Taispeántas Shínitheoirí Fhorógra 1916

Is i Seomra na Dála i dTeach Laighean atá na dealbha brád cré-umha de sheachtar sínitheoirí Fhorógra Phoblacht na hÉireann. Mar chuid de chomóradh 1916 agus mar aitheantas do lánscor an 31ú Dáil, bogadh an taispeántas sin d'ealaín Stáit, den chéad uair, as Seomra na Dála go dtí spás poiblí sa chliathán nua-aimseartha de Theach Laighean, TL2000.

Cóip d'Fhorógra Phoblacht na hÉireann - 1916 a fheiceáil.

Sínitheoirí Fhorógra Phoblacht na hÉireann - 1916 - Leabhrán

ArtworkSignatory 
 ‌Albert Power's bust of Thomas J Clarke

Ó Cléirigh, Tomás

Rugadh Tomás Ó Cléirigh (1858-1916), réabhlóidí, ar an 11 Márta 1858 i gCaisleán Hurst, Inis Iocht.

Cuireadh oideachas air i Scoil Náisiúnta Naomh Pádraig, Dún Geanainn,  Co. Thír Eoghain.

Chuaigh an Cléireach isteach i mBráithreachas Phoblacht na hÉireann (IRB)  agus bhí sé ina chéad rúnaí dúiche ar IRB Dhún Geanainn. Comhthoghadh ar Ard-Chomhairle an IRB é agus ceapadh ina Chisteoir é agus, ina dhiaidh sin, toghadh é ar an gComhairle Mhíleata i mí Mheán Fómhair 1915.

Bhí sé ar dualgas in Ard-Oifig an Phoist i rith Sheachtain na Cásca (24-29 Aibreán). Cé nach raibh aon phost oifigiúil ná céim mhíleata aige, bhíodh sé i gceannas ar chruinnithe de chuid na Comhairle Míleata agus bhí baint mhór aige le hoibríochtaí míleata a stiúradh. Ba é Tomás Ó Cléirigh an t-aon cheannaire a dúirt gur cheart troid go dtí an deireadh, ach rialaíodh ina aghaidh.

Caitheadh é sa chéad bhabhta de bhásuithe i bPríosún Chill Mhaighneann,  an 3 Bealtaine 1916, agus cuireadh i Reilig Phríosún Chnoc an Arbhair é.



Ealaíontóir: Power, Albert G.

1959 Cré-umha A: 50 X L: 40
Arna choimisiúnú ag an Stát ART01164

An 19 Bealtaine 1953, mhol Oifig na nOibreacha Poiblí go ndéanfaí dhá mhúnla ón mionsamhail bhunaidh phlástair den Chléireach le Albert Power. Bhí an mhionsamhail ar iasacht ag Dánlann Náisiúnta na hÉireann ón Aire Oideachais. Mí Eanáir 1959, chríochnaigh teilgcheárta W. Schurmann dhá mhúnla cré-umha. Tugadh an mhionsamhail bhunaidh phlástair de Thomás Ó Cléirigh do Dhánlann Náisiúnta an hÉireann i mí Eanáir 1960. Seoladh cóip chré-umha amháin chuig an Dánlann ar an 5 Aibreán 1963. An 2 Lúnasa 1963, cuireadh an dara múnla i Seomra na Dála i dTeach Laighean.

 Power Albert_Sean MacDhiarmada_screen res Mac Diarmada, Seán

Rugadh Seán Mac Diarmada (1883-1916), réabhlóidí poblachtach, i mí Eanáir 1883 sa Chorrán Mór (Barr na Leachtaí) in aice le Coillte Clochair, Co. Liatroma.

Fuair sé a chuid oideachais i Scoil Náisiúnta Churrach Chluana agus i scoil oíche in aice leis an Damhshraith, Co. an Chabháin.

Cuireadh faoi mhóid é san eagraíocht rúnda, Bráithreachas Phoblacht na hÉireann (IRB), sa bhliain 1906 agus, ina dhiaidh sin, bhí sé ina eagraí ar Chonradh Shinn Féin.

Mar bhall den Rialtas Sealadach a bhunaigh Comhairle Mhíleata an IRB, shínigh Mac Diarmada Forógra na Poblachta. I rith an Éirí Amach, d’fhan sé in Ard-Oifig an Phoist, mar ar fheidhmigh sé mar aidiúnach leis an gConghaileach, agus chomhordaigh sé feidhmiú ospidéal machaire san fhoirgneamh.

Ní raibh céim oifigigh ag Mac Diarmada sna hÓglaigh. Léigh sé an t-ordú géillte don gharastún ina gCeanncheathrú nua ar Shráid an Mhúraigh.

