Soláthraíonn Rannóg an Aistriúcháin seirbhísí aistriúcháin do Thithe an Oireachtais.
Cuireann Rannóg an Aistriúcháin aistriúcháin oifigiúla ar fáil ar Achtanna an Oireachtais agus ar Bhuan-Orduithe Dháil Éireann agus Sheanad Éireann. Cuirimid seirbhísí aistriúcháin ar fáil do Choimisiún Thithe an Oireachtais agus do Sheirbhís Thithe an Oireachtais. Cuirimid seirbhís aistriúcháin ar chomhfhreagras ar fáil do Theachtaí Dála agus do Sheanadóirí.
Féach
Achtanna an Oireachtais ar Achtanna.ie
Tabhair cuairt ar Achtanna.ie, áit a bhfeictear Achtanna an Oireachtais agus a n-aistriúcháin oifigiúla le hais a chéile. Seoladh leagan úr den suíomh gréasáin in 2024. Tá Achtanna ón mbliain 1922 go dtí an lá atá inniu ann le fáil air.
Cuirtear reachtaíocht phríomhúil agus aistriúcháin oifigiúla le hAchtanna.ie de réir mar a fhoilsítear iad.
Tiontuithe oifigiúla a foilsíodh le déanaí
8 Noll 2023
Achtaithe
An tAcht fá Choimisiún um Cheapacháin Bhreithiúnacha, 2023
Uimh. 33 de 2023
An Bille fá Choimisiún um Cheapacháin Bhreithiúnacha, 2022
Uimh. 42 de 2022
26 Meith 2023
Achtaithe
An tAcht um Chosaint Shibhialta, 2023
Uimh. 17 de 2023
An Bille um Chosaint Shibhialta, 2023
Uimh. 5 de 2023
25 Beal 2023
Achtaithe
An tAcht Leasa Shóisialaigh (Sochar Linbh), 2023
Uimh. 13 de 2023
An Bille Leasa Shóisialaigh (Sochar Linbh), 2023
Uimh. 41 de 2023
19 Beal 2023
Achtaithe
Acht na gCúirteanna, 2023
Uimh. 12 de 2023
Bille na gCúirteanna, 2023
Uimh. 32 de 2023
4 Aib 2023
Achtaithe
An tAcht Sláinte (Leasú), 2023
Uimh. 7 de 2023
An Bille Sláinte (Leasú), 2023
Uimh. 20 de 2023
21 Noll 2022
Achtaithe
An tAcht um Údarás Náisiúnta Forbartha Turasóireachta (Leasú), 2022
Uimh. 51 de 2022
An Bille um Údarás Náisiúnta Forbartha Turasóireachta (Leasú), 2022
Uimh. 88 de 2022
Treoir maidir le Gaeilge shoiléir a scríobh
Cuireadh treoir ghairid le chéile chun cabhrú le foireann Sheirbhís Thithe an Oireachtais Gaeilge a scríobh ar bhealach soiléir intuigthe. Is féidir leat an leagan is déanaí de a léamh anseo.
Céard a dhéanann Rannóg an Aistriúcháin?
- Aistriúchán ar cháipéisí oifigiúla
-
Cuirimid aistriúcháin oifigiúla ar fáil ar Achtanna an Oireachtais. Tá siad sin ar fáil ar shuíomh gréasáin Thithe an Oireachtais agus ar achtanna.ie.
Ní aistrímid Billí, ach cuirimid aistriúcháin oifigiúla ar fáil de Ghearrtheidil agus de Theidil Fhada Billí.
Aistrímid freisin Riar na hOibre don dá Theach, roinnt ionstraimí reachtúla agus Buan-Orduithe Dháil Éireann agus Sheanad Éireann.
- Aistriúchán eile
-
Síneann ár seirbhís aistriúcháin chuig comhfhreagras agus cáipéisí Comhaltaí a tháirgeann Coimisiún Thithe an Oireachtais cosúil le pleananna straitéiseacha agus tuarascálacha bliantúla. Tacaímid le hoifigí eile Sheirbhís Thithe an Oireachtais chun seirbhís dhátheangach a tháirgeadh.
