Conas a thagaim ann?
Cá bhfuil Teach Laighean?
Tá Teach Laighean suite ar Shráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2
Conas a thagaim ann?
Ar an DART: Táimid tuairim is 5 nóiméad ó Stáisiún na bPiarsach de shiúl na gcos
Ar an mbus: Stopann busanna bhealaí 10, 10a, 11, 11a, 15a, 15b, 25x, 40a, 46, 46a, 74, 74a, 84x, 128, 140, 142, 145 agus 746 ar Shráid Chill Dara (ag dul ó dheas) agus ar Shráid Dásain (ag dul ó thuaidh)
Ón mBusáras: Freastalaíonn bus uimhir 128 ar Bhusáras agus ar Shráid Chill Dara araon
Ó Stáisiún Traenach Heuston: Freastalaíonn busanna uimhir 92 agus 46E ar Shráid Chill Dara agus ar Stáisiún Heuston araon.
Ó Stáisiún Traenach Uí Chonghaile Freastalaíonn bus uimhir 128 ar Shráid Chill Dara agus ar Stáisiún Traenach Uí Chonghaile araon.
An stad Luas is gaire: Tá Teach Laighean laistigh de 5 nóiméad de shiúl na gcos de stad Fhaiche Stiabhna ar Líne Uaine an Luas.
I ngluaisteán: Sráid aon treo is ea Sráid Chill Dara agus an trácht ag gabháil ó dheas. Más ón taobh theas den chathair atá tú ag teacht cas ar dheis isteach i Sráid Dásain ó Fhaiche Stiabhna, agus cas ar dheis arís ansin ag Sráid Theach Laighean. Tá Teach Laighean díreach romhat.
Más ag teacht ón taobh thuaidh den chathair atá tú, lean imeall Choláiste na Tríonóide go Sráid Nassau, agus tóg an chéad chasadh ar dheis, díreach tar éis shiopa Kilkenny Design. Tá Teach Laighean leath slí suas an tsráid ar thaobh na láimhe clé.
Is trí gheata Shráid Chill Dara a scaoilfear daoine isteach go Teach Laighean ar an lá agus tá cuid mhór carrchlós sa cheantar inar féidir do charr a fhágáil. Tabhair do d’aire le do thoil nach mbeidh aon pháirceáil i dTeach Laighean ar an lá.
Carrchlós Dásain De réir mar atá tú ag gabháil suas Sráid Chill Dara tóg an chéad chasadh ar dheis tar éis Shráid Theach Laighean.
Carrchlós Setanta Tar éis casadh ar dheis ó Shráid Dásain isteach go Sráid Theach Laighean tóg an chéad chasadh ar chlé agus ansin an chéad chasadh ar dheis. Tá an bealach isteach sa charrchlós díreach ansin ar thaobh na láimhe clé.