Ba iad Mac Diarmada agus Ó Conghaile an bheirt dheireanach a cuireadh chun báis le scuad lámhaigh i gclós Phríosún Chill Mhaighneann ar an 12 Bealtaine.


Ealaíontóirí: Power, Albert G. /Ó Murchadha, Domhnall

Cré-umha A: 101 X L: 70
Arna choimisiúnú ag an Stát, 1958 ART01162

An 19 Meitheamh 1953, thug an tAire Airgeadais treoir d’Oifig na nOibreacha Poiblí dhá mhúnla cré-umha a ordú, ceann do Theach Laighean agus an ceann eile do Dhánlann Náisiúnta na hÉireann. Bhí an mhionsamhail bhunaidh phlástair de chuid Power ar iasacht ag an Ard-Mhúsaem ón Aire Oideachais. Sa bhliain 1958, tugadh coimisiún do Dhomhnall Ó Murchadha ón gColáiste Náisiúnta Ealaíne, Baile Átha Cliath chun cóip phlástair a thógáil ón mionsamhail bhunaidh lena húsáid chun múnla cré-umha a dhéanamh. Tugadh an mhionsamhail bhunaidh ar ais don Ard-Mhúsaem i 1959. Rinne Morris Singer Ltd., Londain dhá mhúnla cré-umha. Mí Eanáir 1960, críochnaíodh na dealbha brád. Tugadh dealbh amháin don Dánlann Náisiúnta, an 5 Aibreán 1963, agus cuireadh an dealbh eile i Seomra na Dála ar an 2 Meitheamh 1963.

 3. Kelly Oisin_Thomas MacDonagh_screen res

Mac Donnchadha, Tomás

Rugadh Tomás Mac Donnchadha (1878-1916), múinteoir, scríbhneoir agus réabhlóidí poblachtach, AR AN 1 Feabhra 1878 i gCloch Shiurdáin, Co. Thiobraid Árann.

Rinne Mac Donnchadha staidéar le hAithreacha an Spioraid Naoimh i gColáiste Charn Tobair, Caiseal, Co. Thiobraid Árann (1892-6). Rinne sé staidéar ar an mBéarla, ar an bhFraincis agus ar an nGaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus bhain sé BA amach i 1910 agus MA le céadonóracha i 1911.

Chuaigh sé isteach in Óglaigh na hÉireann i mí na Nollag 1913 agus toghadh ina chaptaen complachta é sa choiste sealadach rialaithe armtha a bhí acu.

Cuireadh faoi mhóid é san eagraíocht rúnda, Bráithreachas Phoblacht na hÉireann (IRB), i mí an Mhárta 1915; ceapadh é ina Cheannfort ar an Dara Cathlán, Briogáid Bhaile Átha Cliath agus ina Cheannfort Briogáide.

Mar chomhalta den Rialtas Sealadach, shínigh Mac Donnchadha Forógra na Poblachta. Bhí sé i gceannas ar fhórsa 150 óglach a ghabh seilbh ar mhonarcha brioscaí Jacob’s ar Shráid an Easpaig.

An 3 Bealtaine 1916, chaith scuad lámhaigh é i bPríosún Chill Mhaighneann, in éineacht le Pádraig Mac Piarais agus Tomás Ó Cléirigh, an chéad triúr de cheannairí an éirí amach a cuireadh chun báis.


Ealaíontóir: Kelly, Oisín


1958 Cré-umha A: 72 X L: 54
Arna choimisiúnú ag an Stát, 1958 ART01163

An 19 Meitheamh 1953, thug an Rialtas treoir don Aire Airgeadais socrú a dhéanamh le hOifig na nOibreacha Poiblí dhá mhúnla cré-umha de Thomás Mac Donnchadha a ordú, ceann do Theach Laighean agus an ceann eile do Dhánlann Náisiúnta na hÉireann. Rinne Oifig na nOibreacha Poiblí, an Chomhairle Ealaíon agus an Dánlann Náisiúnta plé maidir le dealbha brád a choimisiúnú. Iarradh ar an ndealbhóir Laurence Campbell dearadh a chur isteach ach ní raibh sé in ann glacadh leis an gcoimisiún.

