Clár Faisnéise
In Our Own Words
Dírítear in IN OUR OWN WORDS ar an scéal a bhaineann le streachailt mhná na hÉireann ar son an chomhionannais agus na hionadaíochta sa réimse polaitiúil, a insítear go heisiach trí scéalta pearsanta na mban a bhaineann leis an scéal.
Léacht
An Unfinished Democracy
Is í Alison Cowzer, fiontraí agus cathaoirleach Women for Election a thug Léacht an Chinn Comhairle, ar an 21 Samhain 2018. Labhair sí faoi dhaonlathas na hÉireann, réimse a bhfuil go leor le déanamh leis go fóill.
Clár Faisnéise
A Woman's Place
Leanann an clár faisnéise seo an t-ealaíontóir Noel Murphy, ar a thuras sé mhí chun an pictiúr uathúil a phéinteáil den 53 bean atá ina gcomhaltaí reatha de Thithe an Oireachtais. Nochtann an t-iriseoir Eamonn Mallie an próiseas ealaíne agus cuireann sé na Comhaltaí faoi agallamh nuair a thugann siad cuairt ar stiúideo an ealaíontóra le haghaidh tharraingt a gcuid portráidí.
Timeline
Timeline
Taispeántar sa ghearrscannán seo na príomhéachtaí a baineadh amach ar aistear na mban chun vóta a bhaint amach in Éirinn agus sa Bhreatain, ón uair a fágadh mná ar lár go hoifigiúil in 1832 go dtí olltoghchán 1918.
Taispeántas
Vótálacha do Mhná: Ceart vótála agus Saoránacht
Gearrscannán atá anseo maidir leis an taispeántas déantán, íomhánna agus ábhar gearrshaolach a dhéanann ceiliúradh ar ghluaiseacht cheart vótála na ban in Éirinn. Áirítear ann agallaimh le Lynn Scarff, stiúrthóir Ard-Mhúsaem na hÉireann, agus Micheline Sheehy Skeffington, a raibh a seanmháthair, Hanna Sheehy Skeffington, ar cheann de na ceannairí ar ghluaiseacht cheart vótála na mban in Éirinn.
Díospóireacht óige
Díospóireacht na nÓg
Bhí Díospóireacht na nÓg ar siúl i Seomra an tSeanaid an 17 Aibreán. Rinne sé scoláire déag ón idirbhliain díospóireacht ar an rún:
"Maidir leis an troid ar son na saoirse, an cheartais agus an chomhionannais, ar fíoraíodh í in institiúidí, i gcultúr agus i sochaí na hÉireann?"
Seachtain na Gaeilge
Máire Geoghegan-Quinn
Thug Máire Geoghegan-Quinn, an chéad bhean a bhí ina hAire ó bunaíodh an Stát, léacht i dTeach Laighean an 6 Márta. Labhair sí faoina thábhachtaí atá ár dteanga náisiúnta di féin agus ina cuid oibre agus faoina saol agus faoina gairm i bpolaitíocht na hÉireann agus na hEorpa.
Dáil Éireann
Ráitis i nDáil Éireann
Rinne Dáil Éireann ceiliúradh ar an 6 Feabhra 2018 trí éisteacht le ráitis ar chomóradh céad bliain ar cheart vótála na mban. I measc na gcainteoirí tá an Teachta Josepha Madigan, an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, agus na Teachtaí Niamh Smyth, Louise O'Reilly, Joan Burton, Ruth Coppinger, Joan Collins, Catherine Murphy agus Catherine Martin.
Díospóireacht óige
Díospóireacht na nÓg – seoladh
Cuireann an Seanadóir Ivana Bacik Díospóireacht na nÓg i láthair agus tugann sí breac-chuntas ar an tábhacht a bhaineann léi mar chuid den chlár chun céad bliain ó tugadh vóta parlaiminte do mhná in Éirinn a chomóradh.
Comhdháil
Comhdháil: cuid 1
Rinne Vótáil100 comhurraíocht ar chomhdháil in Acadamh Ríoga na hÉireann an 1 Feabhra dar theideal Representation, Gender and Politics: Past and Present. I gcuid 1, pléann an painéal dearcthaí stairiúla ar ghníomhaíochas na mban agus ar luathghluaiseacht na gceart vótála.
Comhdháil
Comhdháil: cuid 2
I gcuid 2 den chomhdháil chomhpháirteach faoi Representation, Gender and Politics: Past and Present in Acadamh Ríoga na hÉireann, pléann an painéal ceart vótála i gcomhthéacs stairiúil.
Comhdháil
Comhdháil: cuid 3
I gcuid 3 den chomhdháil chomhpháirteach Representation, Gender and Politics: Past and Present in Acadamh Ríoga na hÉireann, déanann Jane Suiter cathaoirleacht ar phlé faoi mhná sa Pharlaimint. Ar an bpainéal tá na Seanadóirí Gabrielle McFadden, Ivana Bacik agus Alice-Mary Higgins agus na Teachtaí Clare Daly, Louise O'Reilly agus Fiona O'Loughlin.
Comhdháil
Comhdháil: cuid 4
I gcuid 4 den chomhdháil chomhpháirteach Representation, Gender and Politics: Past and Present in Acadamh Ríoga na hÉireann, pléann an painéal cúrsaí polaitíochta agus inscne in Éirinn sa lá atá inniu ann, lena n-áirítear an tionchar a bhíonn ag cuótaí inscne.
Seoladh
Seoladh #Vótáil100
Ag seoladh na haischlibe #Vótáil100, míníonn an Seanadóir Ivana Bacik, cathaoirleach Choiste Stiúrtha Vótáil100, a thábhachtaí atá an comóradh céad bliain atá á cheiliúradh in 2018.