Dhálaigh mé £350,000 san iomlán ar chomhairlí contae agus ar bhardais chontaebhuirge i mí Iúil seo caite le haghaidh tionscnaimh áitiúla i gcoinne an bhruscair tar eis do mo Roinn deis a thabhairt do na h-údaráis chun aighneachtaí a chur faoi mo bhráid. Is ar thionscnaimh a d'fhéach le eolas agus oideachas an phobail maidir leis an mbruscar a chur chun cinn a dhálaigh mé na deontais seo. Tugadh aird faoi leith ar dhaoine óga agus ar thionscnaimh dheonacha de chuid grúpaí pobail nó comhshaoil. Nuair a roghnaigh mé tionscnaimh fhóirstineacha, thóg mé san áireamh na cinn a léirigh na modhanna oibre is fearr.
Chuimsigh na deontais réimse leathan de bhearta chun eolas an phobail a ardú agus chun gníomhaíocht i gcoinne an bhruscair a spreagadh ar an leibhéal áitiúil. San áireamh anseo bhí glantacháin áitiúla, comórtais i mbunscoileanna agus i meánscoileanna, fístéipeanna i gcoinne an bhruscair, póstaeir agus ábhair eile, billeoga eolais, feachtais sna meáin áitiúla agus taispeántais i gcoinne an bhruscair. Spreag na bearta seo cur chuige comhpháirtíochta chomh maith idir na húdaráis áitiúla, grúpaí áitritheoirí agus pobail áitiúla, agus na hearnálacha gnó agus tráchtála áitiúil, chun dul i ngleic leis an mbruscar.