Ní dhearnadh aon teagmháil le dealbhóir eile go dtí 1956 nuair a fuarthas an t-eolas go ndearna Oisín Kelly (1915-1981) ceann Thomáis Mhic Dhonnchadha, a choimisiúnaigh cairde agus comhghleacaithe Mhic Dhonnchadha don Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (UCD). Sa bhliain 1958, thug UCD cead don Rialtas dhá dhealbh bhrád de Mhac Donnchadha a athdhéanamh. Bhí deacracht ann maidir le hairde na deilbhe mar go raibh sí níos lú ná na saothair a bhí i dTeach Laighean cheana féin. D’fhonn an méid a choinneáil mar a chéile, iarradh ar Kelly píosa brollaigh a chur leis. Faoi mhí  na Samhna 1959, bhí dhá bhrollach curtha i gcrích ag Kelly. Tugadh dealbh amháin don Dánlann Náisiúnta,  an 5 Aibreán 1963, agus cuireadh an dealbh eile i Seomra na Dála ar an 2 Lúnasa 1963.

 4. Sheppard Oliver_Padraic Pearse_screen res Mac Piarais, Pádraig Anraí

Rugadh Pádraig Anraí Mac Piarais (1879-1916), scríbhneoir, oideachasóir agus réabhlóidí, AR AN 10 SAMHAIN IN uimhir 27 Sráid Brunswick Mhór (Sráid an Phiarsaigh anois), Baile Átha Cliath.

Cuireadh oideachas ar an bPiarsach i scoil phríobháideach Bhean Uí Mhurchú; Scoil na mBráithre Críostaí, Rae an Iarthair; bhain sé BA amach sa Ghaeilge, sa Bhéarla agus sa Fhraincis ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath; chríochnaigh sé cúrsaí dlí in Óstaí an Rí agus i gColáiste na Tríonóide; agus glaodh chun an bharra é sa bhliain 1901.

Ceapadh ina stiúrthóir eagraíochta é in Óglaigh na hÉireann, a bunaíodh i mí na Samhna 1913. Mí na Nollag 1913, cuireadh faoi mhóid é i mBráithreachas Phoblacht na hÉireann (IRB). Mí Dheireadh Fómhair 1914, ceapadh ina Phreasrúnaí d’Óglaigh na hÉireann é. Dheimhnigh a cheapachán mar Stiúrthóir ar an Eagrú Míleata ar Choiste Míleata an IRB go raibh sé lárnach san eagrúchán le haghaidh an éirí amach. Thug sé óráid spreagúil ag uaigh an Fhínín Ó Donnabháin Rosa i mí Lúnasa 1915.

Léigh an Piarsach Forógra na Poblachta, a chum sé féin den chuid is mó, tar éis do na hóglaigh Ard-Oifig an Phoist a ghabháil. Roghnaíodh é mar Uachtarán ar an bPoblacht.

An 29 Aibreán, ghéill Mac Piarais agus daoradh chun báis é ar an 2 Bealtaine. An 3 Bealtaine, ar 3.30 ar maidin, bhí sé ar dhuine den chéad triúr a cuireadh chun báis.


Ealaíontóir: Sheppard, Oliver

1936 Cré-umha A: 70 X L: 65
Arna choimisiúnú ag an Stát, 1935 ART05106

Mí Feabhra 1935, thug an Rialtas coimisiún d’Oliver Sheppard RHA (1865-1941) chun dealbh bhrád de Phádraig Mac Piarais a dhéanamh do Theach Laighean. Ba chara leis an bPiarsach Sheppard agus ba mhinic a thugadh sé cuairt ar Scoil Éanna. Ba é an rogha ab fhearr é, mar sin, chun an dealbh a dhéanamh. Sa bhliain 1937, críochnaíodh an dealbh bhrád chré-umha, a bhfuil stíl laochta ag baint léi agus bláthfhleasc labhrais uirthi, agus leagadh i Seomra na Dála i dTeach Laighean í. Tar éis bhás Sheppard i 1941, thug a iníon Kathleen Sheppard múnla plástair an Phiarsaigh agus saothair eile don Ard-Mhúsaem. Tugadh an múnla plástair ar ais d’Oifig na nOibreacha Poiblí sa bhliain 1979 le haghaidh oscailt Scoil Éanna mar mhúsaem.

 5. O Murchadha Domhnall_Eamonn Ceannt_screen res Ceannt, Éamonn

Rugadh Éamonn Ceannt (1881-1916), réabhlóidí agus Éireannach Gaelach, mar Edward Thomas Kent ar an 21 Meán Fómhair 1881  i mBéal Átha Mó, Gleann na Madadh, Co. na Gaillimhe.

D’fhreastail Edward ar Scoil Náisiúnta De La Salle i mBaile Átha Fhirdhia, Co. Lú, ar Scoil na mBráithre Críostaí i nGeata Rí an Domhnaigh, Droichead Átha agus ar Scoil na mBráithre Críostaí, Sráid Risteamhan Thuaidh, Baile Átha Cliath.

