d'Aire na Gaeltachta cén socrú faoi leith atá déanta aige, maidir le foireann, áras agus eile, de thoradh na ndualgas breise a cuireadh air le déanaí i leith leathnú úsáid na Gaeilge sa tír.
12. D'fhiafraigh
Vol. 276 No. 4
d'Aire na Gaeltachta cén socrú faoi leith atá déanta aige, maidir le foireann, áras agus eile, de thoradh na ndualgas breise a cuireadh air le déanaí i leith leathnú úsáid na Gaeilge sa tír.
12. D'fhiafraigh
d'Aire na Gaeltachta an bhfuil aon bheartas dearfa ceaptha aige fós chun tacaíocht an phobail a fháil do shlánú na Gaeilge.
Le chead an Cheann Chomhairle, tógfaidh mé Ceist a 11 agus Ceist a 12 le chéile.
Faoi mar a d'fhógair mé cheana, tabharfar cumhachtaí feidhmiúcháin do bhord reachtúil, Bord na Gaeilge, chun leas na Gaeilge a chur chun cinn agus, sula mbeidh an Bille cuí ina Acht, bunófar an bord ar bhonn ad hoc. Tá súil agam go mbeidh ar mo chumas ainmneacha chomhaltaí an bhoird a fhógairt go han-luath agus go rachaidh an bord i mbun oibre gan mhoill. Is i gcomhairle le Bord na Gaeilge a cheapfar beartas agus a dhéanfar socruithe feasta chun an pobal a spreagadh ar thaobh úsáid na Gaeilge.
An nglacfaidh an tAire uaim mar sin nuair a thug an Taoiseach freagra ar ceist a chuir mise air sa bhfreagra dúirt sé go raibh an rud seo á láimhseáil agatsa agus an féidir linn a ghlacadh nach bhfuil aon rud fónta déanta?
Tá. Ní ceart a rá nach bhfuil aon rud fónta déanta. Tá a lán rudaí déanta ach tá an ceart ag an Teachta nuair a deir sé gur fhógair mé an bord nua i lár an tSamhraidh chomh fada agus is cuimhin liom ach is bord nua é anois. Is bord an-tábhachtach é agus tá fonn mór ormsa go mbeidh an bord sin ar an mbord is fearr is féidir a reachtáil. Is féidir liomsa a rá ag an bpointe seo go mbeidh ar mo chumas ainmneacha comhaltaí an bhoird a fhógairt go h-an-luath, i gceann coicíse, agus go mbeidh an chéad chruinniú ag an mbord sin i dtosach mí Eanáir.
Cén fáth ar chuir an Taoiseach dualgas ortsa, a Aire, fear ionraic comhairle do ghlacadh le Bord na Gaeilge nuair nár chuir sé an dualgas céanna ar Aire na Seirbhíse Poiblí nuair a bhí sé ag athrú a pholasaí i leith na Státseirbhíse?
Sin ceist eile.