Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 28 Nov 1974

Vol. 276 No. 4

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Scéimeanna Cultúrtha na Gaeltachta.

10. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cé mhéad airgid a caitheadh le bliain anuas ar scéimeanna chun saol cultúrtha na Gaeltachta a fheabhsú.

Sílim gur féidir a rá go gcabhraíonn caiteachas uile Roinn na Gaeltachta agus Ghaeltarra Éireann go díreach nó go hindíreach chun an saol cultúrtha sa Ghaeltacht a fheabhsú: breis agus £6 mhilliún d'airgead an Stáit a bhí i gceist le bliain anuas. Más mian leis an Teachta ceist eile a chur síos maidir le sonraí an chaiteachais faoi scéimeanna ar leith, beidh áthas orm í a fhreagairt.

An nglacfadh an tAire gur chuir mé macasamhail na ceiste seo air faoi chúrsaí eacnamaíochta——

Sóisialacha.

——agus go bhfuair mé an freagra céanna? Anois bheinnse ag súil go dtuigfeadh lucht mo Roinne an difríocht a thuigimse a bheith idir rudaí a bhaineanns leis an gcultúr agus rudaí a bhaineanns leis na——

Táim an-mhacánta inniu ach admhaím nuair a léigh mé an freagra inné go tháinig sé isteach im aigne nach raibh an t-eolas go hiomlán ach phlé mé an freagra le h-oifigigh ó mo Roinnse aréir agus mar a thuigimse an scéal tá deacrachtaí ann mar tá scéimeanna cultúrtha á reachtáil ag mo Roinnse agus ag Gaeltarra Éireann agus, chomh maith leis sin, baineann scéimeanna eile go h-indíreach maidir le saol cultúrtha agus do bheadh sé an-dheacair figiúir ceart a fháil. Sé an chomhairle a fuair mé ó mo Roinnse ná go n-iarrfaidh mé ar an Teachta ceisteanna eile a chur síos maidir leis an scéim atá againn chun ionad pobail a thógáil, nó na scéimeanna atá ag Gaeltarra Éireann, sé sin, cuir i gcás an comórtas pobail agus scéimeanna mar sin is féidir briseadh síos nó "breakdown" a dhéanamh. Do bheadh sé an-dheacair ach má theastaíonn na figiúirí sin ón Teachta déanfaimid ár ndícheall chun iad a fháil.

Top
Share