Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Comhchoiste um Thalmhaíocht, Bia agus Muir chun imní faoi leas capall agus comhlíonadh reachtaíochta a phlé le bainisteoirí cathrach agus contae

30 Aib 2024, 16:00

Tiocfaidh an Comhchoiste um Thalmhaíocht, Bia agus Muir le chéile amárach, Dé Céadaoin an 1 Bealtaine chun imní faoi leas capall agus comhlíonadh reachtaíochta a phlé le hionadaithe ó Chumann na mBainisteoirí Contae agus Cathrach (CBCC).

Roimh an gcruinniú ar 7 p.m. i Seomra Coste 3 de Theach Laighean, dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Seán Ó Cathail: “Is tosaíocht ríthábhachtach de chuid an Choiste seo leas ainmhithe, lena n-áirítear an reachtaíocht a neartú lena rialaítear leas capall agus tacaíochtaí le haghaidh tionscadal each-ainmhithe ar fud na tíre.

Is saincheisteanna móra iad leas agus foghail capall ó bhí tamall ó shin. Is saincheist í a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre agus atá ag méadú le tamall anuas foghail ar bhóithre poiblí. Tharla sé roinnt uaireanta le roinnt míonna anuas gur scaoileadh capaill ar bhóithre poiblí, agus mura dtabharfar aghaidh air seo, is mór an t-imní go mbeidh an tsaincheist seo ina thrúig básanna ar na bóithre againn.

“Tá súim ag Comhaltaí go háirithe i scrúdú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm agus forfheidhmiú dlíthe láithreacha a bhaineann le leas ainmhithe agus i moltaí chun an creat reachtaíochta, lena n-áirítear an tAcht um Rialú Capall, 1996, a nuashonrú agus a neartú. Is mian linn go háirithe, tuairimú CBCC a chloisteáil, ó tá údaráis áitiúla freagrach faoin Acht seo as capaill atá ar seachrán a urghabháil, a choinneáil, a ghaibhniú, a fhógairt agus a dhiúscairt.”

14 Chomhaltaí atá ar an Comhchoiste um Thalmhaíocht, Bia agus Muir, naonúr ón Dáil agus cúigear ón Seanad.

Is féidir breathnú ar an gcruinniú i Seomra Coiste 3 beo Teilifís an Oireachtais.

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil freisin ar Fheidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais a bhíonn ar fáil ar fheistí Apple agus Android.

Fiosrúcháin ó na meáin

Robert Kennedy-Cochrane,
Tithe an Oireachtais,
Oifigeach Cumarsáide,
Teach Laighean, 
Baile Átha Cliath 2
+353 1 618 4149
+353 85 870 7436
robert.kennedy-cochrane@oireachtas.ie

pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews

Barr
Roinn