Seirbhís Leabharlainne agus Taighde an Oireachtais
Is í Seirbhís Leabharlainne agus Taighde an Oireachtais leabharlann pharlaiminteach na hÉireann.
Is iad príomh-úsáidirí na Seirbhíse Comhaltaí aonair Thithe an Oireachtais, Coistí agus baill foirne na dTithe. Soláthraíonn an tSeirbhís Leabharlainne agus Taighde faisnéis agus taighde do na húsáidirí sin maidir lena ndualgais pharlaiminteacha. Bíonn an fhaisnéis agus an taighde go léir a sholáthraítear neamhchlaonta agus neodrach ó thaobh na polaitíochta de, toisc go bhfreastalaíonn Leabharlann an Oireachtais go comhionann ar gach comhalta.
Tá bailiúcháin Sheirbhís Leabharlainne agus Taighde an Oireachtais oscailte (trí shocrú a dhéanamh) do thaighdeoirí bona fide agus cuirtear páipéir thaighde roghnaithe ar fáil don phobal tríd an ngréasán. Cuirfear gnéithe de chatalóg agus de bhailiúcháin na Leabharlainne ar fáil don phobal faoin mbliain 2011 tríd an ngréasán.
Déan teagmháil linn:
An Lár-Dheasc Fiosrúcháin
Guthán: 00 353 1 6184701
library.and.research@oireachtas.ie