Chuaigh sé le Sinn Féin i 1907, agus toghadh é chuig an gComhairle Náisiúnta. Earcaíodh i mBráithreachas Phoblacht na hÉireann (IRB) é sa bhliain 1911. Chuidigh Ceannt le táirgeadh nuachtán an IRB, Irish Freedom. Bhí sé ina bhall bunaidh d’Óglaigh na hÉireann nuair a bunaíodh iad i mí na Samhna 1913. Mar chaptaen ar chomplacht ‘A’, an Ceathrú Cathlán de na hÓglaigh i mBaile Átha Cliath, ghlac sé páirt i dtabhairt isteach raidhfilí ag Binn Éadair agus ag Cill Chomhghaill, Cill Mhantáin sa bhliain 1914.

I 1915, ceapadh mar bhall d’Ard-Chomhairle an IRB é, agus ceapadh ar an gComhairle Mhíleata, a bheartaigh Éirí Amach na Cásca, é.

I rith Sheachtain na Cásca, ghabh an cathlán Aontas Bhaile Átha Cliath Theas  agus a urphoist. Is san Aontas a bhí cuid den troid b’fhuiltí le linn an Éirí Amach.

Tugadh os comhair armchúirte i nDún Risteamhan é (an 3-4 Bealtaine) agus cuireadh chun báis é ar an 8 Bealtaine 1916 le scuad lámhaigh i bPríosún Chill Mhaighneann.


Ealaíontóir: Ó Murchadha, Domhnall

1961 Cré-umha A: 65 X L: 34
Arna choimisiúnú ag an Stát, 1961 ART01167

An 19 Meitheamh 1953, thug an Rialtas treoir don Roinn Airgeadais socrú a dhéanamh le hOifig na nOibreacha Poiblí chun dhá mhúnla cré-umha d’Éamonn Ceannt a dhéanamh, ceann le haghaidh Theach Laighean agus an ceann eile le haghaidh Dhánlann Náisiúnta na hÉireann. Sa bhliain 1958, tar éis dul i gcomhairle leis an Roinn Airgeadais agus le Dánlann Náisiúnta na hÉireann, iarradh ar roinnt dealbhóirí dearaí a chur isteach. An 14 Meitheamh 1958, tugadh coimisiún do John D Bourke. An 7 Bealtaine 1960, dúirt Bourke le hOifig na nOibreacha Poiblí nach raibh sé in ann an saothar a chríochnú. Mí Dheireadh Fómhair 1961, críochnaíodh dhá dhealbh bhrád chré-umha d’Éamonn Ceannt. Taispeánadh an dealbh bhrád ag Taispeántas Ealaíne an Oireachtais sa bhliain 1961. An 5 Aibreán 1963, tugadh dealbh amháin don Dánlann Náisiúnta agus cuireadh an dealbh eile i Seomra na Dála i mí Iúil 1963.

 6a. Murphy Seamus_James Connolly_screen res Ó Conghaile, Séamas

Rugadh Séamas Ó Conghaile (1868-1916), sóisialach agus ceannaire réabhlóideach, in Cowgate, Dún Éideann ar an 5 Meitheamh 1868. D’fhreastail sé ar Bhunscoil Chaitliceach Naomh Pádraig in Cowgate go dtí 1878.

Tar éis dul isteach i bPáirtí an Lucht Oibre Neamhspleách, bhí an Conghaileach ina eagraí ceardchumainn i mBéal Feirste. Sa bhliain 1913, gaireadh é le cuidiú le Séamas Ó Lorcáin i rith an fhrithdhúnta agus na hollstailce.

Sa bhliain 1914, tháinig Ó Conghaile i gcomharbacht mar Rúnaí Cúnta Feidhmeach ar an gCeardchumann Iompair, ceardchumann ar buadh orthu san ollstailc. An tráth céanna, ceapadh é ina eagarthóir ar nuachtán an Irish Worker. Ina theannta sin, bhí sé ina Cheannfort ar Arm Cathartha na hÉireann.

I ndeireadh 1915, tháinig Bráithreachas Phoblacht na hÉireann (IRB) chuige agus d’aontaigh siad ar éirí amach le chéile. Bhí Halla na Saoirse ina cheanncheathrú d’Arm Cathartha na hÉireann agus an Conghaileach á réiteach le haghaidh an éirí amach.

Bhí sé i gceannas ar dhá chéad duine in Arm Cathartha a ghlac páirt in Éirí Amach na Cásca. Mar Ard-Cheannfort ar fhórsaí na Poblachta i mBaile Átha Cliath, throid sé in Ard-Oifig an Phoist, go dtí an géilleadh ar an 29 Aibreán.

