodh sí go minic ag a chruinnithe faoin aer i mBaile Átha Cliath agus ar thurais cheart vótála timpeall na tíre. Níor chuir sé isteach ná amach uirthi gur cuireadh fáilte dhoicheallach roimh a cuid cainteanna corruair. Luaitear sa nuachtán ceart vótála, The Irish Citizen (a raibh a fear céile ar dhuine de na bunaitheoirí) gur labhair sí ag cruinnithe i gCiarraí, i nDún na nGall, i Sligeach, in Inis Ceithleann, i bPort Rois, agus i Maigh Eo (8 Feabhra 1913). Dhéanadh sí stocaireacht ar Fheisirí Éireannacha chomh maith – go háirithe ar cheannaire Pháirtí Parlaiminteach na hÉireann John Redmond (a bhí in aghaidh cheart vótála na mban) – agus ar an bpríomh-rúnaí Augustine Birrell (1910).
Choinnigh Cousins nasc le sufragóirí Shasana agus d'oibrigh sí le hAontas Sóisialta agus Polaitiúil na mBan i Londain i mí Iúil 1909. I mí na Samhna 1910 bhí sí ar dhuine de sheisear ionadaithe na hÉireann ag 'parlaimint na mban' in Caxton Hall, Londain. Fad a bhí sí i Londain, ciontaíodh í as na fuinneoga ag 10 Sráid Downing a bhriseadh; chaith sí mí i bpríosún Holloway dá dheasca. Níor chuir sé sin meath ar a díocas míleatach, áfach. Ina dhiaidh sin ghlac sí páirt in agóidí i gcoinne an Bhille Rialtas Dúchais toisc nár foráladh ceart vótála do mhná leis, le linn chuairt Asquith ar Bhaile Átha Cliath sa bhliain 1911 agus, ina theannta sin, labhair sí ag ollchruinniú sna Antient Concert Rooms i mBaile Átha Cliath inar éiligh sí go gcuirfí mná san áireamh sa Bhille (Meitheamh 1912). Cuireadh i bpríosún ar feadh míosa í (Eanáir 1913) in éineacht le gníomhaithe eile ó Chonradh Ceart Vótála Mhná na hÉireann – Margaret Connery agus Bean Hoskins – as ucht na fuinneoga i gcaisleán Bhaile Átha Cliath a bhriseadh. Fad a bhí siad i ngéibheann i bpríosún Thulach Mhór, throid siad ar son stádas polaitiúil. Chuaigh siad ar stailc ocrais ghearr ar tugadh an-phoiblíocht di. Bhuail taom croí Hoskins agus tugadh an stádas polaitiúil dóibh sa deireadh.
De bharr deacrachtaí airgeadais thug muintir Cousins aghaidh ar Learpholl (Meitheamh 1913). Nuair a bhí sí thall ansin thosaigh sí ag plé le grúpaí áitiúla ceart vótála, rinneadh uachtarán ar an gcumann áitiúil feoilséantóirí di, agus chabhraigh sí le bunú Bhan-Eaglais an Idéil Nua. Choinnigh sí ceangal le gluaiseacht cheart vótála na hÉireann i rith na tréimhse sin. Lean sí uirthi ag scríobh do The Irish Citizen, rinne sí ionadaíocht do Chonradh Ceart Vótála Mhná na hÉireann ag sochraid Emily Davidson i Londain (Meitheamh 1913) agus, mar ghníomhaí de chuid Chonradh Ceart Vótála Mhná na hÉireann, rinne sí stocaireacht ar na Feisirí Éireannacha Redmond, Tim Healy, agus Joseph Devlin in Westminster (Eanáir 1915). Tar éis cuairt ghearr a thabhairt ar Éirinn (Iúil 1915), ina ndeachaigh sí i mbun a cuid oibre bolscaireachta do Chonradh Ceart Vótála Mhná na hÉireann athuair, chuir sí féin agus a fear céile fúthu san India (Deireadh Fómhair 1915). Sa tír sin thosaigh sí ag glacadh páirte i ngluaiseacht na diasúnachta agus i ngluaiseacht chearta na mban. Chuaigh sí ag obair mar mhúinteoir agus, sa bhliain 1916, ba í an chéad bhall neamh-Indiach de Bhan-Ollscoil na hIndia in Poona í. Bhí sí ar bhaill bhunaidh Chumann Indiach na mBan (1917). Bhí sí ina comhrúnaí oinigh ar an gCumann. Rinne sí eagarthóireacht ar iris an Chumainn, Stri-Dharma, le blianta fada. Bhí sí fostaithe mar ardmháistreás ar Scoil Náisiúnta na gCailíní in Mangalore (1919–20). Bhí ról lárnach aici in eagrú na chéad ócáide den bhan-chomhdháil uile-India (1926), a raibh sí i gceannas uirthi in 1936, agus in eagrú na ban-chomhdhála uile-Áise (1931). Chuaigh sí i gceann obair dhaonchairdiúil chomh maith; bhí baint aici leis an Children's Aid Society, Women's Homes of Service, agus Baby Welcomes. Gabhadh í i mí na Nollag 1932 as ucht labhairt ag cruinniú in Madras chun agóid a dhéanamh i gcoinne áireamh na reachtanna éigeandála sa chód pionóis. Cuireadh i bpríosún Vellore í go dtí Deireadh Fómhair na bliana dár gcionn. Scríobh sí an dúrud litreacha, alt agus paimfléad in Éirinn, sa Bhreatain agus san India faoin diasúnacht, faoi oideachas agus faoi chearta na mban. In éineacht a fir céile, thiomsaigh sí comh-dhírbheathaisnéis dar theideal We Two Together (1950). Tar éis di stróc a fháil nuair a bhí sí 65 bliain d'aois, thug daoine a raibh meas acu uirthi agus rialtas na hIndia tabhartais airgid di mar aitheantas don tseirbhís a thug sí don tír. Fuair sí bás an 1 Márta 1954 in Adyar, an India.
Atáirgeadh an bheathaisnéis seo le caoinchead an Dictionary of Irish Biography.