Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Ár ról

An Coiste um na Príomhcheisteanna a mbíonn tionchar acu ar an Lucht Siúil (2023)

Bunaíodh an Coiste chun machnamh a dhéanamh ar threoracha beartais i leith na saincheisteanna ríthábhachtacha a théann i gcion ar an Lucht Siúil ó thaobh phrionsabail chearta an duine.

Go sonrach, tá sé mar aidhm ag an gCoiste teacht ar chomhthoil faoi na saincheisteanna ríthábhachtacha a bhaineann le taithí an Lucht Siúil ar an gcóras coiriúil, nithe a bhaineann le meabhairshláinte i measc an Lucht Siúil, dul chun cinn ar dheiseanna fostaíochta don Lucht Siúil agus cur i bhfeidhm Thuarascáil Chríochnaitheach an Chomhchoiste um na Príomhcheisteanna a mbíonn tionchar acu ar an Lucht Siúil ó Shamhain 2021.

Féadfaidh an Coiste, agus a ról a chomhlíonadh aige agus de réir a théarmaí tagartha, athbhreithniú a dhéanamh ar an obair a rinne an Comhchoiste (roimhe seo) um na Príomhcheisteanna a mbíonn tionchar acu ar an Lucht Siúil le linn an 32ú Dáil agus an Comhchoiste (roimhe seo) um na Príomhcheisteanna a mbíonn tionchar acu ar an Lucht Siúil le linn an 33ú Dáil, agus tabharfar rochtain dó ar gach aighneacht agus doiciméad ábhartha de chuid na gCoistí faoi seach.

Rinneadh tairiscintí sa Dáil agus sa Seanad chun an Coiste a bhunú.

Barr
Roinn