Ba é an duine deireanach é a cuireadh chun báis, le scuad lámhaigh, i bPríosún Chill Mhaighneann ar an 12 Bealtaine 1916.

Ealaíontóir: Murphy, Seamus

1960 Cré-umha A: 73 X L: 62
Arna choimisiúnú ag an Stát, 1959 ART01169

An 19 Meitheamh 1953, thug an Rialtas treoir d’Oifig na nOibreacha Poiblí dhá dhealbh bhrád phortráide de Shéamas Ó Conghaile a ordú le haghaidh Theach Laighean agus Dhánlann Náisiúnta na hÉireann chun comóradh a dhéanamh ar thírghráthóirí 1916. An 20 Deireadh Fómhair 1959, thug Oifig na nOibreacha Poiblí coimisiún don dealbhóir Seamus Murphy (1907-1975). An 20 Feabhra 1960, chríochnaigh Murphy an mhionsamhail chré. Mhol iníon Shéamais Uí Chonghaile, Nóra Connolly O’Brien, go ndéanfaí tuilleadh athruithe ar an dealbh nuair a scrúdaigh sí í. Faoin 15 Márta 1960, d’fhaomh Nóra Ní Chonghaile, Bean Uí Bhriain, an tsamhail. An 30 Samhain 1960, críochnaíodh dhá mhúnla cré-umha agus cuireadh go Baile Átha Cliath iad. Tugadh an mhionsamhail phlástair do Cheardchumann Oibrithe Iompair agus Ilsaothair na hÉireann, Halla Uí Chonghaile, Corcaigh. An 5 Aibreán 1963, tugadh cóip amháin den dealbh don Dánlann Náisiúnta agus cuireadh an dealbh eile i Seomra na Dála i mí Iúil 1963.

 7. Grant Peter_Joseph Plunkett_screen res 850 Pluincéad, Seosamh

Rugadh Seosamh Pluincéad (1887-1916), file, iriseoir agus réabhlóidí ar an 21 Samhain 1887 in uimhir 26 Sráid Mhic Liam Uachtarach, Baile Átha Cliath.

Tar éis dó freastal ar Scoil na hOllscoile Caitlicí, Sráid Líosain, d’fhreastail sé ar feadh tréimhse ghearr ar scoil de chuid na Muireach i bPáras agus ansin ar Choláiste Belvedere. Bhí teagascóirí baile príobháideacha aige freisin. Rinne sé staidéar ar an bhFealsúnacht ar feadh dhá bhliain i gColáiste Stonyhurst na nÍosánach, Lancashire, Sasana.

Chuaigh an Pluincéadach isteach in Óglaigh na hÉireann sa bhliain 1913 agus toghadh é ar an gCoiste Sealadach. Mí na Nollag 1914, ceapadh é ina Stiúrthóir ar Oibríochtaí Míleata agus céim Cheannfoirt aige.

D’úsáid sé an Irish Review chun bolscaireacht a dhéanamh d’Óglaigh na hÉireann. Tugadh isteach i mBráithreachas Phoblacht na hÉireann (IRB) é agus bhí sé ina príomhstraitéisí le linn an tÉirí Amach a phleanáil.

Mar bhall den Chomhairle Mhíleata, shínigh sé Forógra na Poblachta agus bhí sé sa Rialtas Sealadach. I rith an Éirí Amach, bhí sé leis an ngarastún ceanncheathrún in  Ard-Oifig an Phoist.

Tráthnóna an 3 Bealtaine, cúpla uair an chloig sular cuireadh chun báis é, phós Seosamh Pluincéad Grace Gifford sa séipéal i bPríosún Chill Mhaighneann. Chuir scuad lámhaigh an Pluincéadach chun báis ar an 4 Bealtaine 1916.



Ealaíontóir: Grant, Peter
 
1958 Cré-umha A: 54 X L: 54 ART01166

An 6 Bealtaine 1958, thug Oifig na nOibreacha Poiblí coimisiún don dealbhóir Peter Grant chun dealbh bhrád  de Sheosamh Pluincéad a dhéanamh. Mí Mheán Fómhair 1959, d’fhaomh an Rialtas an mhionsamhail chré.  Mí na Samhna 1959, rinne Morris Singer Ltd. dhá mhúnla cré-umha. An 5 Aibreán 1963, tugadh múnla cré-umha amháin don Dánlann Náisiúnta agus cuireadh an múnla cré-umha eile i Seomra na Dála i mí Iúil 1963. Sa bhliain 1966, fuair Grant cead ó Oifig na nOibreacha Poiblí an tríú múnla a dhéanamh le haghaidh Choláiste Belvedere, Baile Átha Cliath.