Tacaíonn Seirbhís Thithe an Oireachtais le hobair na Parlaiminte agus is iomaí ról éagsúil atá aici. Foghlaim tuilleadh faoi bheith ag obair i bParlaimint na hÉireann.
Fógraíonn agus líonann an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí folúntais i dTithe an Oireachtais go hiondúil. Má tá suim agat oibriú don Oireachtas, féach ar shuíomh gréasáin na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí, publicjobs.ie.
Bainisteoir Suímh Gréasáin
Tá comórtas á reáchtáil ag Seirbhís Thithe an Oireachtais chun an t-iarrthóir is fearr cáilithe a roghnú ag a bhfuil an t-eolas, na scileanna agus na tréithe riachtanacha le riachtanais an róil mar bhainisteoir suímh gréasáin san aonad cumarsáide i dTithe an Oireachtais a shásamh.
Tá eolas mionsonraithe faoi scóip an róil seo agus faoi na riachtanais iontrála i leabhrán an chomórtais.
Ní ghlacfar sa chomórtas seo ach le hiarratais chomhlánaithe a chuirfear chuig recruitment@oireachtas.ie agus a chuirfear isteach ar na foirmeacha iarratais oifigiúla. Is é an spriocdháta chun iarratais a fháil 1 p.m., Dé Máirt, an 21 Bealtaine 2024. Ní ghlacfar le hiarratais a fhaightear tar éis an spriocdháta.
Lá sa saol | SlaT
Is mise an chéad duine isteach i Seomra Léitheoireachta na gComhaltaí i dTeach Laighean ar maidin; mar sin déanaim cinnte go bhfuil an seomra réidh do na Comhaltaí a úsáidfidh inniu é. Seiceálaim agus nuashonraím an taispeántas foilseachán, leabhar, irisí agus nuachtán. Úsáideann Teachtaí Dála agus Seanadóirí as gach páirtí agus gan aon pháirtí Seomra Léitheoireachta na Leabharlainne
Lá sa saol | Foireann TCÉ
Cuirimid tús le hobair ár lae mar ateangairí Theanga Chomharthaíochta na hÉireann (TCÉ) sula bhfágann muid an teach, le síneadh riachtanacha ióga.
Déanann ateangairí comharthaíochta a lán de na gluaiseachtaí céanna arís agus arís eile agus is féidir le gortú athstraidhneála teacht as sin.
Lá sa saol | Díospóireachtaí
Tá tuairisceoirí parlaiminte, eagarthóirí agus foireann tacaíochta in Oifig na nDíospóireachtaí.
Pléann siad le suíonna Tí agus coiste, mar aon le ceisteanna parlaiminte, agus an Tuairisc Oifigiúil á cur i dtoll a chéile acu.
Lá sa saol | Uiséirí
Tagann na huiséirí ar an bhfoireann luath isteach ag 7 a.m. chun a n-éide a chur orthu, a raidiónna agus trealamh eile a bhailiú agus treoir a fhail don lá amach rompu.
Caithfidh siad a bheith ag a bpoist sula n-osclaíonn na geataí ar 7.30 a.m.
Sonraí Teagmhála
Seirbhísí Acmhainní Daonna
Teach Laighean
Sráid Chill Dara
Baile Átha Cliath 2
D02 XR20