- Ateangaireacht chomhuaineach
-
Cuirimid seirbhís ateangaireachta comhuainí ar fáil freisin do shuíonna de Dháil Éireann, de Sheanad Éireann agus de roinnt coistí.
Féadfaidh comhaltaí de cheachtar Teach den Oireachtas labhairt i nGaeilge nó i mBéarla le linn imeachtaí sa Dáil, sa Seanad agus sna coistí. Nuair a labhraíonn Teachtaí Dála agus Seanadóirí i nGaeilge sna Tithe, déantar an méid a deir siad a aistriú go comhuaineach ar mhaithe leis na Comhaltaí sin nach bhfuil Gaeilge acu. Tá sé de cheart ag daoine den phobal nó ag oifigigh a bhíonn i láthair choistí an Oireachtais Gaeilge nó Béarla a úsáid chomh maith. Foilsítear an Tuarascáil Oifigiúil ar imeachtaí na Dála, an tSeanaid agus na gCoistí sa teanga a roghnaigh an cainteoir.
- An Caighdeán Oifigiúil
-
Tá Rannóg an Aistriúcháin freagrach as graiméar oifigiúil caighdeánach na Gaeilge – An Caighdeán Oifigiúil – agus coinníonn sí gluaiseanna de théarmaíocht oifigiúil a bhíonn in úsáid sna hAchtanna. Faoi threoir an Phríomh-Aistritheora, tugann sí leaganacha oifigiúla ainmneacha Gaeilge na gcomhlachtaí agus scéimeanna Stáit sa reachtaíocht agus is í an Rannóg údarás náisiúnta an Stáit maidir le leagan Gaeilge de chonarthaí an Aontais Eorpaigh.
- Imeachtaí
-
Eagraímid imeachtaí chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn i dTeach Laighean.
Imeachtaí roimhe seo
- Rinne Tithe an Oireachtais ceiliúradh ar Sheachtain na Gaeilge, 2019 le léacht speisialta i dTeach Laighean ar an 5 Márta leis an Ollamh Gearóid Ó Tuathaigh. Breathnaíodh sa léacht ar bhunú Dháil Éireann in 1919 agus bunú Stát daonlathach na hÉireann.
- Leanadh lenár n-imeachtaí do Sheachtain na Gaeilge ar an 12 Márta nuair a d’fhéach Cuan Ó Seireadáin ar an tábhacht a bhí le 6 Sráid Fhearchair sna chéad chruinnithe a bhí ag Dáil Éireann in 1919. Is é Cuan Ó Seireadáin coimeádaí Chonradh na Gaeilge agus cathaoirleach Raidió na Life.
- D'eagraigh Tithe an Oireachtais léacht speisialta le Máire Geoghegan-Quinn an 6 Márta 2018 chun ceiliúradh a dhéanamh ar Sheachtain na Gaeilge. Labhair an t-iar-Aire agus an t-iar-Choimisinéir Eorpach faoina thábhachtaí atá ár dteanga náisiúnta di féin agus ina cuid oibre agus faoina saol agus faoina gairm i bpolaitíocht na hÉireann agus na hEorpa.
An Ghaeilge san Oireachtas
Bíonn an Ghaeilge le cloisteáil gach lá i seomra na Dála, i seomra an tSeanaid agus ar fud na dTithe i measc Comhaltaí, baill foirne agus cuairteoirí.
Téigh i dteagmháil le Rannóg an Aistriúcháin
Cé go gcuirimid fáilte roimh thuairimí agus moltaí, nílimid in ann freagra a thabhairt ar ríomhphoist aonair.
Rannóg an Aistriúcháin
Teach Laighean
Sráid Chill Dara
Baile Átha Cliath 2
D02 XR20
(01) 618 3922